Seolann an tAire Sláinte scéim frithghiniúna saor in aisce do mhná 17-25 bliana d'aois
- Foilsithe: 14 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 20 Meán Fómhair 2022
Sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an scéim frithghiniúna saor in aisce do mhná 17-25 bliana d'aois a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Leithdháileadh maoiniú €9m chun tacú leis an scéim i mBuiséad 2022.
Ón lá inniu, beidh frithghiniúint saor in aisce, do mhná 17-25 bliana d'aois, ar fáil ó dhochtúirí teaghlaigh, ionaid chúraim phríomhúil agus cógaiseoirí a chláraíonn chun seirbhísí a sholáthar faoin scéim. Beidh gach comhairliúchán le liachleachtóir chun rochtain a fháil ar fhrithghiniúint ar oideas, ar fhrithghiniúint inchúlaithe fhadtéarmach a fheistiú agus a bhaint, agus ar fhrithghiniúint ar oideas á soláthar ag cógaiseoirí saor in aisce do dhaoine 17-25 bliana d'aois.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil tús curtha leis an scéim frithghiniúna saor in aisce do mhná 17-25 bliana d'aois. Is príomhthosaíocht dom féin agus don Rialtas seo sláinte na mban agus tacaíodh go láidir leis i mBuiséad 2022, le maoiniú breise €31 milliún d'fhorbairtí nua i sláinte na mban, lena n-áirítear an €9 milliún don scéim frithghiniúna seo. Is ionann an lá inniu agus cloch mhíle mhór eile i seachadadh ár ngealltanas, faoin bPlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022 – 2023 chun gach réimse de chúram sláinte na mban a fheabhsú. Bhí rochtain ar fhrithghiniúint saor in aisce ina phríomh-mholadh ag gabháil le hAisghairm an Ochtú Leasú ar an mBunreacht agus is príomhghné de Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan í. Cuireann an scéim, gealltanas ríthábhachtach ó Chlár an Rialtas, mná idir 17-25 bliana d’aois chun tosaigh maidir le sraith iomlán roghanna a sholáthar dóibh ionas gur féidir leo an cineál frithghiniúna is fearr a oireann dóibh a roghnú. Táimid ag fáil réidh le haon bhacainní airgeadais ar an gcohórt aoise ar dóichí go mbeidh bacainní den sórt sin ina ábhar imní dóibh”.
Ón lá inniu, agus sna seachtainí amach romhainn, beidh soláthraithe seirbhíse lena n-áirítear dochtúirí teaghlaigh, cógaslanna, ionaid chúraim phríomhúil, ionaid phleanála clainne agus clinicí sláinte mac léinn ag síniú conarthaí le FSS chun seirbhísí a sholáthar faoin scéim.
Beidh eolas maidir leis an scéim ar fáil trí láithreán gréasáin FSS www.sexualwellbeing.ie. Déanfar an t-eolas seo a nuashonrú go rialta agus tabharfaidh sé sonraí iomlána faoi conas teacht ar an scéim.
Nótaí don Eagarthóir
Scéim Frithghiniúna Saor in Aisce
Leis an scéim frithghiniúna saor in aisce maoineofar rochtain ar fhrithghiniúint do mhná 17-25 bliana d'aois tríd an méid seo a leanas a sholáthar:
- An costas a bhaineann le frithghiniúint ar oideas;
- An costas a bhaineann le comhairliúcháin le Dochtúirí Teaghlaigh agus gairmithe leighis ábhartha eile chun roghanna frithghiniúna a phlé le hothair incháilithe agus chun oidis a sholáthar ina leith sin;
- An costas a bhaineann le feistiú agus/nó le baint cineálacha éagsúla Frithghiniúna Inchúlaithe Fadtéarmaí (LARC) móide aon seiceálacha riachtanacha, ag gairmithe leighis atá deimhnithe chun LARCanna a fheistiú/a bhaint (e.g. feistí ionútaracha (IUD), córais ionútaracha (IUS), cornaí agus ionchlannáin);
- An costas a bhaineann leis an raon leathan roghanna frithghiniúna atá ar fáil faoi láthair do shealbhóirí cárta GMS (leighis), a bheidh ar fáil tríd an scéim seo freisin, lena n-áirítear instealltaí frithghiniúna, ionchlannáin, IUSanna agus IUDanna, an paiste agus an fáinne frithghiniúna, agus cineálacha éagsúla piolla frithghiniúna béil, lena n-áirítear frithghiniúint éigeandála; agus
- An costas a bhaineann le dochtúirí teaghlaigh agus gairmithe leighis eile a chur faoi oiliúint agus a dheimhniú chun LARC a fheistiú agus a bhaint
Beidh mná incháilithe le haghaidh frithghiniúna saor in aisce faoin scéim óna 17ú breithlá go dtí an lá roimh a 26ú breithlá. Beidh mná a bhfuil cornaí, IUDanna, IUSanna nó ionchlannáin curtha isteach acu faoin scéim fós i dteideal seiceálacha agus baint saor in aisce d’aon fheistí a cuireadh isteach roimh a 26ú breithlá, chun leanúnachas a gcúram a chinntiú.
Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022 - 2023
Soláthraíonn Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan cur chuige straitéiseach maidir le cúram sláinte na mban. Faoi stiúir ionchur ó mhná ar fud na hÉireann, glacann an Plean cur chuige spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sláinte a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na mban. Tá maoiniú imfhálaithe €31 milliún, a bhfuil costas bliana iomláine €48 milliún i gceist leis, mar bhonn agus mar thaca ag an bPlean.
Aithníonn an Plean bearnaí i seirbhísí, feabhsuithe is gá in eispéiris na mban i gcúram sláinte, grúpaí leochaileacha a dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu chomh maith le deiseanna le haghaidh taighde agus nuálaíochta nua. Chomh maith le bacainní costais, aithníodh inrochtaineacht, stiogma agus easpa eolais nó faisnéise mar bhacainní maidir le rochtain a fháil ar fhrithghiniúint.
Soláthraíonn an Plean maoiniú do sheirbhísí nua, lena n-áirítear frithghiniúint saor in aisce do mhná 17-25 bliana d'aois, rud a léiríonn tráth cinniúnach do mhná óga agus leagann sé amach clár oibre uaillmhianach, rud a chothaíonn dul chun cinn i bpríomhréimsí sláinte na mban in Éirinn.
Is príomhghné den Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan í an scéim frithghiniúna saor in aisce chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní maidir le rochtain a fháil ar fhrithghiniúint.