Taispeánann an tAire Naughton rath na seirbhísí Sláinte agus Folláine áitiúla in Iarthar Chorcaí
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Beidh an tAire Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton, ar chuairt inniu in Iarthar Chorcaí le féachaint conas atá na seirbhísí nua ag cur feabhais ar chaighdeán saoil chónaitheoirí an chontae.
Buailfidh sí le hionadaithe ó Chomhairle Contae Chorcaí, Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus comhpháirtithe pobail a chabhraigh leis na raon seirbhísí seo a chur ar fáil, a fheabhsaíonn saol mhuintir na háite.
Cuirfidh an tAire tús leis an lá le cuairt a thabhairt ar Gabriel Lodge a chuireann seirbhísí cónaithe ar fáil dóibh siúd atá gan dídean i ndiaidh dóibh a bheith scaoilte ón ospidéil nó ó sheirbhísí cónaithe andúile. Feicfidh an tAire í fhéin cé chomh rathúil is atá an cúram cuimsitheach a chuirtear ar fáil i bhfoirm pleananna cúraim idirghníomhaireachta, atá mar chomhthionscnamh píolótach idir FSS agus Simon Chorcaí.
Agus í ar chuairt ag Ionad Cúraim Phríomhúil Chloich na Coillte, cloisfidh sí ó rannpháirtithe tograí éagsúla atá maoinithe ag an FFS, mar shampla cúrsaí Healthy Food Made Easy, ranganna FunFit agus ceardlanna Staying Fit for the Future.
Buailfidh sí freisin le hionadaithe Ionad Taistealaithe Iarthar Chorcaí i gCloich na Coillte.
Agus í sa Sciobairín, tabharfaidh an tAire cuairt ar Uillinn Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí le foghlaim faoi dul chun cinn cláir rannpháirtíochta pobail, an togra "Blanket Stitch" san áireamh agus buailfidh sé le hionadaithe ó Fhóram Sláinte Oileáin Iarthar Chorcaí.
Dúirt an tAire Naughton:
"Is iad na pobail a mhúnlaíonn go leor gnéithe dár saol, agus d'fhéadfadh rannpháirtíocht trí chruthaitheacht, gníomhaíocht choirp agus oideachas sláinte agus folláine na ndaoine a fheabhsú.
"Táim ag tnúth go mór le cloisteáil ó gach duine atá bainteach i dtograí Éire Sláintiúil agus le bualadh leis an bhfoireann a oibríonn gan stad gan staonadh seacht lá na seachtaine ar mhaithe leis an bpobal.
"Táim ag súil go mór mór le héagsúlacht na gclár atá ar fáil do gach caitheamh aimsire a fheiceáil agus le tuiscint a fháil ar conas a bhfuil cláir folláine fite fuaite i saol na rannpháirtithe."
Tá an tAire le bualadh le hionadaithe ó na Seirbhísí Oidisiúcháin Shóisialta áitiúla freisin, a leagfaidh amach an rath atá orthu go dtí seo agus iad ag cur raon tacaíochtaí neamhchliniciúl ar fáil sa phobal.
Dúirt an tAire Naughton:
"D'fhéadfadh oideasú sóisialta a bheith ina rogha malartach maith do chógas i gcásanna áitrithe, agus is acmhainn thar a bheith luachmhar é do go leor daoine.
"Tá suim faoi leith agam i raon na dtacaíochtaí atá ar fáil sa réimse seo a chintíonn go bhfuil torthaí sláinte níos dearfaí dóibh siúd a úsáideann iad."
Chuir an tAire críoch lena cuairt i gCorcaigh le cruinniú le Tionscadal Mná i gCoinne an Fhoréigin Iarthar Chorcaí atá tar eis tacaíocht a chur ar fáil do mhná an cheantair le breis is fiche bliain anuas.