English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Murnane O'Connor staidéar nua ar ródháileog drugaí neamh-mharfach

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Feabhra 2025
  • An t-eolas is déanaí: 10 Feabhra 2025

Sheol an tAire Stáit atá freagrach as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O'Connor, tuarascáil inniu dar teideal 'Ródháileog Neamh-Mharfach: Anailís Deich mBliana ar Ospidéil Lár na Cathrach agus Treochtaí Náisiúnta ar fud na hÉireann (2011-2021)', arna scríobh ag taighdeoirí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Choimisiúnaigh an Tionscnamh Lárchathrach Thoir Thuaidh (NEIC), a bhí bunaithe ag an Rialtas, an taighde, tionscnamh a bhfuil an tUasal Jim Gavin ina chathaoirleach air. Déantar anailís ann ar chúinsí 786 ródháileog in dhá ospidéal i mBaile Átha Cliath thar thréimhse deich mbliana. Soláthraíonn an taighde fianaise nua bhreise chun tuiscint níos fearr a fháil ar na fachtóirí a bhaineann le ródháileog drugaí.

Fuarthas amach sa staidéar go bhfuil lár chathair Bhaile Átha Cliath fós ina teophointe do ródháileog drugaí neamh-mharfach, arna spreagadh ag dúshláin shocheacnamaíocha, rochtain theoranta ar thacaíochtaí fadtéarmacha agus leitheadúlacht ard d’úsáid opioid.

Déanann an taighde moltaí maidir le rochtain ar sheirbhísí, straitéisí laghdaithe díobhála agus idirghabhálacha a d'fhéadfadh torthaí tragóideacha a chosc. Tá na moltaí tráthúil i bhfianaise fhorbairt na Straitéise Náisiúnta Drugaí nua, agus cuirfear san áireamh iad i gceapadh beartais sa réimse seo.

Dúirt an tAire Murnane O’Connor:

"Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don chumha agus don bhrón a mhothaíonn na teaghlaigh atá faoi mhéala ag bás duine muinteartha ‘s acu mar gheall ar ródháileog drugaí.

"Ní mór don tsochaí tuilleadh a dhéanamh chun ródháileog mharfach agus neamh-mharfach drugaí a chosc. Is í an luath-idirghabháil an freagra. Is é an ról atá agam mar dhéantóir beartais drugaí ná tacú le hobair laghdaithe díobhála na foirne ag an túslíne agus acmhainní a chur ar fáil di, ionas gur féidir linn idirghabháil a dhéanamh níos luaithe chun ródháileog drugaí a laghdú agus chun a iarmhairtí marfacha a chosc.

"Ceann de na hidirghabhálacha sin is ea an tSaoráid Insteallta Mhaoirsithe, a osclaíodh i lár chathair Bhaile Átha Cliath ag deireadh mhí na Nollag. Is é príomhchuspóir na saoráide ná ródháileog a chosc. Ó osclaíodh an áis seo sé seachtaine ó shin, tá 664 cuairt tugtha air, ó níos mó ná 196 duine. Tá baill foirne san áis tar éis dul i ngleic le 15 ródháileog laistigh den am seo, agus níor theastaigh aistriú ospidéil ó aon cheann acu.

"Gabhaim buíochas leis an NEIC agus le Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil Lár na Cathrach Thuaidh as an staidéar tábhachtach seo a fhoilsiú agus aithním soláthraithe seirbhíse drugaí agus freagróirí éigeandála as a dtiomantas chun an dochar a bhaineann le húsáid drugaí a laghdú."

Dúirt an príomhúdar, an tOllamh Jo-Hanna Ivers, Scoil an Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath:

"Leagtar béim sa tuarascáil seo ar scála agus ar chastacht de cheist ródháileoige in Éirinn atá ag dul i méid. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta againn maidir le cóireáil, teastaíonn freagraí spriocdhírithe bunaithe ar fhianaise ó threochtaí drugaí atá ag athrú. Tá sé ríthábhachtach tacaíochtaí síceolaíocha agus sóisialta a leathnú, dáileadh nalocsóin a mhéadú, agus comhordú a fheabhsú ar fud na seirbhísí, go háirithe ó ospidéil go sainseirbhísí chun ródháileog a chosc agus beatha daoine a shábháil."

Ag cur leis an méid sin, dúirt Cathaoirleach den Tascfhórsa Thuaisceart Lár na Cathrach, Baile Átha Cliath, an Dr Austin O Carroll:

"Níl aon idirghabháil sláinte aitheanta ann do dhaoine a thagann chuig seirbhísí sláinte tar éis ródháileog neamh-mharfach. Ach faigheann go leor acu bás ina dhiaidh sin, mar gheall ar ródháileog mharfach. Is tragóid í seo. Is é an taighde seo an chéad chéim chun cabhrú le daoine atá i mbaol ródháileoige aghaidh a thabhairt ar a n-andúil, chun an seans go bhfaighidh siad bás mar gheall ar ródháileog mharfach níos déanaí sa saol a laghdú."

Dúirt Cathaoirleach den tionscnamh NEIC Jim Gavin:

"Príomhfhórsa tiomána do Thionscnamh Lárchathrach Thoir Thuaidh (NEIC) ó bunaíodh é ná aghaidh a thabhairt ar dhíobháil a bhaineann le drugaí sa phobal. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid doiciméadú ar na himeachtaí tragóideacha seo, go dtuigimid na cúinsí ina dtarlaíonn siad agus go bhfoghlaimeoimid conas is féidir iad a chosc. Cuid thábhachtach dár dtuiscint ar ródháileog drugaí is ea ródháileog neamh-mharfach, a fheidhmíonn mar tháscaire luath do ródháileog mharfach a d'fhéadfadh a bheith ann. Tá sé tábhachtach dearcadh náisiúnta a bheith agat mar tá an méid atá ag tarlú i lár chathair Bhaile Átha Cliath ábhartha ar fud na tíre freisin."


Nótaí:

Cuireadh tús le Tionscnamh NEIC i mí Iúil 2016, nuair a sheol an Rialtas mórthionscnamh chun maoirseacht a dhéanamh ar athghiniúint fhadtéarmach shóisialta agus eacnamaíoch Lárchathair Thoir Thuaidh Bhaile Átha Cliath. Mar gheall ar an minicíocht ard de ródháileog drugaí i lár na cathrach, bhí gá le hanailís ar an gceist.

I mí na Nollag 2024, tugadh ceadúnas do Merchants Quay Ireland chun an chéad Saoráid Insteallta Mhaoirsithe (SIF) píolótach in Éirinn a oibriú, faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí (Saoráidí Insteallta Maoirsithe), 2017. Is é príomhchuspóir na saoráide nua ná ródháileog a chosc, trí thimpeallacht shábháilte faoi mhaoirseacht leighis a sholáthar chun drugaí a instealladh. Tá sé mar aidhm aige an dochar don chohórt leochaileach seo d’úsáideoirí drugaí i measc an phobail a laghdú.

Sa tréimhse ó osclaíodh í (22 Nollaig 2024 – 04 Feabhra 2025), bhí 664 cuairt ar an áis seo, ó níos mó ná 196 duine aonair. Tá idirghabháil déanta ag baill foirne atá oilte ó thaobh leighis de ag an áis i 15 ródháileog laistigh den am seo, agus ní raibh aistriú ospidéil ag teastáil ó aon cheann acu.