English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tacaíochtaí breise don bheathú cíche don bhliain 2025 fógartha ag an Aire Burke

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Nollaig 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke, tar éis €0.9 milliún breise a fhógairt inniu le haghaidh tacaíochtaí beathaithe cíche don bhliain 2025.

Tá sé mar thosaíocht ag an Roinne Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) níos mó máithreacha a spreagadh beathú cíche a thabhairt dá leanaí. Leagtar béim sa bheartas sláinte náisiúnta, lena n-áirítear an Creat Éire Shláintiúil, an Straitéis Náisiúnta Máithreachais, an Beartas agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Murtall, agus an Straitéis Náisiúnta Ailse, ar a thábhachtaí atá sé tacú le máithreacha a thugann beathú cíche dá leanaí, agus beart a dhéanamh chun na rátaí beathaithe cíche in Éirinn a mhéadú.

Bainfear leas as an maoiniú seo chun cúigear comhairleoirí lachta breise a earcú i réigiúin ina bhfuil na rátaí beathaithe cíche níos ísle ná an meán nó i ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Déanfar na réigiúin sin a shainaithint ón athbhreithniú deisce a rinneadh ar Phlean Straitéise um Chothú Cíche FSS agus a foilsíodh le linn na seachtaine Náisiúnta um Chothú Cíche i mí Dheireadh Fómhair 2024.

Úsáidfear €340,000 den mhaoiniú seo chun caidéil chíche a chur ar fáil do mháithreacha atá go dona tinn agus do leanaí a rugadh roimh am, rud a chuirfidh ar a gcumas bainne cíche a sholáthar dá leanaí agus iad san ospidéal ar feadh tréimhsí fada agus nuair a scaoiltear abhaile iad.

Dúirt an tAire Burke:

"Tá lúcháir orm an maoiniú seo a fhógairt lena dtacófar leis na hiarrachtaí leanúnacha chun cur leis na rátaí beathaithe cíche in Éirinn, rud as a dtiocfaidh buntáistí fadtéarmacha don tsláinte."

"Is deis nasctha é beathú cíche don mháthair agus don leanbh, ach anuas air sin tugann sé an-chosaint don leanbh ar ionfhabhtú agus cuireann sé fás agus forbairt shláintiúil chun cinn.

“Tá a fhios againn go ndéanann bainne cíche, fiú nuair nach bhfuil i gceist ach méideanna beaga, maitheas don leanbh, go háirithe sna chéad chúpla lá, agus go gcuidíonn sé le córais imdhíonachta leanaí a threisiú. Is féidir leis cuidiú freisin le téarnamh iarbhreithe.”

Cheadaigh an tAire Burke freisin bunú grúpa stiúrtha chun taighde a dhéanamh ar bheartas nua “uile-Rialtais“ maidir le beathú cíche agus an beartas sin a cheapadh. Beidh an fhorbairt beartais seo bunaithe ar shuirbhé nua ar bheathú naíonán, suirbhé ar leithdháileadh maoiniú air in 2025. Sa suirbhé sin, baileofar sonraí maidir le beathú naíonán ó uair a mbreithe go dtí go mbeidh bliain amháin slánaithe acu. Leis na sonraí sin, féafar eolas a dhéanamh don chaoi gur féidir tacaíochtaí a sholáthar do mháithreacha nua atá ag cothú leis an gcíoch le linn na chéad bhliana.