English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Hildegarde Naughton Babhta 4 den Chlár Éire Shláintiúil do Chontae Ros Comáin 2023 - 2025

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Lúnasa 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tabharfaidh an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton cuairt inniu ar Chomhairle Contae Ros Comáin le haghaidh seoladh oifigiúil Babhta 4 an Chiste Éire Shláintiúil 2023 – 2025.

Buailfidh an tAire le hionadaithe ó Chomhairle Contae Ros Comáin, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus le roinnt de na comhpháirtithe pobail a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí agus áiseanna a sholáthar chun saol na bpobal i Ros Comáin a fheabhsú.

Tacaíonn cistí Éire Shláintiúil le tionscnaimh atá dírithe ar gach aoisghrúpa, go háirithe leanaí, ógánaigh agus daoine óga, daoine scothaosta, iad siúd atá ina gcónaí i bpobail faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas.

Ag labhairt dó i Ros Comáin roimh an seoladh, dúirt an tAire Naughton:

“Tá comhpháirtíocht seanbhunaithe ag Éire Shláintiúil lenár bpáirtithe ó na hÚdaráis Áitiúla, ag obair i gcomhar le chéile chun sláinte agus folláine ár ndaonra a fheabhsú.

“Tá sé iontach a bheith anseo i Ros Comáin inniu chun clár Babhta 4 Éire Shláintiúil a sheoladh don chontae. Soláthraíonn tionscadail Éire Shláintiúil feabhsuithe an-phraiticiúil ar shaol na ndaoine a théann i dteagmháil leo agus a dhéanann difríocht intomhaiste do phobail.

“Is ábhar misnigh é a leithéid de thionscadail éagsúla a fheiceáil curtha in oiriúint do riachtanais na bpobal i Ros Comáin.”

Tá cláir Éire Shláintiúil deartha chun gníomhú in aghaidh agus cosc a chur ar thorthaí diúltacha sláinte mar thoradh ar chaitheamh tobac, alcól, réim bia easpach, neamhghníomhaíocht fhisiciúil agus murtall chomh maith le dul i ngleic leis na fachtóirí sóisialta agus comhshaoil níos leithne a mbíonn tionchar acu ar shláinte agus folláine.

Le linn a cuid ama i gContae Ros Comáin, glacfaidh an tAire Naughton an deis cuairt a thabhairt ar an Melting Pot a sholáthraíonn béilí blasta sláintiúla ar chostas íseal dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu ar fud an phobail. Tabharfaidh an tAire cuairt freisin ar Ghailearaí Anam agus bainfidh sé leas as turas siúil timpeall an bhaile chun a fheiceáil dó féin conas atá infheistíocht i dtionscadail siúlóide agus rothaíochta ag dul i bhfeidhm go mór ar shláinte agus ar fholláine an phobail.


Nótaí

I measc na moltaí a cheadaíodh i Ros Comáin tá:

  • Feirmeoirí Aclaí - clár chun leibhéil ghníomhaíochta coirp feirmeoirí 45-65 bliain d'aois a mhéadú.
  • Idirbhliain Ar Do Rothar – clár chun líon na mac léinn a théann ar rothar ar scoil a mhéadú.
  • Campaí éagsúlachta sacair – dírithe ar fhir, ar mhná agus ar pháistí sna Romaigh agus sa Lucht Siúil.
  • Campaí spóirt do leanaí – chun leanaí idir 5 agus 17 mbliana d’aois a spreagadh chun triail a bhaint as foirmeacha nua de gníomhaíocht fhisiciúil.
  • Gníomhaíochtaí aoisbháúil – cláir chun sláinte iomlán an phobail aosta a mhéadú.
  • Coillearnacha don tSláinte – clár siúil chun folláine mheabhrach a fheabhsú do dhaoine fásta.

Bunaíodh an Ciste Éire Sláintiúil i 2017. Chuir babhtaí 1-3 airgead ar fail le haghaidh roinnt phostanna comhordaitheora sna hÚdaráis Áitiúla agus chuir sé maoiniú ar fáil le tograí a bhí bunaithe a bheag nó a mhór ar chláir ghníomhaíocht-threoraithe.

Bainistíonn Pobal an ciste thar ceann Éire Shláintiúil.

Tá babhta 4 bunaithe ar chur chuige torthaí-bhunaithe le comhaontuithe deontas ilbhliantúla. Tógtar torthaí go díreach ón gCreat Torthaí Éire Shláintiúil. Is é seo an creat náisiúnta gníomhaíochta chun sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a fheabhsú. Forbraíodh Éire Shláintiúil mar

fhreagra ar roinnt dúshlán sláinte suntasach, lena n-áirítear arduithe suntasacha réamh-mheasta ar leibhéil an ghalair ainsealacha inchoiscthe agus éagothroime sláinte atá ag dul i méid.

Is postanna lán-aimseartha iad comhordaitheoirí Éire Sláintiúil, atá maointihe ag an CÉS agus lonnaithe i ngach Údarás Áitiúil.

Tá maoiniú de €75,000 curtha ar fáil do gach Údarás Áitiúil in 2023 do na tograi atá deartha ag leibhéal áitiúil agus measúnaithe ag Pobal agus faofa ag an bhfoireann Éire Shláintiúil