Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tionscnamh na Mear-Chathracha Fógraíonn an Taoiseach agus na hAirí Sláinte cistiú €450k chun feabhas a chur ar an bhfreagairt do VEID

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Meitheamh 2019
  • An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2019

Inniu, chláraigh an Taoiseach Leo Varadkar, Simon Harris, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, le tionscnamh domhanda a bhfuil mar aidhm leis cosc agus cóireáil an víris easpa imdhíonachta daonna (VEID) a fheabhsú agus an stiogma a bhaineann leis an ngalar a laghdú.

Is é atá i dtionscnamh na Mear-Chathracha VEID (“Fast-Track Cities”) ná comhpháirtíocht dhomhanda a chuimsíonn beagnach 300 cathair, Clár Comhpháirteach na Náisiún Aontaithe maidir le VEID/SEIF (siondróm easpa imdhíonachta faighte) agus an Cumann Idirnáisiúnta Soláthraithe Cúraim SEIF. Seoladh an tionscnamh i bPáras sa bhliain 2014.

Fógraíodh cistiú €450k chun tús a chur leis an tionscnamh in Éirinn freisin. Úsáidfear an cistiú sin chun cur le feasacht an phobail ar VEID agus chun tacú le tástáil VEID sa phobal i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh. Úsáidfear é chomh maith chun feachtas náisiúnta um laghdú stiogma a reáchtáil, rud a soláthróidh an Clár um Shláinte Ghnéasach agus Toirchis Ghéarchéime i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus comhpháirtithe VEID i ngach cathair é.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:

“Is é aidhm an Rialtais an líon daoine a tholgann VEID a laghdú. Mar sin, táimid ag iarraidh cabhrú le daoine dul faoi thástáil agus a stádas a fháil amach. Téann daoine a bhfuil a stádas ar eolas acu i muinín cóireála agus bíonn seans i bhfad níos lú ann go dtabharfadh siad an galar do dhaoine eile. Tá an-áthas orm go bhfuil Éire ag dul i bpáirt le cathracha agus comhpháirtithe eile ar fud an domhain sa tionscnamh domhanda seo chun VEID a chomhrac. Agus sinn ag obair i gcomhar lena chéile ar an mbealach sin, cabhrófar linn an dea-chleachtas a shainaithint agus a chomhroinnt lena chéile.

“Nuair a d’fhógraíomar anuraidh go mbeadh clár próifiolacsais réamhnochta á thabhairt isteach againn, dúirt grúpaí tathanta agus grúpaí LGBTI+ gur ghá méadú ar an tástáil sa phobal ag an am céanna. D’éisteamar leis an aiseolas sin. Faoi thionscnamh na Mear-Chathracha VEID, leathnóimid an tástáil VEID sa phobal arís eile agus músclóimid feasacht ar na tairbhí a bhaineann le cóireáil. Déanfar fíorinfheistíocht san obair sin; cuirfear cistiú €450,000 ar fáil do thástáil i nGaillimh, i gCorcaigh, i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath agus do chlár feasachta náisiúnta. Trína bheith ag obair ar leibhéal áitiúil, beimid in ann teacht ar na daoine ar gá dúinn dul i bhfeidhm orthu agus rátaí VEID a laghdú ar fud na hÉireann.”

Dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte:

“Tá sláinte ghnéasach ar cheann de na príomhthosaíochtaí atá againn faoin gclár Éire Shláintiúil agus táim ag díriú, ó ceapadh mar Aire Sláinte mé, ar an líon cásanna nua VEID a thagann chun cinn in Éirinn a laghdú mar ábhar tosaíochta. Ba mhaith liom an tAire Byrne a mholadh as a hobair leanúnach ina leith sin freisin.

“Is é an aidhm atá le tionscnamh na Mear-Chathracha feabhas a chur ar an obair atá ar siúl faoi láthair chun VEID a chosc agus chun idirghabháil a dhéanamh i gcásanna VEID.

“Maidir leis sin, is mórchúis áthais dom go bhfuilim in ann cistiú breise €450,000 a leithdháileadh ar FSS lena úsáid shonrach ar fhorbairtí amhail tástáil phobalbhunaithe VEID agus seirbhísí for-rochtana, mar aon le feachtais phoiblí a mbeidh i gceist leo stiogma a laghdú agus an clár nua próifiolacsais réamhnochta a chur chun cinn níos déanaí i mbliana.”

Dúirt Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte:

“Treisíonn rannpháirtíocht na hÉireann i dtionscnamh na Mear-Chathracha leis an tiomantas atá againn do ghéarú ar ár bhfreagairt do VEID. Tá sé mar aidhm againn deireadh a chur leis an stiogma a bhaineann le VEID agus faisnéis, tástáil agus cóireáil a dhéanamh níos inrochtana, go háirithe do ghrúpaí atá i mbaol. Tá lúcháir orm gur éirigh linn teacht ar an gcistiú breise a theastaíonn chun an méid sin a dhéanamh agus chun obair ár Straitéise Náisiúnta um Shláinte Ghnéasach a chur ar aghaidh. Mar thoradh ar an tionscnamh seo, neartófar arís eile an chomhpháirtíocht atá ar bun idir FSS, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe áitiúla i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh, rud atá ríthábhachtach maidir le dul i ngleic le VEID sa phobal”.

Dúirt an Dr Jose Zuniga, Uachtarán ar an gCumann Idirnáisiúnta Soláthraithe Cúraim VEID, >“Cuireann an Cumann fáilte roimh na cathracha Éireannacha – Corcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Luimneach – go líonra na Mear-Chathracha agus molaimid an tiomantas polaitiúil a thaispeáin Méara na gcathracha, i gcomhpháirt leis na pobail lena mbaineann, do dheireadh a chur le heipidéimí VEID sa cheantar áitiúil. Molaimid an Roinn Sláinte freisin as an infheistíocht atá á déanamh aici i ngníomhaíochtaí Mhear-Chathracha Éireann. Is é an infheistíocht sin an bunús leis na pleananna uaillmhianacha atá ann chun tástáil VEID a mhéadú ó scála, chun naisc a fhorbairt le cúram coisctheach agus teiripeach, agus chun deireadh a chur leis an stiogma a bhaineann le SEIF go fóill sa lá atá inniu ann, beagnach daichead bliain ó tháinig an eipidéim dhomhanda VEID chun cinn den chéad uair.”

Dúirt Bernard Condon SC, Cathaoirleach ar Chumann VEID Éireann:

“Cuirimid fáilte ó chroí roimh thiomantas an Rialtais do thionscnamh na Mear-Chathracha agus aithnímid an ról a d’imir an Taoiseach agus an tAire Sláinte maidir leis an gcloch mhíle seo a bhaint amach. Tá acmhainn ag an tionscnamh fíordhifear a dhéanamh do dhaoine. Déanfaidh Cumann VEID Éireann agus ár gcomhghleacaithe ar fud na tíre ár gcion chun cabhrú le hÉirinn na gealltanais atá tugtha aici a chomhlíonadh, is iad sin: an líon ionfhabhtuithe nua VEID a laghdú, tástáil a mhéadú agus dul i ngleic leis an stiogma a gcuirtear daoine a bhfuil VEID orthu faoina réir. Tá bród orainn gur ghabh an tír uirthi féin na spriocanna sin a bhaint amach.”

A bhuí leis an gcistiú, cumasófar don chlár tástála VEID sa phobal é féin a leathnú tuilleadh chun go bhfreastalóidh sé ar phobail eile atá i mbaol, amhail imirceach. Is é an sprioc atá ann 3,250 tástáil a dhéanamh sna ceithre chomhpháirtí a gheobhaidh cistiú sa bhliain 2019 – Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach – ar mhaithe le mearthástáil VEID sa phobal a sholáthar do phobail atá i mbaol.


FastTrackCities


SexualWellbeing


HIV

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Maidir le tionscnamh na Mear-Chathracha (“Fast-Track Cities”)

Is é atá i dtionscnamh na Mear-Chathracha ná comhpháirtíocht dhomhanda idir beagnach 300 ceann de chathracha agus de bhardais, an Cumann Idirnáisiúnta Soláthraithe Cúraim SEIF, Clár Comhpháirteach na Náisiún Aontaithe maidir le VEID/SEIF (UNAIDS), Clár na Náisiún Aontaithe um Lonnaíochtaí don Duine (UN-Habitat) agus Cathair Pháras. Tá siad ag obair i gcomhar lena chéile chun deireadh a chur leis an líon ionfhabhtuithe nua VEID, leis an líon básanna a bhaineann le SEIF agus leis an stiogma/idirdhealú a bhaineann le VEID. Seoladh an tionscnamh i bPáras ar an Lá Domhanda SEIF 2014.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar: https://www.iapac.org/fast-track-cities