Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte go bhfuil tionscadal taighde Genome of Ireland curtha ar bun chun tuar agus cosc galar a chur chun cinn
- Foilsithe: 29 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Le tionscadal Genome of Ireland bunófar tacar sonraí géanóm 1,200 duine ar a laghad a bhfuil cónaí orthu in Éirinn – is comhoibriú tábhachtach é seo chun stóras géanóm Eorpach níos mó a chruthú le haghaidh staidéir ar ghéanóim daonra
- Rannchuideoidh Éire le tionscadal Genome of Europe trí Genome of Ireland chun tacú le bearta beartais sláinte poiblí agus chun taighde leighis a chumasú d'fhonn fáthmheas agus cóireáil a fheabhsú
- Tá breis is 100,000 saoránach Eorpach i gceist le tionscadal Genome of Europe
- Cuimsíonn an tionscadal 49 institiúid chomhpháirtíochta ar fud 27 dtír Eorpacha agus buiséad de bheagnach €45 milliún aige- agus rinneadh €20 milliún as an suim sin a mhaoiniú faoi Chlár DIGITAL na hEorpa.
Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill go bhfuil tionscadal taighde Genome of Ireland curtha ar bun agus go mbeidh Éire rannpháirteach i dtionscadal Genome of Europe chun tuar agus cosc galar a chur chun cinn. Le tionscadal Genome of Ireland bunófar tacar sonraí géanóm 1,200 duine, ar a laghad, a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.
Is comhoibriú tábhachtach rannpháirtíocht na hÉireann i dtionscadal Genome of Europe i dtreo stóras géanóm Eorpach níos mó a chruthú le haghaidh staidéir ar ghéanóim daonra agus chun taighde leighis a chur chun cinn agus sláinte an phobail a fheabhsú. Is éard atá i géanóm an tacar iomlán faisnéise géinitigh atá in orgánach, a sholáthraíonn an fhaisnéis go léir a theastaíonn ón orgánach le feidhmiú. In orgánachtaí beo, stóráiltear an géanóm i móilíní fada DNA ar a dtugtar crómasóim.
Le tionscadal Genome of Europe cumasófar taighde leighis ceannródaíoch lena gcuirtear feabas ar fháthmheas agus ar chóireáil, agus lena gcuirtear leigheas pearsantaithe , tuar agus cosc galar chun cinn. Tacóidh sé freisin le bearta beartais sláinte poiblí, mar shampla, bearta maidir le galair neamhchoitianta agus bearta maidir le hailse. Cuimsíonn an tionscadal 49 institiúid chomhpháirtíochta ar fud 27 dtír Eorpacha agus buiséad foriomlán de bheagnach €45 milliún aige- agus rinneadh €20 milliún as an suim sin a mhaoiniú faoi Chlár DIGITAL na hEorpa.
Bhí an méid seo a leana le rá ag an Aire Jennifer Carroll MacNeill:
"Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil tionscadal Genome of Ireland curtha ar bun agus go mbeidh muid rannpháirteach i dtionscadal Genome of Europe. Is cloch mhíle shuntasach é an tionscnamh seo maidir le taighde leighis a chur chun cinn agus sláinte an phobail a fheabhsú. Trí rannchuidiú le bunú an chéad ghéanóm tagartha Eorpaigh, táimid ag réiteach an bhealaigh le haghaidh dul chun cinn ceannródaíoch sa leigheas pearsantaithe, agus i dtuar agus cosc galar.
“Cabhróidh sé seo le ré nua de chóireálacha níos cliste agus níos spriocdhírithe a thabhairt isteach lena mbainfear leas iomlán as an dul chun cinn sa ghéanómaíocht, ag baint leasa as na nuálaíochtaí a thig as réabhlóid na biteicneolaíochta.”
Déanfar sonraí maidir le géanóim na hÉireann a chomhbhailiú le sonraí tíortha eile ar leibhéal na hEorpa, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na tionscnaimh ghéanómaíochta is cuimsithí ar domhan a chonacthas go dtí seo. Leis an tionscadal Eorpach níos leithne cuirfear acmhainn sonraí uathúil ar fáil lena gcuirfear an ilroinnt san fhaisnéis ghéiniteach ar fud na mBallstát, Éire san áireamh i gceart.
Tá rún daingean ag an Roinn Sláinte tacú leis an tionscnamh seo ar fud na hEorpa agus tá maoiniú á chur ar fáil aici tríd an mBord Taighde Sláinte (HRB) atá ag tacú le Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, Ollscoil an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte chun tionscadal Genome of Ireland a chur i gcrích.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach an Bhoird Taighde Sláinte, Mairead O’Driscoll
“Tá sé seo ar cheann de na tionscadail is cuimsithí dá leithéid ar domhan. Trí 100,000 géanóm a mhapáil beidh muid in ann le teicneolaíochtaí diagnóiseacha othair a shrathú, teiripí spriocdhírithe agus leigheasanna aonair atá saincheaptha don duine aonair a chruthú chun gníomhú ar shainghnéithe bitheolaíocha galair i ngach othar aonair.”
Le tionscadal Genome of Europe, bunófar an chéad ghéanóm tagartha Eorpach, léiriú digiteach ar an DNA ar fad i gcorp an duine. Léireoidh sé éagsúlacht ghéiniteach agus shinseartha na hEorpa de réir tíre, lena n-áirítear mionlaigh. Beidh os cionn 100,000 saoránach Eorpach, ó bhithbhainc atá ann cheana chomh maith le saorálaithe nua, rannpháirteach sa tionscadal seo.
Nótaí don eagarthóir:
Tionscadal Genome of Europe
I dtionscadal Genome of Europe tugtar le chéile na huaillmhianta a leagadh amach sa tionscnamh 1+MG, an creat dlí agus teicniúil arna fhorbairt ag GDI (Bonneagar Sonraí Géanómacha) agus soláthraithe sonraí maidir le géanóim chun rochtain ar shonraí maidir le géanóim ar fud na hEorpa a chumasú le haghaidh taighde, cúram sláinte agus an beartas sláinte poiblí agus chun bunachar sonraí lán-acmhainne a sholáthar le haghaidh taighde agus feidhmeanna cliniciúla amach anseo.
Tionscadal Genome of Ireland
Le tionscadal Genome of Ireland bunófar tacar sonraí géanóm 1,200 duine, ar a laghad, a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Tá tábhacht ag baint le tionscadal Genome of Ireland ó thaobh an taighde a nascadh le seirbhísí cliniciúla, ag tacú go sonrach le dul chun cinn agus forbairt seirbhísí Leigheas Géiniteach agus Géanómach de réir chur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta maidir le Luathú an Leighis Ghéineolaích agus Ghéanómaích in Éirinn - HSE.ie (2022). ).
An Bord Taighde Sláinte (HRB)
Is é an HRB an príomh-mhaoinitheoir ar thaighde sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn agus is príomhurraitheoir é maidir le fianaise ar bheartas a éascú thar clár oibre leathan lena n-áirítear taighde ar an ngéanómaíocht agus ar réimsí gaolmhara.
Tuilleadh Eolais:
Is éard atá i géanóm an tacar iomlán faisnéise géiniteach atá in orgánach. Soláthraíonn sí an fhaisnéis go léir a theastaíonn ón orgánach le feidhmiú. In orgánachtaí beo, stóráiltear an géanóm i móilíní fada DNA ar a dtugtar crómasóim.