Sláinte in Éirinn Príomhthreochtaí 2024 foilsithe ag an Aire Sláinte
- Foilsithe: 17 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhoilsigh an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD,Item was unpublished or removed inniu.
Léiríonn an foilseachán bliantúil na feabhsuithe suntasacha ar thorthaí sláinte le deich mbliana anuas agus leagtar béim ar chuid de na dúshláin a bhaineann le rochtain ar chúram sláinte tráthúil agus éifeachtúil a bhaint amach.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
"Tá an daonra ag fás, agus táimid i bhfad níos sláintiúla anois. Ós rud é go bhfuil ár meánionchas saoil anois ag 82.6 bliain, an cúigiú ceann is airde san AE, ní mór dúinn leanúint de dhíriú ar na héilimh ar chúram sláinte amach anseo.
"Léiríonn an tuarascáil Príomhthreochtaí go bhfuil ár seirbhís sláinte ar cheann a leanann de thorthaí níos fearr a bhaint amach do mhuintir na hÉireann, i gcásanna áirithe, i measc na dtorthaí is fearr san Eoraip.
"Táimid i lár an bhorrtha is mó i seirbhís sláinte na hÉireann i stair an Stáit. Tá an caiteachas ar shláinte beagnach dúbailte idir 2014 agus 2023, agus léirítear é seo trí rochtain níos fearr ar sheirbhísí ar fud na tíre, agus i dtorthaí feabhsaithe do go leor riochtaí sláinte.
"Tá an t-eolas i bPríomhthreochtaí an-úsáideach chun cabhrú linn monatóireacht a dhéanamh ar thionchar ár bpolasaithe a chosnaíonn agus a chuireann sláinte na tíre chun cinn, chomh maith le bheith dírithe ar fheabhsuithe a bhaint amach agus muid ag pleanáil don todhchaí."
I measc na mbuaicphointí san fhoilseachán, a chlúdaíonn déimeagrafaic, sláinte daonra, cúram ospidéil agus príomhúil, fostaíocht agus caiteachas san earnáil sláinte, tá:
- Ba é an líon na ndaoine in Éirinn a thug le fios go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith (79.5%) in 2023 an líon ab airde san AE, i bhfad níos airde ná meán an AE de 67.7%. Bhí an ráta is airde de dhea-shláinte féinbhraite in Éirinn in 2022 freisin.
- Tá ionchas saoil in Éirinn ar an gcúigiú ráta is airde san AE, ag 82.6 bliana.
- Tá fás 14.8% tagtha ar an daonra ó 2015, agus tháinig méadú 36.5% ar an ngrúpa os cionn 65 bliain d'aois idir 2015 agus 2024.
- Tháinig méadú ar líon iomlán na ndochtúirí comhairleacha agus neamhchomhairleacha fostaithe in ospidéil sa tseirbhís sláinte poiblí in Éirinn go 13,772 (méadú 61.3%) idir 2015 agus 2024.
- Méadaíodh líon na n-altraí agus na mban cabhrach go beagnach 48,000 (méadú 34.9%) idir 2015 agus 2024.
- Idir 2014 agus 2023, tháinig laghdú 14.7% ar an ráta báis de thoradh ailse, tháinig laghdú 19.5% ar an ráta báis de thoradh galar a bhaineann leis an gcóras imshruthaithe, tháinig laghdú 27.7% ar an ráta báis de thoradh galar croí iscéimeach agus tháinig laghdú 15.4% ar an ráta báis de thoradh galar an chórais riospráide.
- Tá laghdú tagtha le blianta beaga anuas ar an gcéatadán den chaiteachas iomlán sláinte a íoctar as póca nó trí árachas sláinte príobháideach; mhaoinigh an rialtas 77.4% den chaiteachas iomlán sláinte in Éirinn in 2023.
Nótaí:
Tá cóipeanna de na táblaí sonraí ar fáil le híoslódáil thíos:
Caibidil 4- Cúram Príomhúil agus Seirbhís sa Phobal
Caibidil 5- Fostaíocht sa tSeirbhís Sláinte
Caibidil 6- Caiteachas na Seirbhíse Sláinte
Is é seo an cúigiú heagrán déag den treoir thagartha éasca le húsáid seo ar threochtaí suntasacha i gcúram sláinte agus sláinte le deich mbliana anuas, lena n-áirítear stádas daonra agus sláinte, chomh maith le treochtaí i soláthar seirbhísí.