Seolann an tAire Sláinte Feachtas Feasachta ar an Meanapás
- Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 18 Deireadh Fómhair 2022
Sheol an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD feachtas feasachta rialtais maidir leis an meanapás. Freagra díreach is ea an feachtas ar an éileamh ó mhná na hÉireann ar eolas agus tuiscint níos fearr ar an meanapás chomh maith le rochtain níos fearr ar fhaisnéis agus ar thacaíochtaí cruinne ionas gur féidir leo a dtaithí a bhainistiú go réamhghníomhach. Méadóidh sé feasacht ar an meanapás agus na siomptóim a bhaineann leis agus spreagfaidh sé comhrá oscailte chun an stiogma a bhaineann leis an gcéim seo den saol a laghdú.
Leag taighde nua a choimisiúnaigh an Roinn Sláinte mar bhonn eolais don fheachtas béim ar an méid seo a leanas:
- Tá trí cheathrú de mhná os cionn 35 bliain d'aois ag dul tríd an peiri-mheanapás (19%), an meanapás (18%) nó tá an meanapás críochnaithe acu (37%)
- Tuairiscíonn mná atá ag dul tríd an meanapás go mbíonn suas le seacht siomptóm acu ag aon am ar leith
- Tá siomptóim throma ag 17% de mhná atá ag dul tríd an meanapás.
- Déanann 52% de mhná atá ag dul tríd an meanapás cur síos air mar thaithí dhiúltach
- Deir 91% de mhná atá ag dul tríd an meanapás go bhfuil siomptóim sheasmhacha nó ócáideacha orthu
- Tuairiscíonn níos mó ná leath de mhná na hÉireann tuirse, easpa fuinnimh, neamhchodladh, mearbhall, athruithe meáchain nó cruth colainne, agus pian in ailt – chomh maith le ráigeanna teasa agus athruithe san fhuil mhíosta
- Deir 86% de mhná gur féidir leis an meanapás tionchar mór a imirt ar a saol laethúil
- Deir 28% de mhná atá ag dul tríd an meanapás go mbeidís sásta labhairt faoi lena mbainisteoir ag an obair
Áirítear ar an bhfeachtas ar fud na tíre fógra 30 soicind ar raidió náisiúnta agus áitiúil, fógraí priontáilte i nuachtáin agus in irisí náisiúnta, fógraíocht lasmuigh ar thaispeántais dhigiteacha agus scáthláin bus ar fud na tíre, chomh maith le fógraí ar na meáin dhigiteacha agus shóisialta.
D'fhorbair an Roinn Sláinte gov.ie/menopause, ionad ilfhreastail le haghaidh faisnéise faoin mheanapás agus shiomptóim an mheanapáis, comhairle ar bhainistíocht réamhghníomhach, conas tacú le duine atá ag dul tríd an meanapás agus naisc le saineolas cliniciúil cuí.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Ceann de na príomhchuspóirí a bhí agam mar Aire Sláinte ná rochtain ar chúram sláinte do mhná in Éirinn a fheabhsú. D'oibrigh mo roinn, FSS agus mé féin go crua chun seirbhísí agus tacaíochtaí a sheachadadh do mhná atá ag dul trí an peiri-mheanapás agus an meanapás. Tá ceithre chlinic meanapáis ann anois a chuireann cóireáil ar fáil do 25% de na mná a dteastaíonn bainistíocht leighis uathu ar a siomptóim. Tá dhá chlinic eile le hoscailt roimh dheireadh na bliana.
“Cé go mbíonn tionchar ag an meanapás ar leath ár ndaonra go díreach, tá aithne againn go léir ar dhuine atá ag dul tríd, bíodh sí ina ball teaghlaigh, ina cara nó ina comhghleacaí. Cuirfidh an feachtas agus an láithreán gréasáin seo ar chumas gach duine an comhrá a bhaineann leis an meanapás a oscailt agus deireadh a chur le haon stiogma nó rúndacht a bhaineann leis."
Dúirt an Príomhoifigeach Altranais Rachel Kenna:
“Tá an taighde a rinneadh mar chuid den fheachtas seo ina léiriú an-fhaisnéiseach den mheanapás do mhná in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tá a fhios againn go bhfuil mná ag déileáil le hiliomad siomptóm, ní hamháin rialáil teochta agus athruithe san fhuil mhíosta a bhaineann leis an meanapás, ach freisin tuirse, pian in ailt, neamhchodladh, craiceann tochasach agus mearbhall i measc siomptóim eile. Cuireann an feachtas seo eolas ar fáil dóibh siúd atá ag dul tríd an peiri-mheanapás agus an meanapás, ag cabhrú leo a gcuid siomptóim a aithint agus a bheith ábalta an tacaíocht a theastaíonn uathu a lorg.
“D'fhéadfadh an cohórt ban a théann tríd an meanapás a bheith ag déileáil le strusairí a bhaineann le cúram leanaí, tuismitheoirí aosta agus obair. Tá sé tábhachtach go nglacann siad am le haghaidh féinchúraim agus go dtacaíonn a bpáirtithe, a dteaghlaigh, a gcairde agus a gcomhghleacaithe leo agus iad ag déanamh amhlaidh."
Dúirt an Dr Deirdre Lundy, Ceannaire Cliniciúil, Seirbhís Choimpléascach Meanapáis an Ospidéil Mháithreachais:
“Tá ríméad orm an feachtas seo a sheoladh inniu. Tá an chuid is mó d'othair, a bhfuil siomptóim an mheanapáis ag cur isteach orthu, in ann comhairle agus cóireáil a fháil sa phobal trína ndochtúir teaghlaigh, a nAltra Cleachtais nó a gClinic Pleanála Teaghlaigh. Ar an drochuair, moltar d'othair a bhfuil riochtaí leighis áirithe orthu lena n-áirítear trombóis, galar cardashoithíoch, galar ceirbreashoithíoch, ailsí atá íogair do hormóin, srl. dul chuig “Speisialtóir Meanapáis” chun roghanna bainistíochta a phlé. Treoraím ceann de na Seirbhísí Coimpléascacha Meanapáis seo agus tá áthas orm go bhfuil níos mó clinicí speisialaithe ag oscailt ar fud na tíre."
Dúirt an Dr Deirdre Collins, Dochtúir Teaghlaigh agus Comhalta Boird den ICGP:
“Tá Dochtúirí Teaghlaigh ar thús cadhnaíochta i gcúram don mheanapás, mar chuid de leanúnachas an chúraim a chuirtear ar fáil laistigh de chleachtadh ginearálta. D'fhoilsigh Coláiste Cleachtadh Ginearálta na hÉireann treoir chuimsitheach nua chun an meanapás a bhainistiú i gCleachtadh Ginearálta, a threoróidh dochtúirí teaghlaigh ón gcéad chomhairliúchán go dtí an peiri-mheanapás agus an meanapás.
“Is cloch mhíle í an treoir seo i mbainistiú an Mheanapáis i gcleachtadh ginearálta. Cuimsíonn sé faisnéis faoi dhiagnóis, idirghabhálacha stíl mhaireachtála, oideasú HRT agus, níos tábhachtaí, roghanna malartacha ar HRT chomh maith le comhairle shonrach do mhná a bhfuil stair ailse chíche acu. Tugann an tacaíocht shonrach seo do dhochtúirí teaghlaigh mar aon le Seachtain Feasachta an Mheanapáis deis dúinn go léir an scéal a bhaineann le cúram an mheanapáis a athrú ar bhealach iomlánaíoch slánaithe."
CRÍOCH //
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Rinneadh an Suirbhé Tagarmharc ar an Meanapás maidir le hIompar agus Dearcaí idir an 30 Meán Fómhair agus an 3 Deireadh Fómhair agus tá sampla de 1,250 duine fásta ann.