Tagann an tAire Carroll MacNeill agus an tAire Mike Nesbitt le chéile den chéad uair agus tugann siad cuairt ar shuíomh Ospidéal Nua na Leanaí
- Foilsithe: 27 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhuail an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, agus an tAire Sláinte Thuaisceart Éireann, Mike Nesbitt, le chéile i mBaile Átha Cliath den chéad uair inniu.
Chuir an tAire Carroll MacNeill fáilte roimh an Aire Nesbitt, chuig an Roinn Sláinte i mBaile Átha Cliath chun comhoibriú Thuaidh-Theas maidir le saincheisteanna sláinte agus cúraim shóisialta a phlé. Ba dhíol sásaimh don bheirt Airí an comhoibriú leanúnach agus chomhaontaigh siad obair le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cúram sláinte sa dá dhlínse.
Phléigh an tAire Carroll MacNeill agus an tAire Nesbitt an fhéidearthacht de sheirbhís paiteolaíochta imbhreithe agus péidiatrach a fhorbairt don oileán, saincheisteanna a bhaineann leis an lucht oibre, neamhionannais sláinte agus comhoibriú ar sheirbhísí ailse.
Níos déanaí sa lá, thug an bheirt Airí Sláinte faoi chuairt ar Ospidéal Nua na Leanaí. Ag labhairt di faoin Ospidéal Nua Leanaí, dúirt an tAire Carroll Mac Néill go spreagfaidh sé athchóiriú i soláthar na seirbhísí péidiatracha, go gcuirfidh sé deiseanna breise ar fáil le comhoibriú idir an dá dhlínse, go bhfuil géarghá leis agus go bhfuil infheistíocht tuillte go mór aige i seirbhísí sláinte do leanaí agus do dhaoine óga ar fud an oileáin.
Dúirt an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill:
"Bhí an-áthas orm bualadh leis an Aire Nesbitt den chéad uair inniu chun plé a dhéanamh ar fheabhas a chur ar an gcomhoibriú Thuaidh-Theas maidir le cúram sláinte agus sóisialta. Oibríonn ár seirbhísí sláinte le chéile cheana féin ar mhaithe le daoine ar fud an oileáin, lena n-áirítear Ionad Ailse an Iarthuaiscirt, Cuibhreannas Ailse Uile-Oileáin, Líonra Galar Croí ó Bhroinn agus ár seirbhísí otharchairr náisiúnta.
"Tá an-áthas orm go raibh an deis agam an dul chun cinn atá déanta san Ospidéal Nua Leanaí a fheiceáil inniu ó thug mé cuairt dheireanach air agus a léiriú do mo chomhghleacaí, an tAire Nesbitt, go bhfuil ár bhfís curtha i gcrích. Le fógairt an Aire Nesbitt le déanaí faoi thionscadal ospidéal na leanaí i mBéal Feirste san áireamh fosta, ní fada go mbeidh freastal i bhfad níos fearr á dhéanamh ar leanaí an oileáin seo agus a dteaghlaigh, agus táim ag súil go mbeidh torthaí feabhsaithe agus eispéiris níos fearr ann ag leanaí agus a dteaghlaigh mar thoradh ar an dá ospidéal.
"Táim tiomanta don chomhoibriú reatha maidir le sláinte atá againn a dhoimhniú agus a leathnú agus táim ag tnúth le tuilleadh plé a dhéanamh leis an Aire Nesbitt, go díreach agus trínár gcomhoibriú comhpháirteach sa Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas."
Chuir an tAire Sláinte Nesbitt leis an méid sin, ag rá:
"Is céim thábhachtach í an chuairt seo inár dtiomantas chun an caighdeán cúraim is airde a chinntiú do gach leanbh, beag beann ar theorainneacha. Is infheistíocht shuntasach i gcúram sláinte péidiatrach é Ospidéal Nua na Leanaí i mBaile Átha Cliath agus tá áthas orm go mbeidh rochtain ag leanaí ó Thuaisceart Éireann ar a shainseirbhísí máinliachta cairdiach. Tá ról ríthábhachtach ag comhoibriú trasteorann i gcúram sláinte le fada maidir le sainseirbhísí a sholáthar a d'fhéadfadh a bheith inmharthana ar bhonn dlínse aonair. Is príomhshampla é seo den chaoi ar féidir le hobair le chéile na torthaí is fearr is féidir a chinntiú do leanaí agus dá dteaghlaigh. Táim ag tnúth lenár gcomhoibriú a neartú tuilleadh."
Nótaí:
Leanann an Roinn Sláinte in Éirinn ag obair chun tacú le doimhniú agus leathnú an chomhoibrithe Thuaidh-Theas i soláthar cúraim sláinte trí naisc dhíreacha idir oifigigh agus baill foirne cliniciúla sa dá dhlínse, agus trí rannpháirtíochtaí trasteorann cosúil leis an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas, Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, agus Tionscnamh Maoinithe Trasteorann an AE, PEACEPLUS.
Cuirfidh Ospidéal Nua na Leanaí 39 speisialtacht chliniciúil ar fáil in aon áit amháin agus feidhmeoidh sé mar mhol do ghéarchúram péidiatrach go náisiúnta. Beidh naisc shoiléire ag an ospidéal le haonaid phéidiatracha réigiúnacha agus áitiúla. Tacóidh sé seo le cúram a sholáthar chomh gar don bhaile agus is cuí go cliniciúil. Beidh 380 seomra d'othair chónaitheacha aonair san ospidéal. Beidh 300 de na seomraí d'othair chónaitheacha en suite agus beidh leaba ann freisin do thuismitheoir/caomhnóir. Beidh 20 leaba meabhairshláinte do leanaí agus d'ógánaigh, agus 60 seomra cúraim chriticiúil, ina mbeidh 22 leaba chairdiach, 20 leaba phéidiatrach, agus 18 leaba nua-naíoch. Beidh leapacha 93-lá agus 22 amharclann agus seomra obráide ann freisin.
I measc na n-áiseanna ar an gcampas tá ionad oideachais tríú leibhéal do suas le 2,500 gairmí cúraim sláinte fochéime agus iarchéime, a bheidh comhdhéanta de léachtlanna, seomraí seimineáir, spásanna comhoibrithe, agus leabharlann tríú leibhéal. Beidh 14 gairdín agus clós ar champas an ospidéil thar cheithre acra, agus seomraí súgartha nó áiteanna súgartha i mbeagnach gach barda.
Tá comhtháthú de na trí ospidéal agus den lucht oibre leanaí atá ann cheana féin roimh oscailt an ospidéil ar siúl faoi láthair agus tá an próiseas coimisiúnaithe d'Ospidéal Nua na Leanaí chun cinn. Tá an dá ionad satailíte i dTamhlacht agus i gConghaile, atá ina ngarspriocanna móra sa chlár, oscailte agus an múnla nua de chúram á sholáthar iontu.
D'fhógair an tAire Nesbitt gur ceadaíodh forbairt nua ospidéil do leanaí ar luach £671 milliún i mBéal Feirste ar an 19 Feabhra 2025. Beidh an áis úrscothach 10 n-urlár, ar tionscadal suaitheanta de chuid an Fheidhmeannais é, lonnaithe laistigh de shuíomh Ospidéal Ríoga Victoria i mBéal Feirste. Beidh 155 leaba, 10 n-amharclann, agus Rannóg Éigeandála a bheidh in ann freastal ar suas le 45,000 páiste in aghaidh na bliana. Beidh 80% de na leapacha i seomraí singile le háiseanna príobháideacha ensuite, agus bainfidh gach barda tairbhe as spásanna sóisialta agus súgartha, le háiseanna do thuismitheoirí agus limistéir foirne ar leithligh.