Seolann an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí Hildegarde Naughton comórtas ealaíne bliantúil Bí SunSmart!
- Foilsithe: 8 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá cuireadh tugtha ag an Aire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí Hildegarde Naughton d'ealaíontóirí óga a gcuid scileanna a thaispeáint trí iarratas a chur isteach don Chomórtas Ealaíne Bí SunSmart!
Is tionscnamh de chuid Éire Shláintiúil agus de Chlár Náisiúnta Rialaithe Ailse d’ Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) é an comórtas, atá anois ina thríú bliain.
Tá cead ag gach páiste bunscoile cur isteach ar an gcomórtas agus, den chéad uair i mbliana, beidh cead ag páistí réamhscoile cur isteach air freisin.
Ag brath ar a gcatagóir aoise, tabharfar cuireadh do leanaí na bileoga dathúcháin SunSmart a líonadh nó pictiúr dá gcuid féin a tharraingt, a léiríonn iompraíochtaí cosanta SunSmart cosúil le huachtar gréine a chur ort, hata, spéaclaí gréine agus éadaí le muinchillí fada a chaitheamh, chomh maith le scáth a lorg.
Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas, atá ar oscailt go dtí Dé hAoine 31 Bealtaine, feasacht a ardú faoin tábhacht a bhaineann le hiompraíochtaí cosanta craicinn a fhoghlaim ó aois an-óg.
Tá dochar ar leith ag baint le nochtadh do radaíocht UV le linn na hóige. Dóibh siúd a bhíonn dóite go dona ag an ngrian le linn a n-óige, tá riosca melanoma 2-4 huaire níos airde ann níos déanaí sa saol.
Dúirt an tAire Naughton:
"Is breá linn go léir dul amach faoin aer nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh ach tá sé an-tábhachtach ár gcraiceann agus craiceann ár bpáistí a chosaint. Tá thart ar 11,000 cás nua d'ailse chraicinn in Éirinn gach bliain agus meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an líon sin faoi 2045, mar sin ní mór dúinn cur chuige ilghnéitheach a ghlacadh maidir le cosc.
“Tá a fhios againn uilig go bhfuil seans níos mó ann go maireann na nósanna sláintiúla a fhoghlaimítear san óige ar feadh an tsaoil, agus mar sin tá sé ríthábhachtach go spreagfaimid iompar cosanta craicinn ó aois óg.
“Is meán iontach foghlama í an ealaín, agus is tionscnamh iontach é an Comórtas Ealaíne Bí SunSmart!, a chuidíonn le páistí a mbua ealaíne a fhorbairt agus teachtaireacht a shú isteach a chosnóidh a sláinte amach anseo.
“Tá mé ag iarraidh ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí páistí a spreagadh le cur isteach ar chomórtas na bliana seo agus tá mé ag súil go mór leis na bealaí cruthaitheacha ina léirítear teachtaireacht SunSmart a fheiceáil."
Is féidir leat do chraiceann a chosaint tríd an gcód SunSmart 5Ss a leanúint, ó Aibreán go Meán Fómhair, fiú ar laethanta scamallacha:
Caith éadaí ort a chlúdaíonn an oiread de do chraiceann agus is féidir, cosúil le muinchillí fada, t-léinte le cábaí;
Cuir ort an t-uachtar gréine speictream-leathan (UVA/UVB) ina bhfuil fachtóir cosanta gréine (SPF) de 30+, ar a laghad, do dhaoine fásta agus 50+ do leanaí, le cosaint ard UVA. Cuir uachtar gréine ort go rialta;
Caith hata ar a bhfuil duilleog leathan: Cosain d’aghaidh, do chluasa agus do mhuineál;
Lorg scáth: Suigh faoi chlúdach na gcrann chun solas díreach na gréine a sheachaint agus úsáid scáth gréine ar do bhugaí nó pram. Coinnigh naíonáin agus leanaí amach as solas díreach na gréine;
Sleamhnaigh spéaclaí gréine ort chun do shúile a chosaint.
Nótaí:
Tá an Comórtas Ealaíne Bí SunSmart! mar chuid den fheachtas SunSmart faoin bPlean Náisiúnta um Ailse Chraicinn a Chosc 2023-2026. Úsáideann sé réimse ardán chun a chroítheachtaireachtaí faoi iompraíochtaí cosanta craicinn a mhéadú.
Tá cur chun feidhme an Phlean Náisiúnta um Chosc ar Ailse Chraicinn ag teacht le Gníomh 3 den Phlean Earnála um Oiriúnú don tSláinte don Athrú Aeráide 2019-2024, lena gceanglaítear grúpaí ardriosca a shainaithint agus bearta a sheachadadh chun iad a chosaint, chomh maith le feasacht an phobail ar rioscaí ó nochtadh do UV a mhéadú.
Tá tuilleadh eolais ar an gComórtas Ealaíne Bí SunSmart! ar fáil ag gov.ie/getsunsmart.
Tá ceithre chatagóir aoise ann, agus beidh buaiteoir foriomlán agus deichniúr sa dara háit i ngach catagóir
- Catagóir 1: Réamhscoileanna
- Catagóir 2: Naíonáin Shóisearacha go Rang a hAon Junior Infants to First Class
- Catagóir 3: Rang a Dó go Rang a Ceathair
- Catagóir 4: Rang a Cúig agus Rang a Sé
Gheobhaidh gach buaiteoir Cárta Oidhreachta Teaghlaigh OPW, pas lae teaghlaigh do Zú Bhaile Átha Cliath, agus dearbhán leabhar Náisiúnta ar luach €20.
Gheobhaidh gach duine sa dara háit mála goodie SunSmart Éire Shláintiúil.