English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Trí stát ainmnithe ar an liosta chun coraintín éigeantach a dhéanamh in óstán cúlghairthe ag an Aire Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, tar éis na hainmniúcháin a bhí i bhfeidhm dóibh siúd a bhí ag teacht isteach sa tír ón Albáin, ó Iosrael agus ó St. Lucia faoin gcóras coraintín éigeantach in óstán a chúlghairm. Tagann an t-athrú seo ar chomhairle an Phríomhoifigigh Leighis Ghníomhaigh le tacaíocht ón Sainghrúpa Comhairleach maidir le Taisteal.

Ag féachaint don staid eipidéimeolaíoch atá feabhsaithe go mór sna stáit atá i gceist, tá socruithe déanta ar bhonn eisceachtúil don líon beag daoine a tháinig go hÉirinn ó aon cheann de na trí stát seo le cúpla lá anuas, agus nach raibh in aon cheann eile de na stáit ainmnithe sna 14 lá sular tháinig siad go hÉirinn, cead a bheith acu coraintín éigeantach in óstán a fhágáil nuair is mian leo. Tá ceanglas dlíthiúil ar thaistealaithe den sórt sin coraintín a dhéanamh sa bhaile ar feadh 14 lá, mura bhfuair sé nó sí tástáil PCR “neamhbhraite” ar Lá 5 nó níos déanaí tar éis dó teacht go hÉirinn.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tá córas na hÉireann maidir le coraintín éigeantach in óstán ina phríomhghné i gcosaint sláinte poiblí, go háirithe le linn na tréimhse criticiúla reatha dár gclár vacsaínithe COVID-19. Sna laethanta amach romhainn tá sé i gceist agam roinnt stát breise a ainmniú chun a chinntiú go gcosnófar Éire a mhéid is féidir ó athraithigh a bhfuil imní futhú, ar riosca mór iad dár troid i gcoinne an ghalair seo."

Is iad na tíortha agus na críocha breise a bhfuil sé beartaithe ag an Aire a chur leis an liosta ná: An Bhanglaidéis, an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Chéinia, Lucsamburg, an Phacastáin, an Tuirc, SAM, Ceanada, an Airméin, Beirmiúda, an Bhoisnia agus Heirseagaivéin, Curaçao, Oileáin Mhaildíve agus an Úcráin.