Tairseach áirithinte le haghaidh coraintín éigeantaigh in óstáin beo
- Foilsithe: 23 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an tairseach áirithinte le haghaidh coraintín éigeantaigh in óstáin beo anois. Tá an tairseach ar fáil ag www.gov.ie/quarantine.
Ceanglaítear anois ar gach paisinéir a thagann go hÉirinn ó Stáit ainmnithe tar éis 04.00 maidin Dé hAoine, an 26 Márta lóistín a chur in áirithe roimh ré i saoráid coraintín ainmnithe, agus an lóistín sin a íoc roimh ré.
Is í an chéad saoráid a bheidh ar fáil chun glacadh le taistealaithe ná Óstán Aerfort Bhaile Átha Cliath an Crowne Plaza i Seantrabh.
Roghnaíodh Grúpa Óstán seanbhunaithe Tifco mar sholáthraí seirbhíse chun cabhrú leis an Stát coraintín éigeantach in óstáin a chur ar fáil.
Cuirfear óstáin bhreise ón ngrúpa leis de réir mar is gá chun tacú leis an Stát an beart tábhachtach sláinte poiblí seo a chur i bhfeidhm.
Cuirfidh Grúpa Ostán Tifco seirbhísí cóiríochta lánlóistín ar fáil d’aíonna i saoráidí atá ainmnithe go heisiach chun críche coraintín.
Ina theannta sin, soláthróidh an soláthraí seirbhíse seirbhísí iompair ar an talamh agus slándála, chomh maith le seirbhísí sláinte agus folláine do thaistealaithe, laistigh dá saoráidí.
Ceanglaítear ar gach paisnéirí a thaistealaíonn go hÉirinn ó Stáit ainmnithe, lena n-áirítear iad siúd a d'aistrigh trí chalafort nó aerfort i Stát ainmnithe, fiú má fhanann siad ar thaobh an aeir nó ar thaobh an chalafoirt, sna 14 lá roimh dóibh teacht isteach go hÉirinn, dul isteach i gcoraintín éigeantach in óstán.
Baineann sé seo le gach paisinéir a bhí i Stát ainmnithe nó a d'aistrigh trí Stát ainmnithe, beag beann ar náisiúntacht. Is é aidhm an bhirt seo an daonra a chosaint nuair atá riosca ard ann go dtabharfar isteach ionfhabhtú ó COVID-19 agus ó dhúshláin a bhaineann le hathraithigh nua a bhfuil imní fúthu.
Caithfidh tú dul isteach i gcoraintín éigeantach in óstán, is cuma cén tír as a dtagann tú (stáit ainmnithe agus neamh-ainmnithe), mura dtugann tú fianaise go bhfuil toradh diúltach nó ‘neamhbhraite’ agat ó thástáil Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise Cúl-trascrioptáise Cainníochtúil (RT-PCR) COVID-19 a rinneadh tráth nach déanaí ná 72 uair a chloig roimh duit teacht isteach go hÉirinn.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar www.gov.ie/quarantine.
Nótaí
Cad iad na hóstáin a úsáidfear don chéad lá de choraintín éigeantach in óstán?
Beidh Grúpa Óstán Tifco freagrach as a chinntiú go bhfuil saoráidí ainmnithe ar fáil chun coraintín éigeantach a sholáthar.
Cén costas a bheidh ar gach taistealaí?
Ráta (do phacáiste caighdeánach 12 oíche leis na seirbhísí go léir san áireamh) | Ráta Lae (dóibh siúd atá ag teacht isteach ó Stáit neamh-ainmnithe gan aon Tástáil PCR réamhimeachta) | |
Ráta do dhuine fásta amháin i 1 Seomra | €1875 | €150 |
Ráta Breise do 1 Duine Fásta - Seomra i bPáirt (nó leanbh os cionn 12) | €625 | €55 |
Ráta Breise do Leanbh - Seomra i bPáirt Aois 4-12 | €360 | €30 |
Ráta do Naíonáin (0-3) | €0 | €0 |
Cé mhéad seomra atá ar fáil don Stát ar an gcéad lá?
Cuirfidh Grúpa Óstán Tifco seomraí ar fáil de réir mar is gá. Ní mór dóibh siúd a chaithfidh dul isteach i gcoraintín éigeantach in óstán áirithint a dhéanamh sula dtagann siad go hÉirinn www.gov.ie/quarantine.
Conas a gheobhaidh paisinéirí óna bport iontrála chuig an óstán?
Beidh Grúpa Óstán Tifco freagrach as iompar ar an talamh a sholáthar do thaistealaithe óna bpointe iontrála chuig an tsaoráid ainmnithe. Déanfaidh Óglaigh na hÉireann maoirseacht ar an bpróiseas seo.
An mbeidh an t-óstán ag óstáil taistealaithe nó aíonna eile agus é ag gníomhú mar shuíomh coraintín éigeantach?
Ní bheidh, tá na saoráidí le húsáid go heisiach ag na taistealaithe sin a bhfuil coraintín éigeantach a dhéanamh acu.
Cad iad na tacaíochtaí atá ar fáil d’aíonna a bhfuil coraintín éigeantach á dhéanamh acu?
Cuirfidh Grúpa Óstán Tifco raon tacaíochtaí sláinte agus folláine ar fáil d'aíonna. Déanfaidh FSS tástáil COVID-19 agus déanfaidh soláthraí cúraim sláinte ar leithligh measúnú ar gach aoi agus forbróidh sé pleananna cúraim iomchuí nuair is gá i ngach saoráid. Déanfaidh siad seiceálacha rialta folláine freisin.
An mbeidh oiliúint shonrach ar fáil d'fhoireann an ostáin maidir le déileáil le paisinéirí?
Beidh. Rinneadh cláir oiliúna an óstáin, agus na nósanna imeachta oibríochta a nuashonrú de réir threoirlínte FSS um chosc agus um rialú ionfhabhtuithe (IPC) COVID-19. Ina theannta sin, tá óstán Aerfort Crowne Plaza i mBaile Átha Cliath deimhnithe ag Cairt Sábháilteachta Fáilte Ireland. Críochnófar aon oiliúint bhreise is gá roimh an 22 Márta.
Chuir Grúpa Óstán Tifco nósanna imeachta mionsonraithe ar fáil dá mbaill foirne maidir le haíonna a sheiceáil isteach, a sheiceáil amach, sosanna lasmuigh a éascú agus freastal ar aíonna sa Chóras Coraintín Éigeantach in Óstán.
An bhfuil aíonna a bhfuil sainriachtanais mhíochaine nó shóisialta acu curtha san áireamh ag an óstán?
Déanfaidh soláthraí cúraim sláinte measúnú ar gach aoi agus forbrófar pleananna cúraim iomchuí nuair is gá i ngach saoráid. Déanfaidh siad seiceálacha rialta folláine freisin.
An bhfuil an t-óstán oiriúnach d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí?
Tá.
An bhfuil biachláir le riachtanais aiste bia curtha san áireamh ag an óstán?
Tá.
Cé mhéad rogha atá ag an aíonna maidir le ham béilí agus lena réimeanna aclaíochta?
Ní oibreoidh an t-óstán seirbhís bia sa seomra ach amháin nuair a sheachadfar béilí go díreach chuig doras an aoi. Forbraíodh biachlár cuimsitheach bia sa seomra maidir le gach am béile. Féadfaidh aíonna aon riachtanais bhreise bia agus dí a cheannach ón roghchlár seirbhíse seomra.
Tugtar spreagadh d'aíonna aclaíocht a dhéanamh nuair is féidir le linn a dtréimhse san óstán. Forbraíodh clár aclaíochta ar líne, ina theannta sin beidh rochtain ag aíonna ar limistéar lasmuigh laistigh de thailte an óstáin. Ag teacht le treoirlínte um chosc agus um rialú ionfhabhtuithe (IPC), ní mór d’aíonna amanna a chur in áirithe chun rochtain a fháil ar an áis seo.
Cad iad na bealaí atá i bhfeidhm le haghaidh saincheisteanna a bhaineann le cur isteach nó iompar frithshóisialta sna háiseanna seo?
Chomh maith le hOifigeach Teagmhála Stáit Óglaigh na hÉireann, beidh conraitheoir slándála ceadúnaithe PSA ag Grúpa Óstán Tifco i ngach saoráid. Tá an Garda Síochána ar fáil mar phointe méadaithe mar fhreagairt ar aon eachtra den sórt sin.
An mbeidh an rogha ag na haíonna siamsaíocht laistigh den seomra nó bia breise a cheannach, nó an mbeidh siad seo ar fáil?
Beidh. Beidh raon iomlán seirbhísí laistigh den seomra ar fáil d’aíonna, lena n-áirítear WiFi saor in aisce, an córas siamsaíochta laistigh den seomra agus biachláir seirbhíse seomra. Tá an pacáiste scannáin atá ar fáil mar chuid den chóras siamsaíochta teilifíse laistigh den seomra curtha san áireamh sa phacáiste cóiríochta d’aíonna a bhfuil coraintín a dhéanamh acu san óstán.
Cad a tharlóidh i gcás aslonnú sábháilteacht dóiteáin sa tsaoráid ainmnithe?
Má tharlaíonn aslonnú, leanfar córais agus nósanna imeachta aslonnaithe dóiteáin/éigeandála an óstáin go hiomlán. Éileofar ar aíonna cloí le scaradh sóisialta agus maisc aghaidhe a chaitheamh agus teacht le chéile ag an ionad tionóil dóiteáin.
An gcaithfidh mé féin nó mo theaghlach dul isteach i gcoraintín éigeantach?
Baineann coraintín éigeantach le gach paisinéir a bhíonn ag taisteal ó Stáit ainmnithe, nó a théann trí stáit ainmnithe, beag beann ar náisiúntacht, chomh maith le paisinéirí a thagann ó aon áit nach bhfuil toradh diúltach/'neamhbhraite' acu ó thástáil RT-PCR a glacadh 72 uair an chloig roimh a theacht go hÉirinn dóibh. Tá sé mar aidhm ag coraintín éigeantach an daonra a chosaint ar dhúshláin a chruthaíonn athraithigh nua atá ina n-ábhair imní.
Cad iad na socruithe le haghaidh aclaíochta/aer úr?
Freastalófar ar shosanna ainmnithe aer úr san óstán. Beidh spás ainmnithe slán sábháilte le haghaidh sosanna aer úr ar fáil san óstán. Ba chóir na sosanna seo a chur in áirithe roimh ré. Déanfaidh an t-óstán gach iarracht freastal ar aíonna ag an am is fearr leo.
Ag an am iarrtha buailfidh duine Slándála ar dhoras an aoi agus rachaidh sé in éineacht leo chuig an limistéar ainmnithe. Déantar monatóireacht ar gach limistéar lasmuigh. Rachaidh an duine Slándála leis na haíonna ar ais chuig a seomra leapa tar éis a tsosa. D’fhonn aíonna eile agus foireann an óstáin a chosaint, ní cheadófar sos aer úr ach amháin tar éis duit tástáil PCR lá 0 a fháil.
D’fhéadfadh go mbeadh na féidearthachtaí maidir le sosanna aclaíochta / aer úr difriúil ó shaoráid amháin go saoráid eile.
An mbeidh svuít nó seomra teaghlaigh ar fáil do mo theaghlach?
Beidh, cinnteoidh na hóstáin gur féidir le grúpaí teaghlaigh fanacht i seomraí teaghlaigh nó i seomraí taobh le taobh. Má tá aon riachtanais bhreise agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh go díreach leis an óstán.
An bhfuil próiseas achomhairc/tarscaoilte ann maidir le Coraintín Éigeantach in Óstán?
Foráiltear leis an mBille Sláinte (Leasú) 2021, a foilsíodh Dé hAoine, an 19 Feabhra, do thaistealaithe achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí a bhaineann lena gcoraintín, forálacha chun coraintín a fhágáil faoi chúinsí eisceachtúla (amhail éigeandálaí leighis nó ar chúiseanna daonnúla), agus na forálacha speisialta a ligfidh dóibh siúd atá ag lorg cosanta idirnáisiúnta nó do mhionaoisigh gan tionlacan tabhairt faoina gcoraintín in imthosca iomchuí.
Cad a tharlóidh má thagaim ar an mbád farantóireachta i bhfeithicil?
Tabhair ar aird le do thoil má thagann tú go hÉirinn i bhfeithicil trí chalafort (seachas tiománaithe díolmhaithe fheithiclí earraí troma) beidh ort d’fheithicil a pháirceáil ag an gcalafort sula n-aistrítear chuig an tsaoráid choraintín ainmnithe tú.
An féidir coraintín a dhéanamh le mo pheataí?
Cuirtear in iúl do bhaill an phobail a cháilíonn do choraintín éigeantach nár chóir dóibh peataí a thabhairt isteach sa tír le linn na tréimhse seo. Ní bheidh an tsaoráid coraintín in ann freastal orthu, cé is moite de mhadraí treorach, cuirfear peataí i gcróite madra/i gcatlanna fad a bheidh an t-úinéir i gcoraintín éigeantach. Beidh costas iomlán an iompair agus na cóiríochta le linn na tréimhse seo iníoctha ag úinéir na bpeataí.
Ar athbhreithníodh na hóstáin roghnaithe chun a chinntiú gur leor an aeráil chun tarchur aeriompartha idir seomraí a chosc?
Chuir Grúpa Óstán Tifco gach beart i bhfeidhm a bhaineann le hoibriú sábháilte na gcóras aerála agus aerchóirithe a chinntiú go hiomlán de réir Threoirlínte Fáilte Ireland maidir le hÓstáin agus Tithe Lóistín a Athoscailt. Dheimhnigh Innealtóirí Aerála an óstáin nach ndéantar aer a imshruthú idir seomraí.
Cad iad na critéir a bhí le comhlíonadh ag na soláthraithe óstán d’fhonn go ndéanfaí iad a bhreithniú don chonradh?
I bhfianaise an ghá na seirbhísí coraintín éigeantacha a bhunú in achar ama brostaithe, rinneadh cleachtadh scóipe tosaigh, ina raibh roinnt oibreoirí margaidh páirteach. Rinneadh athbhreithniú ar na tograí tosaigh sin bunaithe ar an gcumas an tsraith leathan seirbhísí atá i gceist a sholáthar, an cumas seachadadh in achar ama brostaithe, agus na samhlacha costais atá beartaithe.
Cén fáth gur measadh gurb é Tifco an t-iarrthóir is fearr le haghaidh coraintín in óstán?
Bronnadh an conradh ar Tifco bunaithe ar a gcumas an tsraith leathan seirbhísí atá i gceist a sholáthar, a gcumas seachadadh in achar ama brostaithe, agus ar an tsamhail chostais atá beartaithe acu.
Cé mhéad a chosain an córas iomlán seo ar an Stát go dtí seo?
Fabhróidh costais nuair a thiocfaidh an córas i bhfeidhm.
Cad a tharlaíonn do mhionaoisigh gan tionlacan?
Ní cheadófar do mhionaoisigh gan tionlacan a thagann isteach sa Stát agus a thaistil ó stát ainmnithe nó trí stát ainmnithe sna 14 lá roimh theacht go hÉirinn dul isteach i saoráid coraintín éigeantach leo féin. Tá dhá rogha i gceist:
- féadfaidh a gcaomhnóir fásta dul i gcoraintín éigeantach in óstán in éineacht leo; nó
- mura féidir é sin a dhéanamh caithfidh a gcaomhnóir gealltanas i scríbhinn a shíniú lena chinntiú go gcloífidh an leanbh le rialacha coraintín tá faoina gcúram sa bhaile nó i scoil chónaithe
Tógfar isteach faoi chúram Túsla mionaoiseach gan tionlacan a dteastaíonn cúram stáit uaidh agus cuirfidh sé a choraintín éigeantach i gcrích ag saoráid ar leithligh.
Cad a tharlaíonn do dhaoine a thagann go hÉirinn ag lorg tearmainn?
Cinnteoidh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige go gcomhlánóidh na daoine atá ag lorg tearmann in Éirinn coraintín ag saoráid chuí.
Má bhíonn deacrachtaí airgeadais nó mura bhfuil paisinéir, ar gá dó taisteal go hÉirinn, in ann áirithint coraintín éigeantach a dhéanamh, cad ba cheart dó a dhéanamh?
Ceanglaítear ar gach taistealaí íoc as a gcoraintín éigeantach. Ba cheart d’aon saoránach Éireannach a mbíonn deacrachtaí aige thar lear teagmháil a dhéanamh ar dtús le hAmbasáid áitiúil na hÉireann chun comhairle a fháil.