Titeann an leibhéal caitheamh tobac go 17% den daonra - an Suirbhé Éire Shláintiúil
- Foilsithe: 20 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 20 Samhain 2019
- Murtall: Is mórábhar imní é seo go fóill, agus 60% den daonra róthrom nó murtallach
- Gníomhaíocht: Baineann 54% d’fhir agus 38% de mhná an t-íosleibhéal molta gníomhaíochta fisiciúla amach
- Codladh: Faigheann aosaigh 7.1 uair an chloig codlata ar an meán gach oíche le linn na seachtaine
- Cúramóirí: Tuairiscíonn 42% de chúramóirí go bhfuil siad féin thíos le tinneas fadtéarmach nó fadhb shláinte fhadtéarmach
Rinne Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, torthaí an tSuirbhé bhliantúil Éire Shláintiúil a fhoilsiú inniu. Ba í an Roinn Sláinte a chistigh an suirbhé agus ba é Ipsos MRBI a sheol é.
Tháinig laghdú ar an ráta caitheamh tobac ó 23% sa bhliain 2015 go 17% sa bhliain 2019. Is é sin le rá gur éirigh thart ar 165,000 duine as an tobac sna cúig bliana seo a chuaigh thart. Tugadh pacáistiú pléineáilte a bhfuil rabhaidh shláinte orthu isteach faoi dhlí nua sa bhliain 2018 agus luaigh 25% de chaiteoirí gur thug an pacáistiú sin spreagadh dóibh éirí as. Rinne 40% de chaiteoirí iarracht éirí as sa 12 mhí seo a chuaigh thart agus bhí ábhair imní sláinte ar an bpríomhchúis leis an iarracht sin.
Dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte:
“Fáiltím roimh na torthaí ón Suirbhé Éire Shláintiúil i mbliana, go háirithe an titim leanúnach sa ráta caitheamh tobac. Léiríonn sé sin go bhfuil ag éirí leis an gcur chuige ilghnéitheach atá á shaothrú againn, agus reachtaíocht, tacaíocht do scor den tobac agus beartais ar bun againn chun caitheamh tobac a dhínormalú inár sochaí. Táimid ar an mbealach ceart i dtreo Éire atá Saor ó Thobac a bhaint amach.
Trí leanúint le hobair i gcomhpháirt lena chéile ar fud an Rialtais agus na sochaí i gcoitinne faoin gclár oibre Éire Shláintiúil, tá sé mar aidhm againn treochtaí dearfacha den chineál céanna a ghnóthú amach anseo i gcás tosca riosca eile amhail murtall, alcól, neamhghníomhaíocht fhisiciúil agus réim bia. Is nithe iad sin a théann i bhfeidhm ar shláinte daoine agus a bhíonn ina gcúiseanna le galar ainsealach.
A bhuí leis na torthaí atá sa tuarascáil ar an Suirbhé don bhliain 2019, cabhrófar linn faireachán a dhéanamh ar cé chomh maith agus atá ag éirí lenár mbeartais agus teacht ar bhealaí inar féidir linn tacaíocht níos fearr a thabhairt do dhaoine chun bheith sláintiúil.”
Ag labhairt di ag an seoladh, d’fháiltigh an tAire Byrne roimh fhoilsiú na tuarascála, agus í ag rá:
“I bhfianaise na rioscaí a bhaineann le caitheamh tobac, tugann na figiúirí seo muinín dúinn go bhfuilimid ar an mbealach ceart maidir le cur chun cinn na sláinte agus maidir leis na bearta reachtacha atá á gcur i bhfeidhm againn. Ábhar imní dom, áfach, is ea go bhfuil na rátaí caitheamh tobac is airde le fáil i measc aosaigh óga atá idir 25-34 bliana d’aois. Is airde i bhfad na rátaí caitheamh tobac i measc daoine dífhostaithe agus daoine a chónaíonn sna limistéir is díothaí ná i measc daoine eile freisin. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun a mheabhrú do gach duine go bhfuil raon tacaí do dhaoine atá ag iarraidh éirí as an tobac ar fáil ón tseirbhís QUIT a reáchtálann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).”
Cé gur tháinig laghdú beag ar rátaí róthroime agus murtaill i measc na bhfear ón mbliain 2017 amach (ó 70% go 66%), léirítear sna figiúirí foriomlána gur róthrom nó murtallach atá 60% díobh sin a ndearnadh suirbhé orthu. Léirítear iontu freisin nach bhfuil meáchan slán ach amháin i 37% d’aosaigh.
Dúirt an tAire Byrne:
“Mórchúis imní go fóill is ea na leibhéil róthroime agus mhurtaill atá i réim inár ndaonra. Cé gur cosúil go bhfuil na leibhéil sin ag socrú síos, níor cheart dúinn bheith réchúiseach faoin scéal. Le blianta beaga anuas, thug an Rialtas beartais fhianaisebhunaithe agus tionscnaimh agus gníomhartha éagsúla isteach chun dul i ngleic le murtall agus le neamhghníomhaíocht fhisiciúil araon, agus tá sé mar thosaíocht againn go fóill na nithe sin a chur chun feidhme. Léirítear sa suirbhé i mbliana go raibh méadú beag ann ar an líon daoine a bhíonn ag comhlíonadh na dtreoirlínte maidir le gníomhaíocht fhisiciúil, agus is údar misnigh é sin.”
Tá réimsí nua staidéir ar áireamh sa suirbhé i mbliana, lena n-áirítear codladh agus cosaint ar an ngrian. Tá codladh ina ghné thábhachtach de stíl mhaireachtála shláintiúil a leanúint agus thuairiscigh na rannpháirtithe sa suirbhé go bhfaigheann siad 7.1 uair an chloig codlata ar an meán gach oíche le linn na seachtaine.
Léirítear sna sonraí nua maidir le cosaint ar an ngrian go mbaineann 92% de rannpháirtithe úsáid as cineál éigin cosanta nuair a bhíonn siad nochta don ghrian ar feadh níos mó ná 30 nóiméad. Is iad sciath ghréine agus spéaclaí gréine na cineálacha cosanta is coitianta úsáid. Seoladh an Plean um Ailse Chraicinn a Chosc níos luaithe i mbliana, agus é ar an gcéad phlean dá chineál riamh in Éirinn. Cabhróidh na sonraí bonnlíne ón suirbhé atá á fhoilsiú inniu le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn faoin bplean sin.
Is é atá sa Suirbhé don bhliain 2019 freisin ná tuarascáil speisialta ar thuismitheoirí agus a sláinte. Léirítear na nithe seo a leanas i dtorthaí na tuarascála sin:
- Tríd is tríd, measann tuismitheoirí go bhfuil a sláinte an-mhaith agus, i gcomparáid le daoine nach tuismitheoirí iad, is lú seans go dtuairisceoidh siad tinneas fadtéarmach nó fadhb sláinte fhadtéarmach
- Is caiteoirí tobac iad 19% de na tuismitheoirí a ghlac páirt sa Suirbhé
- Tá 63% de thuismitheoirí róthrom nó murtallach
- Bíonn 49% de thuismitheoirí ag baint an leibhéil mholta ghníomhaíochta fisiciúla amach
- Thuairiscigh na tuismitheoirí a ghlac páirt sa Suirbhé go bhfaigheann siad 6.9 uair an chloig codlata ar an meán gach oíche le linn na seachtaine
Dúirt an tAire Byrne:
“Is eol dúinn go n-imríonn iompraíochtaí sláinte tuismitheoirí tionchar suntasach ar shláinte agus folláine a leanaí agus go bhfuil tuismitheoirí ina n-eiseamláir thábhachtach dá leanaí maidir le iad a spreagadh stíl mhaireachtála shláintiúil a ghlacadh. Taispeántar sa suirbhé roinnt torthaí dearfacha faoi thuismitheoirí agus faoi na hiarrachtaí atá ar bun acu chun aire a thabhairt do shláinte a dteaghlach. Taispeántar ann chomh maith na réimsí sin ina bhféadfaimis tacaíocht níos fearr a thabhairt do thuismitheoirí agus teaghlaigh ionas gur féidir leo roghanna níos sláintiúla a dhéanamh.”
Féachadh freisin sa suirbhé i mbliana ar shláinte daoine a bhfuil freagrachtaí eile cúraim orthu agus fuarthas amach ann go dtugann duine amháin as gach deichniúr dínn cabhair phearsanta neamhíoctha rialta do bhall teaghlaigh nó cara atá thíos le fadhb sláinte fhadtéarmach nó míchumas. Fuarthas amach sa suirbhé freisin go dtuairiscíonn 42% de chúramóirí go bhfuil siad féin thíos le tinneas fadtéarmach nó fadhb shláinte fhadtéarmach.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine ag an Roinn Sláinte:
“Is é seo an cúigiú babhta den Suirbhé Éire Shláintiúil, a fhágann go bhfuil againn anois sreabhadh luachmhar sonraí agus faisnéise atá cothrom le dáta faoi shláinte an náisiúin. Is sócmhainn an-luachmhar é, lena gcabhraítear leis an Roinn Sláinte agus leis an gcuid mhór comhpháirtithe atá againn faoin gClár Éire Shláintiúil faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus tionchar na hoibre comhchoitinne atá ar bun againn chun torthaí sláinte agus folláine a fheabhsú.”
Príomhthorthaí:
Caitheamh Tobac
- Caitheann 17% den daonra tobac faoi láthair. Is laghdú é sin ar an bhfigiúr 20% don bhliain seo caite agus ar an bhfigiúr 23% don bhliain 2015-16
- Caitheann 14% den daonra tobac gach lá, síos ó 17% an bhliain seo caite
- Rinne 40% de dhaoine a chaith tobac sa 12 mhí seo a chuaigh thart iarracht éirí as
- Tá 73% den daonra i bhfabhar pacáistiú pléineáilte.
- Dúirt 25% de chaiteoirí gur thug na rabhaidh shláinte ar phacáistiú tobac spreagadh breise dóibh éirí as
Meáchan
- Tá 60% den daonra róthrom nó murtallach
- Laghdaigh céatadán na bhfear atá murtallach nó róthrom ó 70% sa bhliain 2017 go 66% sa bhliain 2019
- Is mó seans go mbeidh fir sna haoisghrúpaí is sine róthrom nó murtallach ná fir in aoisghrúpaí eile, áfach. Níl meáchan slán ach amháin i 34% d’fhir idir 25 agus 34 bliana d’aois, i gcomparáid le 47% de mhná
- Tá 49% díobh sin a thuairiscigh go bhfuil siad róthrom nó murtallach ag déanamh iarracht meáchan a chailleadh
Gníomhaíocht fhisiciúil
- Bíonn 46% de dhaoine ag baint an íosleibhéil ghníomhaíochta fisiciúla a mholtar sna Treoirlínte Náisiúnta amach (is é sin le rá, bheith measartha gníomhach ar feadh 150 nóiméad in aghaidh na seachtaine)
- Baineann 54% d’fhir agus 38% de mhná an t-íosleibhéal sin amach
- Sainaithníodh srianta ama – de bharr obair, staidéar a dhéanamh nó aire a thabhairt do bhaill teaghlaigh – mar phríomhbhacainn ar dhul i mbun gníomhaíocht mhéadaithe
Freagrachtaí cúraim
- Tugann 9% de rannpháirtithe cabhair phearsanta neamhíoctha rialta do bhall teaghlaigh nó cara atá thíos le fadhb sláinte fhadtéarmach nó míchumas
- Tuairiscíonn 42% de chúramóirí go bhfuil siad féin thíos le tinneas fadtéarmach nó fadhb shláinte fhadtéarmach
- Tá 41% de chúramóirí ina dtuismitheoirí le leanbh faoi bhun 18 mbliana d’aois freisin
Nótaí don Eagarthóir
Is é seo an cúigiú hachoimre ar na torthaí ón Suirbhé Éire Shláintiúil. Cuirfear na torthaí sin leis na sonraí a bailíodh sna suirbhéanna roimhe, a foilsíodh idir na blianta 2015 agus 2017.
Rinneadh agallamh ar shampla ionadaíoch 7,413 dhuine a bhí 15 bliana d’aois nó ní ba shine idir mí Mheán Fómhair 2018 agus mí Mheán Fómhair 2019. Tugtar sa suirbhé léargas cothrom le dáta dúinn ar shláinte an náisiúin agus leagtar amach ann roinnt mhaith iompraíochtaí stíl mhaireachtála amhail caitheamh tobac, úsáid alcóil, réim bia, sláinte bhéil agus seirbhísí sláinte.
Úsáidtear na sonraí ó Shuirbhéanna Éire Shláintiúil chun buntacú le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, chun faireachán, tomhas agus meas a dhéanamh ar an dul chun cinn ar ghnéithe éagsúla den Chreat Éire Shláintiúil a chur chun feidhme agus chun lear mór oibleagáidí tuairiscithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear oibleagáidí tuairiscithe don Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, don Aontas Eorpach agus don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Tá urlabhraithe ar fáil ar iarratas. Déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Sláinte: press_office@health.gov.ie / 01 635 4477
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag www.gov.ie/HealthyIreland
CRÍOCH