Seolann na hAirí Donnelly agus Naughton comhairliúchán poiblí ar rialáil bhreise ar ghaltoitín agus tobac
- Foilsithe: 25 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. agus an tAire Stáit do Shláinte Phoiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton T.D., comhairliúchán poiblíinniu chun cabhrú le heolas a thabhairt do rialáil ar tháirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín amach anseo, amhail r-toitíní nó ‘galtoitín’.
Tá vápáil tar éis éirí níos coitianta le blianta beaga anuas, go háirithe i measc daoine óga. I gcomparáid le toitíní, d'fhéadfadh nach bhfuil vápáil chomh díobhálach, ach níl vápáil gan dochar. Tá nicitín, substaint an-andúile, sa chuid is mó de na leachtanna galtoitín.
Tá reachtaíocht chun táirgí a bhaineann le ghaltoitín a thoirmeasc do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois os comhair an Oireachtais faoi láthair. Tá bearta fadréimseacha sa Bhille chun dul i ngleic le caitheamh tobac agus vápáil i measc leanaí agus daoine fásta. Díríonn na bearta seo ar dhaoine óga a chosc ó chaitheamh tobac nó vápáil a dhéanamh chun a sláinte a chosaint.
Gheall na hAirí Donnelly agus Naughton tuilleadh reachtaíochta sa réimse seo, agus is é an comhairliúchán seo an chéad chéim chun an reachtaíocht bhreise seo a fhorbairt.
Breathnaítear sa chomhairliúchán seo ar na bearta breise a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun tarraingt na dtáirgí ionanálaithe nicitín do leanaí agus do dhaoine óga a laghdú agus chun caitheamh tobac a dhínormalú tuilleadh. I measc na réimsí ina bhfuil tuairimí á lorg tá:
- Táirgí ionanálaithe nicitín a thaispeáint i siopaí
- Blasanna táirge ionanálaithe Nicitín
- An chuma ar tháirgí ionanálaithe nicitín
- Seachdíolacháin tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín
- Caitheamh tobac i limistéir itheacháin lasmuigh
- Srianta maidir le háit a bheith saor ó thobac a leathnú chuig galtoitín
- Aois an díola de tháirgí tobac a mhéadú
- Méadú ar phraghas galtoitín
Ag labhairt faoi ar sheoladh an chomhairliúcháin, dúirt an tAire Donnelly:
“Cé go dtuigim go n-úsáideann go leor daoine fásta atá ag iarraidh éirí as caitheamh tobac r-toitíní, is cúis mhór imní dom an méadú ar an éileamh atá ar ghaltoitín a chaitheamh i measc daoine óga. Is léir go tarraingíonn na táirgí seo leanaí agus daoine óga, agus níl a fhios againn go fóill na hiarmhairtí sláinte fadtéarmacha a bhaineann lena n-úsáid.
“Tá beart láidir déanta againn cheana féin agus beidh reachtaíocht i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana seo a chuirfidh cosc ar dhíolachán r-toitíní le leanaí agus a éilíonn ceadúnas chun iad a dhíol.
“Ba mhaith liom anois cuireadh a thabhairt don phobal a dtuairimí a thabhairt ar ghnéithe eile ar nós pacáistiú, taispeáint agus blasanna. Tá a fhios againn freisin go dteastaíonn cur chuige uile-Rialtais le gníomhartha éifeachtacha ar shaincheisteanna sláinte poiblí, agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag iarraidh tuairimí daoine maidir le praghas na galtoitín a ardú. Cabhróidh sé seo le mo chomhghleacaí, an tAire Airgeadais, Michael McGrath, a chur ar an eolas maidir leis an mbealach is fearr le tabhairt faoi chánachas na dtáirgí sin chun tacú lenár spriocanna sláinte poiblí.
“Cabhróidh an comhairliúchán seo linn cinntí éifeachtacha a dhéanamh chun ár bpáistí a chosaint ó tháirge andúile, agus ag an am céanna laghdófar an dochar ollmhór a dhéanann caitheamh tobac.”
Dúirt an tAire Naughton:
.“Tá an-imní orm go bhfuil roinnt daoine óga ag baint úsáide as galtoitín mar rogha seachas mar áis chun éirí as caitheamh tobac. Tá a fhios againn gur mó an seans go rachaidh daoine óga a dhéanann galtoitín a chaitheamh ag caitheamh tobac, agus mar sin tá sé tábhachtach nach dtarraingítear iad chuig na táirgí seo. Mar Aire ar a bhfuil freagracht tharmligthe as sláinte agus folláine an phobail, ba mhaith liom a chinntiú go ndéanfaimid gach iarracht maidir leis an tús is fearr a sholáthar do gach leanbh in Éirinn.
“Is féidir linn a fheiceáil go soiléir conas a d’fhéadfaí roinnt táirgí a bhaineann le ghaltoitín a dhíriú ar leanaí nó ar dhaoine óga de bharr a bpacáistithe ildaite agus blasóir coimhthíoch. Cabhróidh an comhairliúchán poiblí seo linn mar Airí reachtaíocht a fhorbairt maidir le pacáistiú agus blasóir táirgí ionanálaithe nicitín. Mholfainn don oiread daoine agus is féidir dul i ngleic leis an gcomhairliúchán poiblí thar na ceithre seachtaine amach romhainn. Táim ag súil go mór le tuairimí an phobail agus na bpáirtithe leasmhara a chloisteáil sna seachtainí atá romhainn.”
Tá an comhairliúchán poiblí oscailte anois le haghaidh aighneachtaí ar feadh tréimhse sé seachtaine go dtí Dé hAoine 5 Eanáir 2024. Tabhair cuairt le do thoil ar shuíomh Gréasáin na Roinne chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo.
Nótaí don eagarthóir
- Beidh leathanach comhairliúcháin agus suirbhé na Roinne beo ag 7.00pm Dé hAoine 24 Samhain 2023.
- Reáchtáil an tAire Stáit sa an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a bhfuil freagracht speisialta air as Cumarsáide agus as an nGeilleagar Ciorclach, Ossian Smyth, comhairliúchán poiblí le déanaí maidir le galtoitín indiúscartha, lena n-áirítear an rogha chun a ndíol a thoirmeasc. Baineann an comhairliúchán seo ón Aire Sláinte le gach galtoitín ina bhfuil nicitín.
- Tá an Bille Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín) os comhair an Oireachtais faoi láthair agus táthar ag súil le hachtú roimh dheireadh na bliana 2023. Toirmiscfidh sé táirgí ionanálaithe nicitín amhail r-toitíní a dhíol le leanaí agus tabharfar isteach córas ceadúnaithe chun táirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín a dhíol. Toirmiscfidh sé freisin táirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín a dhíol ó áitribh shealadacha nó inaistrithe, ó mheaisíní díola féinseirbhíse agus ó imeachtaí atá dírithe ar leanaí. Ar deireadh, cuirfidh sé toirmeasc ar fhógraíocht táirgí ionanálaithe nicitín i bpictiúrlanna, in aice le scoileanna nó ar iompar poiblí, de bhreis ar an toirmeasc atá ann ar líne, ar an teilifís, ar an raidió agus i gcló. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.anseo.
- De réir an Chláir don Rialtas, tá an tAire Airgeadais tiomanta do chóras cánach baile a thabhairt isteach le haghaidh r-toitíní. Beidh ceisteanna sa chomhairliúchán seo mar bhonn eolais don chur chuige sin ó thaobh na sláinte poiblí de.