English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Statement from the National Public Health Emergency Team - Dé Céadaoin an 17 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 17 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh naonúr díobh sin i mí an Mhárta, ceathrar mí Feabhra agus ceathrar i mí Eanáir nó níos luaithe.

81 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 51 - 94 an raon aoise.

4,566* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Máirt 16 Márta, cuireadh 557 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

228,215** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 262 / is mná iad 291 díobh
  • Tá 74% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 29 aois airmheánach na ndaoine
  • 229 i mBaile Átha Cliath, 58 i gCill Dara, 34 i nDún na nGall, 31 sa Mhí, 24 i dTiobraid Árann agus tá na 181 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir. ***

Amhail 8am inniu, tá 350 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 83 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 19 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 14 Márta, bhí 617,050 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 452,554 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 164,496 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 bhás. Léiríonn an figiúr 4,566 bás é seo.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 5 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 228,215 cás deimhnithe é seo.

**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 16 Márta 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 16 Márta 2021) Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 16 Márta 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 16 Márta 2021)
Éire 557 481 148 7,048
Uíbh Fháilí 15 18 339.9 265
An Longfort 5 3 318.1 130
Cill Dara 58 40 236.4 526
Baile Átha Cliath 229 199 222.9 3,003
An Mhí 31 28 215.8 421
Dún na nGall 34 24 160.8 256
10 11 145.1 187
Ceatharlach 10 8 142.3 81
An Iarmhí 14 11 141.9 126
Luimneach 12 9 128.3 250
Tiobraid Árann 24 19 124.7 199
Gaillimh 20 24 115.1 297
Ros Comáin 8 6 114.7 74
Port Láirge 6 8 103.3 120
Maigh Eo <5 5 98.1 128
Cill Mhantáin <5 8 95.5 136
Loch Garman 11 13 89.5 134
Sligeach 9 4 88.5 58
Muineachán <5 2 81.5 50
An Cabhán 13 5 78.8 60
Laois 6 4 77.9 66
An Clár <5 4 57.2 68
Ciarraí 10 6 54.8 81
Corcaigh 10 17 50.3 273
Cill Chainnigh 6 3 47.4 47
Liatroim <5 1 37.4 12

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Minicíocht 7 lá 76.5
  • Meán gluaisteacha 5 lá 481