Seolann an tAire Sláinte comhairliúchán poiblí chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt na Straitéise Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta nua
- Foilsithe: 5 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 11 Iúil 2024
Tá Item was unpublished or removed, Stephen Donnelly chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt na Straitéise Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta nua. Déanfaidh an Grúpa Stiúrtha Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta breithniú ar thorthaí an chomhairliúcháin seo agus tá sé de chúram air an straitéis a fhorbairt.
Meastar go bhfuil galar neamhchoitianta ar thart ar 300,000 duine in Éirinn. Leagfar amach sa Straitéis Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta nua an fhís do sheirbhísí galair neamhchoitianta in Éirinn. Bunaíodh Fóram Othar chun a chinntiú go bhfuil guthanna agus taithí saoil othar, cúramóirí agus a ndaoine muinteartha lárnach i mbunú na straitéise nua.
Beidh deis ag an bpobal freisin cabhrú lena fhorbairt a mhúnlú Item was unpublished or removed
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is cuid riachtanach dár dtiomantas é an comhairliúchán poiblí seo chun a chinntiú go mbeidh an Straitéis Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta nua bunaithe ar raon leathan dearcthaí ó dhaoine ar fud an phobail de ghalair neamhchoitianta agus níos faide i gcéin. Iarraim ar dhaoine teagmháil a dhéanamh tríd an gcomhairliúchán seo lena chinntiú go gcuirimid straitéis ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais na ndaoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus a thugann tús áite d'fheabhsuithe a mbeidh an tionchar is mó acu ar acmhainní agus ar sheirbhísí.
“Le linn mo thréimhse mar Aire Sláinte, bhuail mé le go leor othar agus teaghlach a bhíonn ag dul I ngleic leis na réaltachtaí casta agus dúshlánacha a bhaineann le galar neamhchoitianta ó lá go lá. Tuigim go maith gur minic a chuirtear lena ndeacrachtaí mar gheall ar easpa faisnéise agus taighde ar na riochtaí seo, agus mar sin táim muiníneach go dtacóidh an straitéis nua seo le forbairt chúraim sláinte níos spriocdhírithe agus níos speisialaithe.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hothair uilig, lena ndaoine muinteartha agus cúramóirí as a rannpháirtíocht i bhforbairt na straitéise go dtí seo, agus molaim do dhaoine páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí chun cabhrú le plean a mhúnlú, rud a chuirfidh feabhas ar deireadh thiar ar thaithí an 300,000 duine in Éirinn a bhfuil galar neamhchoitianta orthu."
Dúirt Cathaoirleach an Ghrúpa Stiúrtha Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta, an tOllamh Cecily Kelleher:
“Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoin tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail inár bpróisis. Trí ionchur a lorg ó réimse de pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear an pobal le galair neamhchoitianta orthu, grúpaí abhcóideachta agus soláthraithe cúraim sláinte, ach gan a bheith teoranta dóibh, is féidir linn straitéis a fhorbairt a bheidh indéanta, éifeachtach, inbhuanaithe agus freagrúil d'fhíor-eispéiris agus riachtanais na ndaoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu."
Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis Gníomhach, an Dr Colette Bonner:
“Chuir an chéad Phlean Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta ar chumas na hÉireann páirt a ghlacadh in 18 Líonra Tagartha Eorpacha do Ghalair Neamhchoitianta, rud a d'éascaigh comhoibriú i measc soláthraithe cúraim sláinte maidir le riochtaí a dteastaíonn cóireáil, eolas agus acmhainní an-speisialaithe uathu.
“Leanfaidh an straitéis nuashonraithe ag tacú leis an obair seo, chomh maith le tacú le nuálaíochtaí i ndiagnóisic, ngéineolaíocht agus i gcóireálacha. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach gur féidir le gach duine a bhfuil spéis acu sa réimse seo a ndearcthaí a léiriú, agus mar sin táim ag iarraidh rannpháirtíocht láidir a spreagadh sa chomhairliúchán poiblí seo chun a chinntiú go bhforbrófar straitéis láidir, otharlárnach."
Nótaí don eagarthóir:
Sainmhínítear galar neamhchoitianta san Eoraip mar ghalar atá bagrach don bheatha nó galar ainsealach lagaithe nach mbíonn tionchar aige ach ar 5 dhuine as gach 10,000. Mar sin féin, tá níos mó ná 6,000 galar neamhchoitianta aitheanta a théann i bhfeidhm ar suas le 6 faoin gcéad de dhaonra iomlán an AE. Meastar go bhfuil thart ar 300,000 duine in Éirinn ag maireachtáil le galar neamhchoitianta.
Bhí 46 moladh sa chéad Phlean Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta 2014-2018 a dhírigh ar dhiagnóisí a fheabhsú, ar ionaid sármhaitheasa a aithint agus ar bhealaí tiomnaithe cóireála do ghalair neamhchoitianta a bhunú. I measc na n-éachtaí faoin bplean seo tá bunú na hOifige Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta i FSS, foilsiú Múnla Cúraim do Ghalair Neamhchoitianta, agus páirt a ghlacadh i 18 de na 24 Líonra Tagartha Eorpacha a éascaíonn plé i measc soláthraithe cúram sláinte ar dhálaí casta nó neamhchoitianta a éilíonn cóireáil, eolas agus acmhainní an-speisialaithe.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ngrúpa stiúrtha náisiúnta féach anseo.