Tá dúbailt an mhaoinithe á fhógairt ag an Aire Meabhair-Shláinte agus Daoine Scothaosta don líonra náisiúnta Béilí ar Rothaí
- Foilsithe: 12 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá dúbailt an mhaoinithe á fhógairt ag an Aire Meabhair-Shláinte agus Daoine Scothaosta don líonra náisiúnta Béilí ar Rothaí
• Chuir an líonra Béilí ar Rothaí 2.7 milliún béile ar fáil do bhreis is 56,000 duine anuraidh
D’fhógair an tAire Meabhair-Shláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, inniu go dúbailt an maoiniú d’eagraíochtaí náisiúnta Béilí ar Rothaí ó níos mó ná €3 milliún in 2022 go breis agus €6 milliún i mbliana. Ó bunaíodh í, tá an tseirbhís Béilí ar Rothaí ina acmhainn luachmhar chun cabhrú le daoine scothaosta a sláinte agus a neamhspleáchas a choinneáil trí bhéilí sláintiúla a sholáthar mar thacaíocht chuimsitheach inár bpobail. Is léir na tairbhí sóisialta don duine féin agus don phobal i gcoitinne, leis an tseirbhís ag cruthú gur acmhainn thábhachtach í thar na blianta, i go leor pobail tuaithe go háirithe.
Tá 312 eagraíocht Béilí ar Rothaí ag feidhmiú ar fud na tíre faoi láthair a sheachadann 239,000 béile ar an meán do 19,000 duine gach mí.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil dúbailt an mhaoinithe dár líonra náisiúnta eagraíochtaí Béile ar Rothaí go breis is €6 milliún i mbliana. Mar is eol dúinn, tá i bhfad níos mó i gceist leis an tseirbhís ná béile te, cothaitheach, agus is nasc é leis an bpobal agus duine cairdiúil agus comhbhách gach lá.”
Lean an tAire Butler:
“Déanaim cur síos i gcónaí ar an tseirbhís Béilí ar Rothaí mar ‘níos mó ná béile’. Tá sé ina phríomhfhócas domsa ó chuaigh mé i mbun oifige ar thacú le leathnú agus le hinfhaighteacht mhéadaithe na seirbhíse seo mar is é mo thuairim go bhfuil an tseirbhís seo ar cheann de bhunchlocha tacaíochtaí pobail. Téann an tseirbhís chuimsitheach seo chun sochair ní amháin don duine scothaosta iad féin ach dá dteaghlaigh freisin trí suaimhneas intinne a chur ar fáil go mbíonn aghaidh chairdiúil ar a ngaolta ag tabhairt cuairte orthu go rialta. Tacaíonn an tseirbhís seo le daoine scothaosta leanúint orthu ag maireachtáil ina dtithe féin chomh fada agus is féidir, rud atá ina phríomhthosaíocht domsa agus don Rialtas.
“Tá an tseirbhís seo mar chuid den triantán tacaíochtaí cúram baile, cúram lae agus béilí ar rothaí – lena n-áirítear tacaíochtaí a bhaineann go sonrach le néaltrú – atá ina bpríomhfhachtóir chun tacú le daoine scothaosta dul in aois go maith ina dtithe agus ina bpobail féin. Sin an fáth a bhfuil méadú tagtha ar an leithdháileadh maoinithe do na réimsí seo gach bliain ó bunaíodh an Rialtas seo.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Butler:
“Níos tábhachtaí fós, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis na soláthraithe Béilí ar Rothaí go léir – go leor acu oibrithe deonacha – ar fud na tíre as a gcuid ama agus a gcuid oibre crua chun an tseirbhís riachtanach seo a sholáthar. Molaim d’aon duine a cheapann go bhféadfadh siad féin, ball teaghlaigh nó comharsa leas a bhaint as an tseirbhís iontach seo teagmháil a dhéanamh lena n-eagraíocht chomhpháirtíochta áitiúil agus a aimsiú.”
Nótaí don eagarthóir:
- Bunaíodh an Líonra Náisiúnta Béilí ar Rothaí in 2015 faoi scáth Nasc Tuaithe na hÉireann agus sheol sé a shuíomh gréasáin agus léarscáil idirghníomhach de bhreis is 260 soláthraí Béilí ar Rothaí i mí Mheán Fómhair 2021.
- Tá 312 soláthraí sonraithe ar an léarscáil ag an Líonra inniu agus tacaíonn sé leis na soláthraithe sin le faisnéis, oiliúint agus líonrú a chomhroinnt go praiticiúil, ach níos tábhachtaí fós tugann sé deis dóibh a nglór a chur in iúl d’fhonn a chinntiú go leanann siad den obair chun samhail ar fud na tíre a dhearadh a thacaíonn le cliaint maireachtáil go neamhspleách ina dtithe féin.
- Déanann an Líonra Náisiúnta Béilí ar Rothaí https://mealsonwheelsnetwork.ie/ seolta ag Nasc Tuaithe na hÉireann go bhfuil sé an-éasca teacht ar sheirbhís áitiúil Béilí ar Rothaí i gceantar áitiúil.