English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tiomantas don bhonneagar sláinte digiteach dearbhaithe ag an Aire Donnelly agus €3.6 milliún de mhaoiniú ón AE á fhógairt aige

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Nollaig 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Dhearbhaigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly tiomantas na hÉireann do sheachadadh Spás Eorpach Sonraí Sláinte (‘EHDS’) trí fhógra faoi infheistíocht i mbonneagar sláinte digiteach.

Beidh an EHDS ar an gcéad spás coiteann sonraí Eorpach a chuirfear ar fáil faoi Straitéis Sonraí na hEorpa. Tá sé deartha chun rochtain ar agus an sreabhadh sonraí sláinte a mhéadú ar mhaithe le hothair, soláthraithe cúraim sláinte agus taighdeoirí.

Bronnadh €3.6 milliún de mhaoiniú AE ar an Roinn Sláinte chun tacú le Comhlacht Rochtana Sonraí Sláinte (HDAB) a bhunú. Déanfaidh an HDAB taighdeoirí agus lucht déanta beartas a nascadh le tacair sonraí sláinte anaithnidithe lena gcumasófar léargais a chuirfidh feabhas ar an seachadadh de sheirbhísí cúraim sláinte in Éirinn.

Tá buiséad iomlán de €6 milliún (ranníocaíocht náisiúnta €2.4 milliún agus €3.6 milliún i maoiniú AE) ag an tionscadal agus cuirfear ar fáil é i gcomhar leis an Roinn Sláinte, an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) agus an Bord Taighde Sláinte (HRB).

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá an-áthas orm a fhógairt gur bronnadh maoiniú AE €3.6m ar mo Roinn chun EHDS a chur i bhfeidhm. Cuireann an cinneadh maoinithe seo ar ár gcumas an bonneagar a theastaíonn chun seirbhís rochtana sonraí sláinte in Éirinn a fhorbairt. Éascaíonn anailís níos fearr ar shonraí sláinte léargais chumhachtacha ar an gcaoi a gcuirtear seirbhísí ar fáil go náisiúnta agus tacaíonn sé le taighde ar chóireálacha nuálacha nua."

Déanfaidh an EHDS:

  • Rochtain níos tapúla agus níos éasca a sholáthar ar thaifid sláinte leictreonacha phearsanta in Éirinn agus ar fud an AE;
  • Daoine a chumhachtú le rochtain agus smacht digiteach méadaithe acu ar a sonraí sláinte pearsanta;
  • Ardán slán, leictreonach a fhorbairt do sholáthraithe cúram sláinte chun rochtain a fháil ar shonraí othar ar fud an AE, le cúram othar feabhsaithe a bhaint amach.

Tháinig ambasadóirí Bhallstáit an Aontais ar chomhaontú maidir le sainordú na Comhairle Eorpaí, chun rialachán nua a chur i bhfeidhm, as a dtiocfaidh bunú an EHDS. Tá tús curtha anois leis an bplé idir an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach chun teacht ar chomhaontú maidir le dul chun cinn an rialacháin seo.

Chun tacú le bunú an EHDS, tá an Bille um Fhaisnéis Sláintenáisiúnta á chur chun cinn ag an Roinn Sláinte.


Nótaí

Tá téacs rialachán EHDS ar fáil anseo.

Moltar sa Straitéis Sonraí Eorpach naoi gComhspás Sonraí de chuid an Aontais Eorpaigh a mbeidh an tSláinte ar an gcéad cheann díobh. Is spásanna sonraí iad na cinn eile don Tionscal & Déantúsaíocht, Talmhaíocht, Airgeadas, Soghluaisteacht, Comhaontú Glas, Fuinneamh, Riarachán Poiblí, Scileanna.