Seolann na hAirí Naughton agus Byrne an straitéis Get Ireland Walking agus fógraíonn siad €1.46 milliún de mhaoiniú breise do 2023
- Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 18 Meán Fómhair 2023
Sheol an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton TD, agus an tAire Spóirt agus Corpoideachais, Thomas Byrne TD, an straitéis Get Ireland Walking 2023-2027 inniu agus d’fhógair siad maoiniú Éire Shláintiúil de €1.46 milliún chuig Spórt Éireann do 2023.
Bunaíodh Get Ireland Walking in 2013 le tacaíocht ó Éire Shláintiúil agus Spórt Éireann, agus é mar chuspóir aige tacú le hiarrachtaí an raon gníomhaithe a bhfuil baint acu le siúl in Éirinn agus iad a aontú.
Tógann an straitéis nua Get Ireland Walking ar an obair a críochnaíodh le 10 mbliana anuas agus í á threorú ag dea-chleachtas idirnáisiúnta, leagann sí amach sraith cuspóirí uaillmhianacha don chéad cheithre bliana eile atá dírithe ar chur chuige comhpháirtíochta comhoibríoch.
Ag labhairt dó ag seoladh na Straitéise, d’fhógair an tAire Naughton leithdháileadh maoinithe speisialta do Spórt Éireann de €1,460,246 ón gCiste Éire Shláintiúil do raon tionscnamh spriocdhírithe a chuireann gníomhaíocht choirp chun cinn le linn 2023 lena n-áirítear Get Ireland Walking.
Dúirt an tAire Naughton:
“Tá cur chun cinn na gníomhaíochta coirp ar cheann de na tosaíochtaí atá agam mar Aire Sláinte Poiblí agus Folláine. Tá an-áthas orm an maoiniú suntasach seo a fhógairt, a thacóidh le raon leathan tionscadal agus clár atá deartha chun cabhrú le daoine atá ina gcónaí i ngach pobal a bheith níos gníomhaí, níos minice.
“Tá Spórt Éireann ina comhpháirtí láidir maidir le cuspóirí sláinte agus folláine Éire Shláintiúil agus ár mbeartais náisiúnta spóirt araon. Tá sineirgí soiléire ann ó bheith ag obair leis na comhlachtaí rialaithe náisiúnta chun tacú le gach gníomhaíocht fhisiciúil lena n-áirítear siúl, rith, snámh agus rothaíocht.
“Cabhróidh an cur chuige comhoibríoch atá leagtha amach sa straitéis Get Ireland Walking le raon leathan tionscnamh a sheachadadh chun tacú le gníomhaíocht fhisiciúil ó thaobh sláinte agus folláine de, ag cur ar chumas daoine saolta níos sláintiúla a chaitheamh. Tá cur chun cinn na gníomhaíochta coirp ar cheann de chlocha coirnéil an tionscnaimh Éire Shláintiúil, ag cur san áireamh a chumas cabhrú le daoine stíleanna maireachtála níos sláintiúla a chaitheamh agus tosú nó bainistiú a dhéanamh ar thionchair riochtaí ainsealacha a laghdú.”
Oibríonn an Roinn Sláinte le Spórt Éireann chun tacú le seachadadh raon gníomhaíochtaí a dhíríonn ar ghníomhaíocht choirp agus ar shláinte.
Dúirt an tAire Byrne:
“Ní bhaineann an spórt le comórtas agus le buachan amháin, baineann sé le i bhfad níos mó. Tá buntáistí iomadúla ag baint le spórt, go háirithe an tionchar thar a bheith dearfach atá aige ar shláinte fhisiciúil phearsanta agus folláine mheabhrach duine. Creidim go bhfuil sé tábhachtach go n-oibreoidh gach roinn agus gníomhaireacht rialtais, ar spéis leo stíleanna maireachtála atá gníomhach go fisiciúil, le chéile agus comhoibriú níos dlúithe ná riamh.
“Is sampla é an maoiniú atá á fhógairt inniu ag mo chomhghleacaí, an tAire Naughton, de chomhoibriú dá leithéid i mbun gnímh, a raibh baint ag ár dhá Roinn, Spórt Éireann agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Comhlánaíonn an maoiniú seo an infheistíocht leanúnach a dhéanann Spórt Éireann chun gníomhaíochtaí spóirt pobail nó caitheamh aimsire a chur chun cinn thar 60 spórt éagsúil, lena n-áirítear siúl. Tá siúl ar cheann de na cineálacha aclaíochta is coitianta in Éirinn agus tá fáilte mhór roimh an maoiniú breise seo.”
D’admhaigh an tAire Naughton an obair láidir atá déanta go dtí seo ag Get Ireland Walking, ag cur leis:
“Siúlaíonn daoine ar raon leathan cúiseanna, lena n-áirítear le haghaidh aclaíocht, le haghaidh iompair, mar ghníomhaíocht shóisialta nó le teacht níos gaire don dúlra. Cibé an bhfuil sé trí soilsiú a chur ar fáil do thailte spóirt chun suíomh sábháilte a sholáthar de réir mar a théann ár n-oícheanta níos dorcha, chun siúl ar scoil a chur chun cinn, nó béim a chur ar na tairbhí sláinte a bhaineann le siúl, tá sé chun ár leasa uile oibriú le chéile. Tá ár dá Roinn ag obair freisin ar thacaíochtaí breise do chuspóirí na Straitéise, lena n-áirítear an comharba ar ár bPlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp agus an Bunachar Sonraí Digiteach Náisiúnta do Ghníomhaíochtaí Spóirt agus Áineasa atá le teacht.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann Dr Una May:
“De réir an taighde is déanaí de chuid Spórt Éireann, Monatóir Spóirt na hÉireann 2022, is é siúlóid áineasa an cineál gníomhaíochta coirp is coitianta sa tír le 2.77 milliún duine rannpháirteach go gníomhach. Tá Siúlóid Áineasa níos forleithne anois ná mar a bhí roimh an bpaindéim agus ligfidh an straitéis nua Get Ireland Walking dúinn leas a bhaint as an spéis mhéadaithe seo.
“Táim ag tnúth leis an straitéis a fheiceáil i mbun gnímh trí chláir nuálacha agus pobalbhunaithe a sheachadtar trí Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla agus trí Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta. Fáiltím freisin roimh an mbabhta nua maoinithe d’Éirinn Shláintiúil a neartaíonn a thuilleadh na caidrimh chomhoibríocha idir Ranna Rialtais agus Spórt Éireann.”
Nótaí don eagarthóir:
Eiseoidh Maxwell Photography na grianghraif
Tá an Straitéis Get Ireland Walking 2023-2027 ar fáil anseo.
Is tionscnamh de chuid Spórt Éireann é Get Ireland Walking, maoinithe ag Éire Shláintiúil agus a fhaigheann tacaíocht ó raon leathan páirtithe leasmhara lena n-áirítear Mountaineering Ireland, Irish Heart, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Age and Opportunity, Cumann Lúthchleas Gael, Ireland Active agus Arthritis Ireland. Bunaíodh é in 2013 agus é mar chuspóir foriomlán aige líon na ndaoine a shiúlann in Éirinn a uasmhéadú, ar mhaithe le sláinte, folláine agus corpacmhainn.
Bainfidh an Straitéis Get Ireland Walking úsáid as cineálacha cur chuige bunaithe ar chórais chun beartas, ceannaireacht agus rialachas a neartú, chun córais chomhtháite níos fearr a thógáil ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta, agus chun abhcóideacht agus cur chun cinn na siúlóide ar fud na hÉireann a chomhordú.
Oibríonn an Roinn Sláinte le Spórt Éireann chun tacú le seachadadh raon gníomhaíochtaí a dhíríonn ar ghníomhaíocht choirp agus ar shláinte. Tacóidh an maoiniú de €1,460,246 in 2023 leis na cláir náisiúnta Get Ireland Walking, Running, Swimming and Cycling, Cluichí Oilimpeacha Speisialta, Clubanna Sláintiúla CLG, forbairt Bunachar Sonraí Taitneamhachtaí Amuigh faoin Aer, Comhar Taighde ar Ghníomhaíocht Choirp na hÉireann, an Staidéar ar Spórt agus Gníomhaíocht Choirp na Leanaí, agus imeachtaí a reáchtáladh le linn Sheachtain Eorpach Spóirt agus Gníomhaíocht Choirp.
Déanfaidh Spórt Éireann, Éire Shláintiúil agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoirseacht ar mhonatóireacht an chaiteachais seo.