Tá an tAire Sláinte ag ceiliúradh Lá Sláinteachais Láimhe Domhanda
- Foilsithe: 3 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag ceiliúradh Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe (Dé Domhnaigh, an 5 Bealtaine). Tacaíonn Éire leis an tionscnamh idirnáisiúnta seo, faoi stiúir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO).
Tá sláinteachas láimhe rialta, ceart ar cheann de na rudaí is tábhachtaí agus is simplí is féidir linn a dhéanamh chun ár sláinte a chosaint. Is é téama thionscnamh domhanda na bliana seo eolas agus fothú acmhainneachta oibrithe sláinte agus cúraim a chur chun cinn trí oiliúint agus oideachas nuálach a bhfuil tionchar acu, maidir le hionfhabhtuithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear sláinteachas láimhe. Is é mana thionscnamh domhanda na bliana seo ‘Cén fáth a bhfuil sé fós chomh tábhachtach eolas a roinnt faoi shláinteachas láimhe? Toisc go gcuidíonn sé le stop a chur le scaipeadh frídíní díobhálacha i gcúram sláinte’.
Tá glanadh lámha go rialta ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun stop a chur le scaipeadh go leor ionfhabhtuithe coitianta, lena n-áirítear COVID-19. I mbliana comóradh 75 bliain na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO). I mí Dheireadh Fómhair 2005, sheol WHO agus a chomhpháirtithe an chéad Dúshlán Domhanda um Shábháilteacht Othar leis an téama "Is Cúram Níos Sábháilte é Cúram Glan" le Treoirlínte EDS maidir le Sláinteachas Láimhe i gCúram Sláinte atá ar fáil.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
"Ba mhaith liom an WHO a mhacallú agus iad ag díriú ar ár lámha a ghlanadh. Le blianta beaga anuas tá sé soiléir go léir an tábhacht a bhaineann le sláinteachas láimhe. Ní hamháin go dtugann lámha glana aire níos fearr d'othair agus do theaghlaigh, cosnaíonn sé oibrithe sláinte agus cúraim shóisialta freisin."
Dúirt an Príomhoifigeach Altranais, Rachel Kenna:
“Ba mhaith liom a chur i bhfios go láidir gurb é do lámha a ní go rialta an bealach is éifeachtaí chun stop a chur le leathadh go leor ionfhabhtuithe. Mholfainn do gach duine, baill foirne, othair agus cuairteoirí i ngach suíomh cúram sláinte chun sláinteachas éifeachtach láimhe a chleachtadh.’
Dúirt an Dr Eimear Brannigan, Ceannasaí Cliniciúil FSS maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha agus Foireann Rialaithe Ionfhabhtaithe:
“Tá ról tábhachtach ag sláinteachas maith lámh chun leathadh an ionfhabhtaithe a chosc. Is deis é an Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe chun treisiú a dhéanamh ar a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt i gcónaí do shláinteachas láimhe, faisnéis agus acmhainní a roinnt agus a chinntiú go dtuigeann gach duine conas is féidir leo leathadh an ionfhabhtaithe a laghdú i suíomh cúraim sláinte nó ina dteach féin.’
Nótaí don eagarthóir:
Tuilleadh eolais faoin Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe: Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe 2024 (who.int)
Tuilleadh faisnéise maidir le Frithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach (FSFM) agus an dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta Aon Sláinte Amháin de chuid na hÉireann maidir le FSFM 2021-2025: www.gov.ie/amr
Tuilleadh eolais ar Phlean Gníomhaíochta Domhanda EDS um Shábháilteacht Othar 2021-2030
Ionfhabhtuithe a bhaineann le Cúram Sláinte (HCAIanna)
Is ionfhabhtuithe iad HCAIanna a fhorbraíonn mar thoradh díreach ar idirghabhálacha cúraim sláinte amhail cóireáil leighis nó máinliachta, nó ó bheith i dteagmháil le suíomh cúraim sláinte. Tá go leor HCAIanna inchoiscthe. Tá dualgas ar chóras cúraim sláinte cosc a chur ar HCAInna a mhéid is praiticiúla.
Is cuspóir straitéiseach é Cosc agus Rialú Ionfhabhtuithe (IPC)den dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta Aon Sláinte Amháin maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha 2021-2025 de chuid na hÉireann a foilsíodh i mí na Samhna 2021. Is príomhchumasóir é IPC chun cúram sláinte agus sóisialta sábháilte a sheachadadh, lena n-áirítear ionfhabhtuithe a bhaineann le Cúram Sláinte (HCAIanna) a chosc. Aithnítear é freisin mar réimse fócais i Straitéis Dhomhanda EDS um Shábháilteacht Othar 2021-2030. Glacann Éire cur chuige fianaisebhunaithe maidir le cleachtais IPC agus seoladh an Treoirlíne Náisiúnta Chliniciúil i mí na Bealtaine 2023 chun tacú le dea-chleachtas sa réimse sin.