Seolann an tAire Carroll MacNeill Aip Sláinte FSS nua
- Foilsithe: 25 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Márta 2025
Inniu, sheol Jennifer Carroll MacNeill TD, an tAire Sláinte, Aip Sláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) nua. Tugann an uirlis nuálach seo cumhacht d'othair trí rochtain éasca a sholáthar ar a gcuid faisnéise sláinte agus beidh sé ina dhoras tosaigh digiteach d'othair sna míonna agus sna blianta amach romhainn chun nascleanúint a dhéanamh agus rochtain a fháil ar an tseirbhís sláinte.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Is cloch mhíle spreagúil í inniu inár n-aistear chun taifid sláinte othar a dhigitiú le seoladh poiblí den chéad leagan dár n-Aip Sláinte FSS nua. Is cloch mhíle spreagúil í an Aip seo ina dtosaímid rochtain dhigiteach a thabhairt d'othair maidir lena gcuid faisnéise sláinte féin agus beidh sé níos éasca do gach duine nascleanúint a dhéanamh ar an tseirbhís sláinte.
"Is féidir linn a chinntiú anois go gcuirtear faisnéis sláinte ar fáil do gach othar, atá cruinn agus iontaofa. Má thugtar fógraí faoi choinní agus meabhrúcháin isteach de réir a chéile, beidh sé níos éasca do dhaoine a gcúram a bhainistiú.
“Tá a fhios agam go ndeachaigh foireann forbartha na hAipe i gcomhairle le roinnt eagraíochtaí othar freisin ionas go mbeidh a gcuid riachtanas mar chuid den phróiseas deartha, chun a chinntiú go bhfuil an Aip dírithe ar othair.
"Tá FSS ag obair le comhghleacaithe ar fud an rialtais chun Aip Sláinte FSS a chomhtháthú le Sparán Digiteach an Rialtais a eiseofar níos déanaí i mbliana."
Tá Aip Sláinte FSS tógtha leis na caighdeáin is airde slándála agus príobháideachais, ag cinntiú go gcosnaítear faisnéis sláinte phearsanta na n-othar, agus go bhfuil sí deartha chun bealach simplí agus slán a chur ar fáil d'othair maidir lena bhfaisnéis sláinte phearsanta, le cinntiú go bhfuil smacht acu chun a gcúrsaí sláinte féin a bhainistiú, go bhfuil rochtain acu ar fhoinsí faisnéise iontaofa cosúil le FSS Live, agus ar bhealaí cumarsáide feabhsaithe.
Ón lá inniu, is féidir le pé duine os cionn 16 bliana d'aois an aip a íoslódáil saor in aisce ó Google Play nó ón App Store, ach beidh feidhmiúlacht na chéad chéime an-úsáideach do mhná torracha.
Cuimsíonn an chéad leagan feidhmiúlacht a ligeann do dhaoine:
- Liosta digiteach de chógais fhéinfhógartha a iompar, chomh maith le liosta de chógais a bhfuarthas tríd an Scéim Íocaíochta Drugaí nó Scéim na gCártaí Leighis a fheiceáil.
- Do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC), cárta leighis, cárta den Scéim Tinneas Fadtéarmach (LTI), cárta den Scéim Íocaíochta Drugaí (DPS) agus cárta Cuairte DG a choinneáil air.
- Rochtain a fháil ar thaifid vacsaínithe fliú agus COVID-19.
- Eolas a fháil go héasca faoi sheirbhísí FSS, Ranna Éigeandála agus Aonaid Gortuithe ina measc.
- Coinní seirbhísí máithreachais a fheiceáil (do mhná atá ag iompar clainne).
Cuirfidh leaganacha eile atá beartaithe le linn 2025 ar chumas daoine:
- Rochtain a fháil ar eolas faoi choinní ospidéil phoiblí agus scagthástála d'othair phoiblí.:
- Atreoruithe agus eolas faoi amanna feithimh a fheiceáil.
- Seirbhísí breise faisnéise agus tacaíochta maidir le féinchúram a fháil lena n-áirítear tobac a sheachaint agus galar ainsealach a bhainistiú.
Beidh ar dhaoine a chinntiú go bhfuil Aitheantas MyGov acu. Tá sé seo ag teastáil chun a chinntiú go bhfuil an leibhéal fíordheimhnithe agus slándála is airde ag Aip Sláinte FSS. Mura bhfuil Aitheantas MyGov ag daoine, is féidir é seo a fháil ag www.mygovid.ie
Dúirt Bernard Gloster, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS:
"Tá go leor dul chun cinn déanta maidir le cumais sonraí agus teicneolaíochtaí digiteacha ár seirbhíse sláinte a nuachóiriú le blianta beaga anuas. Tá an seoladh seo de chéad leagan na hAipe Sláinte nua FSS mar an chéad chéim eile chun tosaigh inár dturas claochlaithe dhigitigh, agus muid ag iarraidh leas a bhaint as cumhacht na sonraí agus na nuálaíochta chun cabhrú le rochtain ar chúram d'othair a fheabhsú agus éifeachtúlachtaí a fheabhsú ar fud na seirbhísí. Trí úsáid agus forbairt leanúnach d’uirlisí digiteacha, cosúil le hAip Sláinte nua FSS, feicimid todhchaí ina bhfuil cumhacht agus eolas níos fearr ag ár n-othair faoina gcúram, chomh maith leis na daoine a thugann aire dóibh.
"Leanfaidh mé orm ag cinntiú go dtabharfaimid tús áite do rochtain mhéadaithe a chur ar fáil d'othair ar a gcuid sonraí agus idirghníomhú lenár seirbhísí sláinte chun a dtaithí a fheabhsú."
Dúirt Damien McCallion, Príomhoifigeach Teicneolaíochta agus Claochlaithe FSS,
"Is féidir le pé duine a bhfuil spéis acu an chéad leagan d'Aip Sláinte FSS a úsáid. Tugann sé rochtain shlán do dhaoine ar a dtaifid vacsaínithe COVID-19 agus fliú, liostaí digiteacha de chógais, cártaí leighis agus cártaí EHIC, iad go léir in aon áit amháin. Is féidir le mná atá torrach coinní máithreachais atá ag teacht in airde a fheiceáil san aip freisin.
"Níl seo ach an tús - is clár oibre é an aip atá ag athrú, le seirbhísí agus gnéithe nua beartaithe gach bliain, lena n-áirítear feidhmiúlacht na gcoinní a leathnú do gach coinne ospidéil phoiblí. Is tasc dúshlánach é seo ach tá sé mar phríomhthosaíocht againn é a sheachadadh do gach duine atá faoinár gcúram.
"Is gné amháin í an aip de dhigitiú na seirbhíse sláinte agus is tosaíocht mhór í agus muid ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin nua agus a chinntiú gur féidir linn an tseirbhís sláinte a theastaíonn agus atá tuillte ag an tír a chur ar fáil."
Chuaigh foireann forbartha na haipe i gcomhairle le roinnt eagraíochtaí a dhéanann abhcóideacht ar son daoine atá faoi mhíchumas agus d'oibrigh siad le Grúpa Comhairleach Othar chun riachtanais réimse leathan daoine a thuiscint. Chinntigh sé seo go gcloistear a gcuid riachtanas agus go bhfuil siad páirteach sa phróiseas deartha. Rinneadh tástáil ar an aip freisin le húsáideoirí a bhíonn ag brath ar theicneolaíocht chúnta, agus rinneadh iniúchadh uirthi lena chinntiú go sroicheann sí caighdeáin FSS agus Eorpacha maidir le hinrochtaineacht. Tá obair ar siúl le húsáideoirí na haipe chun feabhsuithe a aithint agus a chur i bhfeidhm ionas gur féidir linn gnéithe agus feidhmiúlacht nua a chur leis.
Beidh gnéithe na haipe amach anseo á dtreorú ag taighde agus teagmháil leanúnach le hothair, leis an bhfoireann agus leis an bpobal. Go dtí seo, tá Aip Sláinte an FSS ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, agus tá teangacha eile á bhfiosrú do leaganacha amach anseo.
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig www.hse.ie/health-app.
Nótaí
Tacaíocht agus inrochtaineacht
Tá HSE Live ann chun tacaíocht a sholáthar do dhaoine má bhíonn gá leis, agus an aip á úsáid acu.
Mura mian le daoine an aip a úsáid nó mura bhfuil siad in ann í a úsáid is féidir leo rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar chúram sláinte ar an ngnáthbhealach agus leanaimid de bheith ag obair le raon leathan eagraíochtaí deonacha, grúpaí abhcóideachta agus eagraíochtaí daoine faoi mhíchumas chun go mbeidh rochtain ag an oiread daoine agus is féidir ar an aip agus go mbeidh sí ina cabhair dóibh.
Nuair a bheidh an Taifead Náisiúnta um Chúram Comhroinnte curtha i bhfeidhm, cuirfidh an aip ar chumas daoine roghú cibé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn uathu go gcuideoidh duine den teaghlach seo acu, cúramóir nó duine iontaofa leo a gcúram sláinte a bhainistiú tríd an aip.
Slándáil sonraí, RGCS, MyGovID
Tá FSS an-dáiríre faoi chosaint faisnéis othar agus GDPR. Tugtar rochtain ar fhaisnéis sláinte trí MyGovID a úsáid.
Úsáidtear MyGovID chun rochtain a fháil ar raon ollmhór seirbhísí rialtais in Éirinn.
Chun rochtain a fháil ar d’fhaisnéis phearsanta sláinte (amhail taifead ar vacsaíní fliú/ vacsaíní COVID-19, cártaí scéime, nó coinní ospidéil), iarrfar ort logáil isteach san aip le do MyGovID fíoraithe. Tá sé seo tábhachtach chun a chinntiú go bhfuil rochtain ar do chuid faisnéise pearsanta slán.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi MyGovID ar shuíomh gréasáinMyGovID.
Forbraíodh Aip Sláinte FSS le cur chuige na Slándála trí Dhearadh. Rinneadh roinnt measúnuithe slándála maidir le Aip Sláinte FSS le comhpháirtithe seachtracha slándála agus tá muid fós i mbun tástála agus monatóireachta. Leanann an fhoireann forbartha de bheith ag cinntiú go mbíonn an tslándáil ag croílár gach cinneadh dearaidh maidir leis an aip.
An Creat Digiteach don Chúram
Cuid ríthábhachtach de sholáthar na freagartha nua-aimseartha sláinte agus cúraim shóisialta ar riachtanais na othar agus a dteaghlach, ar riachtanais iad a bhíonn ag athrú, is ea úsáid níos fearr a bhaint as nuálaíocht dhigiteach.
Mar chuid den Chreat Digiteach don Chúram, straitéis dhigiteach an Rialtais do sheirbhísí sláinte na hÉireann go dtí 2030, bainfidh FSS leas as teicneolaíocht dhigiteach agus sonraí digiteacha chun sláinte agus folláine ár bpobal a fheabhsú.
Cuirfear uirlisí digiteacha nua-aimseartha ar fáil don fhoireann cúram sláinte chun cúram níos fearr agus níos sábháilte a sholáthar. Bainfear úsáid as nuálaíocht dhigiteach agus réitigh dhigiteacha chun féinchúram, roghanna maidir le stíl mhaireachtála a chur chun cinn, cuidiú le galair do chosc agus do chóireáil agus chun diagnóis níos cruinne a sholáthar. Cuirfear ar chumas na gcliniceoirí agus na gcúramóirí faisnéis a roinnt go sábháilte ionas gur féidir leo cúram agus seirbhísí ardchaighdeáin, nasctha a sholáthar, ar cúram agus seirbhísí iad a mbeidh comhordú níos fearr i gceist leo maidir le riachtanais na n-othar.
In 2025, féachfaimid leis na nithe seo a leanas a bhaint amach:
- Faomhadh a fháil ón Rialtas maidir leis an gcás gnó don Taifead Sláinte Leictreonach (EHR) náisiúnta agus tús a chur leis an bpróiseas soláthair.
- Soláthar agus forbairt taifid digitigh náisiúnta ar chúram comhroinnte a thabhairt chun críche
- Tús a chur le tionscadal an Chórais Nasctha Pobal lena dtacófar le riaradh agus le seachadadh seirbhísí / cúraim laistigh de shuíomhanna cúram sláinte pobail agus ar fud na suíomhanna sin.
- Réitigh thábhachtacha a chur i bhfeidhm amhail an córas aonair imdhíonta náisiúnta, réiteach náisiúnta maidir le saotharlanna leighis agus seachadadh an Réitigh Íomháithe Náisiúnta (Raideolaíocht) a chur i gcrích.
Treoirthionscadal Ospidéal Máithreachais na hOllscoile Corcaigh
Míle buíochas leis na hothair, leis an bhfoireann agus leis na heagraíochtaí abhcóideachta; sibhse a chruthaigh an aip in éindí linn agus bhí sibh i bhur gcomhpháirtithe gníomhacha le linn an phróisis. Anuraidh rinneadh an aip a thriail in Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh (CUMH) agus fuarthas aiseolas dearfach ó na hothair agus ó na baill foirne. Chuidigh sé seo linn aiseolas luachmhar ó úsáideoirí a bhailiú chun an aip a fheabhsú, agus chun a chinntiú go bhfuil sé éasca le húsáid agus inrochtana.
Dúirt Claire O’Halloran, Stiúrthóir Cúnta Cnáimhseachais, Ospidéal Máithreachais na hOllscoile Corcaigh,
“Bhí baint agam leis an treoirtionscadal mar Stiúrthóir Cúnta Cnáimhseachais ag Ospidéal Máithreachais na hOllscoile Corcaigh. Rud a thaitin go mór liom faoin aip ná an chaoi ar thug sé rochtain dhíreach do mhná ar a gcuid faisnéise cúram sláinte féin ar bhealach soiléir, simplí agus éasca le tuiscint. Bhí máithreacha a bhí ag súil le páiste ag Ospidéal Máithreachais Ollscoile Corcaigh in ann a gcuid coinní a rianú agus nuashonruithe a fháil faoina n-aistear toirchis, rud a chuir ar a gcumas ról gníomhach a ghlacadh ina gcúram. Creidim gur fearr a bheidh an chumarsáid idir othair agus an fhoireann freisin - má bhraitheann mná go bhfuil níos mó eolais agus muiníne acu, is fiúntaí a bheidh ár bplé leo dá bharr."
Measann Liosa Horgan, máthair Jude (10 seachtaine d'aois) agus Archie (2 bhliain go leith d'aois) go mbeidh an aip nua ina chabhair do mháthracha agus do ghairmithe cúram sláinte:
“Bhí mé ag súil le Jude le thart ar 25/26 seachtaine anuas nuair a fuair mé ríomhphost maidir leis an taighde ar an aip. An cluaisín le haghaidh coinní - sin é an rud is mó a d’úsáid mé. Bhí mé ag dul go dtí mo choinní máithreachais agus coinne fisiteiripeora freisin. Bhí sé thar a bheith áisiúil gach rud a bheith in aon áit amháin agus smacht a bheith agam ar chúrsaí. Oibrím freisin mar theiripeoir saothair i gcúram príomhúil, i gCorcaigh, agus tuigim go mbíonn tuismitheoirí thar a bheith gnóthach. Sábhálfaidh na foláirimh agus meabhrúcháin aipe am ó thaobh chúrsaí riaracháin de.
“Níl aon míbhuntáiste ag baint leis an aip a úsáid, dar liom, is maith ann di mar sheirbhís máithreachais eile. Nuair a bhíonn tú ag súil le do dhara nó tríú leanbh ach go háirithe tréimhse ghnóthach a bhíonn ann agus bíonn sé áisiúil teacht a bheith agat ar choinní agus ar fhaisnéis in aon áit amháin. Gach rud in aon áit amháin ón FSS, foinse mhaith fíoraithe.”
Roinneann Hélène Troissant, máthair Aaron (3) agus Ella (2 mhí) an taithí a bhí aici maidir le hAip Sláinte FSS le linn a dara toirchis in Ospidéal Máithreachais na hOllscoile Corcaigh:
“Ar dtús fuair mé litir ón FSS inar tugadh cuireadh dom páirt a ghlacadh i dtaighde maidir le hAip Sláinte FSS. Ní raibh ach ceithre mhí de mo dhara toirchis curtha dím ag an am, agus dúirt mé liom féin tá sé seo ar fheabhas, is trua nach raibh sé agam le linn mo chéad toirchis!
"Is mór an chabhair a bhí inti. Choinnigh mé mo choinní go léir in aon áit amháin freisin leis an aip. Mar sin, má chailleann tú do chárta coinne beidh tú ceart toisc an uile ní a bheith scríofa síos ar an aip. Bhí liosta agam freisin de na cógais a bhí á nglacadh agam, rud a bhí áisiúil mar ní cuimhin liom riamh iad. Is tábhachtach liom slándáil sonraí agus príobháideachas toisc go bhfuil mé ag obair sa réimse sin i dtionscal na teicneolaíochta. Mheas mé go raibh an aip an-slán, faigheann tú rochtain trí mhéarloirg agus trí d’aitheantas MyGov.”