Seolann an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Níos Sine agus an tAire Rialtais Áitiúil agus Pleanála Sláintecare agus Clár do Thithe Aoisbháúla Folláin Náisiúnta Uile-Éireann
- Foilsithe: 13 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 14 Iúil 2021
Sheol an tAire Stáit um Mheabhairshláinte agus Daoine Níos Sine, Mary Butler TD, agus an tAire Stáit don Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Peter Burke TD, clár nua inniu dírithe ar thacú le daoine fásta níos sine leanúint leo ina gcónaí ina dtithe agus pobail féin.
Tá Sláintecare agus Éire Aoisbháúil i gComhairle Contae na Mí freagrach as feidhmiú céimneach ar an gclár coiteann seo dár teideal ‘Bailte Aoisbháúla Folláine’, thar naoi limistéar an Údaráis Áitiúil. Is tionscnaíocht nua í sin, le maoiniú ó Sláintecare, ar aidhm léi a cheadú do dhaoine níos sine leanúint ina gcónaí ina dtithe féin nó i dteach níos oiriúnaí dá riachtanais.
Is aidhm leis an gclár seo suas go dtí 4,500 teach a shroicheadh thar naoi limistéar an Údaráis Áitiúil ar feadh dhá bhliana. Beidh na daoine níos sine sin aitheanta le riachtanais chúram sóisialta suntasacha agus faoi riosca seal san ospidéal nó dul faoi chúram altranais ró-luath. Is aidhm leis an gclár seo tacaíochtaí a dhíriú chun feabhas a chur ar chaighdeán saoil daoine níos sine agus rochtain a fheabhsú ar chúram sláinte agus sóisialta leanúnach agus tacaíochtaí pobail oiriúnaithe. Tacóidh na Comhordaitheoirí Áitiúla le daoine níos sine agus lena dteaghlaigh chun breathnú ar na seirbhísí, á nascadh leis na tacaíochtaí agus seirbhísí chuí.
Ar deireadh, is aidhm leis an gcur chuige seo:
- Tacaíocht a thabhairt chun nach gá dul faoi chúram altranais go fadtréimhseach ró-luath sa saol.
- Ceadú do dhaoine níos sine leanúint leo ina gcónaí ina dtithe nó áit níos oiriúnaí dá riachtanais (Méid ceart)
- Maireachtáil ar bhealach neamhspleách agus féinrialaitheach, agus
- A bheith mar chuid dá bpobail féin
Dúirt an tAire Stáit um Mheabhairshláinte agus Daoine Níos Sine, Mary Butler TD:
“Agus muid ag smaoineamh faoin saol níos déanaí, b’fhearr leis an gcuid is mó againn fanacht chomh fada agus is féidir inár dtithe, lenár gcairde, daoine is ansa linn, agus pobal a aithnímid go maith. Táimid tiomanta go hiomlán, i dteannta leis an Rialtas go léir, do gach iarracht indéanta chun seans a thabhairt do dhaoine níos sine leanúint leo ina gcónaí sa bhaile le dínit agus neamhspleáchas. Is an-tábhachtach é an Clár Tithe Aoisbháúla Folláine á sheoladh inniu, le maoiniú Sláintecare, chun seachadadh ar an bpolasaí seo.”
Dúirt Laura Magahy, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Sláintecare:
“Is comhoibríocht uathúil é an clár Tithe Aoisbháúla Folláine idir Sláintecare agus an rialtas áitiúil a cheadóidh do dhaoine maireachtáil níos faide níos folláine ina dtithe féin. Sna blianta le teacht, beidh muid ag labhairt le suas go dtí 4,500 teach thar 9 Údarás Áitiúil. Beidh ár gcomhordaitheoirí áitiúla ag gníomhú mar chatalaíoch do chúram láraithe ar dhuine i gcroílár físe an Rialtais i gcomhair Éirinn Aoisbháúil.
"Ceann d’aidhmeanna Sláintecare ná rochtain thráthúil, shábháilte ar chúram agus cur chun cinn sláinte agus folláine. Beidh an clár nuálaíoch nua seo ag seachadadh ar an aidhm seo, ag ceadú do dhaoine níos sine fanacht ina dtithe agus pobail féin, chomh fada agus is féidir, ionas nach gá dóibh dul i gcúram theach altranais fadtréimhseach ró-luath.”
Ag labhairt faoin gClás nua Tithe Aoisbháúla Folláine, dúirt an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Peter Burke,
“Beidh Tithe Aoisbháúla Folláine ina uirlis thábhachtach chun daoine níos sine a aithint a d’fhéadfadh tacaíocht a bheith de dhíth orthu agus conas is fearr dúinn an tacaíocht sin a sheachadadh, chun sláinte níos fearr a chothú do dhaoine níos sine. Is ard-tosaíocht í an tithíocht le linn pobail aoisbháúla a fhorbairt agus tacú le daoine níos sine fanacht folláin agus dul in aois san áit is fearr. Leanann obair ar aghaidh le cinntiú go gcuirfear riachtanais tithíochta ár ndaonra ag dul in aois i “bpolasaí Tithíochta do Chách’ an rialtais” agus mar Aire le freagracht as tithíocht do dhaoine níos sine, tá mé ag obair go dian air sin”.
Dúirt Jackie Maguire, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Mí agus óstálaí Seirbhíse Roinnte Éire Aoisbháúil,
“Tá áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht le Sláintecare chun an clár seo a sheachadadh a ofrálann deis chun a cheadú do dhaoine níos sine fanacht ina gcónaí go neamhspleách ina dtithe agus pobail féin leis na tacaíochtaí chearta.”
-----
Nótaí don Eagraitheoir
Léiríonn taighde gur mian leis an gcuid is mó daoine fanacht ina dtithe féin agus iad ag dul in aois. D’ainneoin sin, is minic a thagann dúshlán ar an mian sin toisc nach bhfuil a dtithe oiriúnach, má éiríonn a gcuid riachtanais níos déine, a n-acmhainn airgeadais nó a gcuid soghluaisteachta níos lú. Leis an measúnú agus idirghabháil ceart, is féidir leis an timpeallacht chónaithe a bheith athraithe ó riosca sláinte i dtreo tacaíochta sláinte.
An cur chuige a ghlacann an Clár Tithe Aoisbháúla Folláine ná tacú le daoine níos sine ina dtithe féin le dínit agus neamhspleáchas, chomh fada agus is féidir. Is uaillmhian leis an gclár a cheadú do gach duine saolta folláine níos faide a bheith acu, ag coinneáil cúraim in aice leis an mbaile agus ag fairsingiú réimse seirbhísí chúraim sláinte agus sóisialta sa phobal. Tá sé seo tábhachtach go háirithe do dhaoine níos sine, a fhaigheann rochtain ar na seirbhísí sin níos minice. Baineann sé le ráimse ailtéarnacha a sholáthar do dhaoine níos sine a d’fhéadfadh siad dul faoi chúram altranais fadtréimhseach ró-luath murach sin.
Earcaíodh Clár Tithe Folláine - Bainisteoir Náisiúnta chun feidhmiú céimneach a réadtiomnú don chlár in éineacht le naoi gcomhordaitheoir áitiúil tiomnaithe - Clár Tithe Folláine a bheidh freagrach as an feidhmiú céimneach áitiúil. Déanfaidh comhordaitheoir áitiúil bainistíocht ar chás pacáiste tacaíochta do gach duine a thagraítear don chlár, ag nascadh tacaíochtaí ó go leor gníomhaireachtaí phoiblí, dheonach, phríobháideach agus phobail sa cheantar.
Beidh ceannasaíocht choiteann ag an gclár nua seo thar 9 limistéar an Údaráis Áitiúil:
Comhairle Contae Chorcaigh, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae agus Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae is Cathrach Luimnigh, Comhairle Contae Dheisceart Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Thiobrad Árann, Comhairle Contae an Iarmhí.
Sláintecare | An Roinn Sláinte
Is é Sláintecare an Clár chun feabhas mór a chur ar ár seirbhísí sláinte agus cúraim sóisialta. Is treochlár é chun seirbhís chúram sláinte agus sóisialta den chéad scoth a thógáil do mhuintir na hÉireann. Is fís le Sláintecare córas chúram sláinte agus sóisialta uilíoch ar shraith amháin a bhaint amach ina mbeidh rochtain cothrom ag gach duine ar na seirbhísí ar brath ar riachtanas, ní cumas íocaíochta.
Éire Aoisbháúil | feidhm Sheirbhíse Roinnte an Rialtais Áitiúil
Baineann an Clár Aoisbháúil le cur chuige ilghníomhaireachta, il-ranna d’fhoráil seirbhíse agus pleanáil aoise. Cabhraíonn an clár le cathracha agus contaetha a bheith níos ionchuimsithí do dhaoine níos sine, ag dul i ngleic lena mbuairtí sainráite agus ag cothú freagraí praicticiúla dírithe ar chaighdeán saoil gach saoránaithe a fheabhsú. Oibríonn Éire Aoisbháúil (AFI), feidhm sheirbhíse roinnte na n-údarás áitiúla, óstáilte ag Comhairle Contae na Mí, trí ghréasán naisiúnta Cláir Aoisbháúla i ngach údarás áitiúil.
I gcomhair a thuilleadh eolais labhair le:
Rosaleen Harlin, Oifig Chur i bhFeidhm Chlár Sláintecare
T: +353 (0) 1 6354066
M: +353 (0) 87 4580543
E: rosaleen_harlin@health.gov.ie
Rachel Leavy, Oifig Chumarsáide Éire Aoisbháúil
T: +353 (046) 9097413
M: + 353 (0) 85 8745676