Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an Príomhoifigeach Leighis Eatramhach an Plean Náisiúnta um Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Nollaig 2024
  • An t-eolas is déanaí: 17 Nollaig 2024

Sheol an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Mary Horgan, 'Bealaí chun Folláine - Plean Náisiúnta Um Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte' inniu. Is é seo an chéad Phlean Náisiúnta um Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte in Éirinn, a chomhlíonann tiomantas beartais, mar atá leagtha amach in Comhfhís: Beartas Meabhairshláinte do Chách agus in Plean Gníomhaithe Straitéiseach Éire Shláintiúilaraon.

Freagraíonn an Plean freisin don ghá atá le cur chun cinn meabhairshláinte ar leibhéal an daonra, mar a bhí léirithe leis an tionchar a bhí ag srianta na paindéime COVID-19. Tá sé mar aidhm aige daoine aonair agus na pobail ina bhfuil siad a neartú agus aghaidh a thabhairt ag an am céanna ar na bacainní struchtúracha ar dhea-mheabhairshláinte a bhaint amach ar leibhéal na sochaí.

Dúirt an tOllamh Horgan:

"Is céim thábhachtach é an Plean Náisiúnta um Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte i dtreo na físe d'Éire Shláintiúil a bhaint amach, áit ar féidir le gach duine taitneamh a bhaint as sláinte agus folláine fhisiciúil agus mheabhrach chun barr a gcumais a bhaint amach, agus áit a bhfuil meas agus tacaíocht tugtha don tsláinte ag gach leibhéal sa tsochaí.

"Is cloch mhíle shuntasach é Bealaí chun na Folláine ar an turas seo. Tá fianaise láidir idirnáisiúnta ann a léiríonn go mbíonn dea-thionchar ar fholláine an duine nuair a dhírítear ar chur chun cinn na meabhairshláinte, chomh maith le riosca do dheacrachtaí meabhairshláinte a laghdú. Díríonn na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean ar na príomhréimsí a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar fholláine mheabhrach a chur chun cinn ag leibhéal daonra."

Bhí fianaise idirnáisiúnta mar bhonn eolais ag an bPlean seo agus soláthraíonn sé bunús an chláir oibre a bheidh ag teastáil chun na spriocanna agus na cuspóirí ardleibhéil a bhaint amach. Is é an chéad chéim eile ná forbairt an phlean forfheidhmithe tras-rialtais in 2025.

Nótaí:

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat