Seolann an tAire Sláinte an Comhfhóram Eora-Mheiriceánach um Ailse
- Foilsithe: 25 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tá feabhas tagtha ar sheirbhísí cóireála agus scagthástála de thoradh maoinithe os cionn €50 milliún a leithdháileadh faoin Straitéis Náisiúnta Ailse ó 2020 i leith, rud a thacaíonn le breis agus 400 ball foirne a earcú
- Tríd an €37.6 milliún de mhaoiniú taighde ó 2020, cuireadh tacaíocht ar fáil d'fhorbairt bhonneagair le haghaidh trialacha cliniciúla ailse
- Tá feabhas beagnach 50% tagtha ar rátaí marthanais in Éirinn i gcomparáid le fiche bliain ó shin
Sheol an tAire Sláinte Stephen Donnelly an Comhfhóram Eora-Mheiriceánach um Ailse i dTeach Farmleigh, Baile Átha Cliath, inniu. Tríd an bhfóram seo, bailíonn eagraíochtaí ailse a bhfuil cáil dhomhanda orthu le chéile, lena n-áirítear an Eagraíocht Eorpach Ailse, an Cumann Meiriceánach um Oinceolaíocht Chliniciúil, Scoil Eorpach na hOinceolaíochta, agus Institiúid Náisiúnta Ailse na Stát Aontaithe, mar aon leis an Institiúid Taighde Ailse Uile-Oileáin (AICRI) agus an Clár Náisiúnta um Rialú Ailse (NCCP), iad uilig leis an aidhm chun tuilleadh taighde a dhéanamh ar ailse in Éirinn agus ar fud an domhain.
I mí an Mhárta 2024 rinneadh comóradh 20 bliain ar an gcosc ar chaitheamh tobac san ionad oibre a thabhairt isteach. Ba í Éire an chéad tír ar domhan a thug isteach an beartas tábhachtach sláinte poiblí seo, ar ghlac 78 tír ar fud an domhain leis ó shin. In 2024 fosta, ceiliúrtar comóradh 25 bliain de Chuibhreannas Ailse na hÉireann - Tuaisceart Éireann - Institiúid Náisiúnta Ailse na Stát Aontaithe.
Is é cuspóir an tionscnaimh thríthaobhaigh seo minicíocht agus básmhaireacht ailse a laghdú agus cabhrú leo siúd le hailse agus leo siúd le biseach orthu ón ailse ar fud oileán na hÉireann. Spreag an tionscnamh comhpháirtíochtaí trasteorann agus trasatlantacha i dtaighde agus rialú ailse agus is toradh díreach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta é. Leithdháileadh €1.2 milliún tríd an gCuibhreannas in 2024 do thionscadail taighde a oibríonn ar bhonn trípháirteach chun comhoibriú i dtaighde ailse a chur chun cinn.
Agus an Fóram á sheoladh aige, dúirt an tAire Donnelly:
"Is deis é Fóram an lae inniu ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí Thuaidh-Theas agus Trasatlantach maidir le hailse, go háirithe trí Ionad Ailse an Iarthuaiscirt, agus an Cuibhreannas Ailse a bhain tairbhe as ionchur saineolaithe ó Institiúid Náisiúnta Ailse na Stát Aontaithe. In Éirinn, chonaiceamar feabhsuithe ar rátaí marthanais agus ar thorthaí othar mar gheall ar chur chuige náisiúnta comhroinnte a raibh baint aige leis an gClár Náisiúnta um Rialú Ailse, foirne ailse in ospidéil ainmnithe, taighdeoirí agus eagraíochtaí othar agus deonacha. Léiríodh tiomantas an Rialtais seo d'ailse trí infheistíocht shuntasach os cionn €50 milliún a chur ar fáil do chóireáil agus scagthástáil ailse trínár Straitéis Náisiúnta Ailse, agus trí mhaoiniú €37.6 milliún a leithdháileadh do thaighde ailse."
Ag labhairt dó ar thábhacht an taighde i rialú ailse, lean an tAire Donnelly ar aghaidh:
“Más mian linn go leanfadh ár seirbhísí náisiúnta ailse ag feabhsú, tá sé ríthábhachtach go bhforbróimid cleachtais nuálacha, agus tá comhoibriú trasteorann agus idirnáisiúnta maidir le taighde ailse agus foghlaim chomhroinnte ríthábhachtach. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag obair le chéile, go náisiúnta, ar an oileán seo, san Eoraip agus ar fud an domhain chun a chinntiú go bhfuil an caighdeán saoil is fearr is féidir ag daoine."
Leag an tAire Donnelly béim freisin ar fheabhsuithe suntasacha ar thorthaí ailse:
“Tá i bhfad níos mó daoine ag maireachtáil tar éis ailse a bheith orthu a bhuíochas le cóireáil níos fearr. Tá os cionn 215,000 duine ag maireachtáil in Éirinn inniu agus diagnóis ailse faighte acu cheana, i gcomparáid le 150,000 in 2017. Lean rátaí marthanais d'othair a fuair diagnóis ailse ag feabhsú freisin, le 65% d'othair ag maireachtáil 5 bliana tar éis diagnóis ailse a fháil in 2014-2018, i gcomparáid le 44% i 1994-1998. Tá ag éirí i bhfhad níos fearr le hÉirinn i gcomparáid lenár bpiaraí Eorpacha maidir leis na rátaí báis ó ailse a laghdú. Fuarthas amach i staidéir don tréimhse 2011-2019 gur laghdaigh Éire básmhaireacht ailse 14% d'fhir agus 13% do mhná, i gcomparáid le meán an AE 10% d'fhir agus 5% do mhná."