English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tuarascáil neamhspleách ar an Athbhreithniú Náisiúnta ar Shainseirbhísí Cairdiacha d’Aosaigh in Éirinn foilsithe ag an Aire Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD tar éis an tAthbhreithniú Náisiúnta ar Shainseirbhísí Cairdiacha d’Aosaigh in Éirinn a fhoilsiú inniu (Dc Máirt 8 Aibreán 2025). Leis an Athbhreithniú, a raibh an Ollamh Philip Nolan ina chaothaoirleach air, agus a fuair tacaíocht ó Ghrúpa Stiúrtha saineolaithe agus ionadaithe othar, tugadh faoi athbhreithniú náisiúnta cuimsitheach bunaithe ar fhianaise ar sheirbhísí sceidealaithe agus neamhsceidealta ospidéil le haghaidh diagnóis agus cóireáil galar cairdiach i ndaoine fásta.

Ba é cuspóir an Athbhreithnithe scrúdú a dhéanamh ar conas rochtain ar sheirbhísí agus cúram cairdiach ardchaighdeáin a bharrfheabhsú, le fócas láidir ar mhortlaíocht chardashoithíoch a fheabhsú trí ghalair cardashoithíoch a chosc sna deich go cúig bliana déag amach romhainn. Leagtar amach sna Moltaí sa Tuarascáil an bealach is fearr chun seirbhísí cairdiacha a chomhtháthú ar fud cúram pobail príomhúil, géarmhíochaine agus sóisialta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Carroll MacNeill:

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Ghrúpa Stiúrtha agus do na páirtithe leasmhara go léir a ghlac páirt ar bhealach chomh cuiditheach sa phróiseas maidir leis an mbealach is fearr is féidir linn tacú le sainseirbhísí cairdiacha d’aosaigh in Éirinn.

“Tá rún daingean agam féin agus ag an rialtas maidir le hathchóiriú a dhéanamh. Is mian linn a chinntiú go bhfaigheann gach othar an cúram ceart ar ardchaighdeán, san áit cheart, ag an am ceart. Inniu, leagtar amach san Athbhreithniú Náisiúnta ar Sheirbhísí Cairdiacha an bealach chun é seo a bhaint amach dóibh siúd a bhfuil galar cardashoithíoch orthu agus cuidíonn sé leis an gcosc a bharrfheabhsú ar bhonn an phobail. Cumasóidh sé seo conairí cuimsitheacha cúraim chairdiaigh ar féidir le hothair teacht orthu go héasca, agus ar féidir le soláthraithe seirbhíse iad a sheachadadh go héasca”.

Thug an Grúpa Stiúrtha tosaíocht do dhúshláin phráinneacha atá roimh sheirbhísí cairdiacha maidir le rochtain ar bhainistíocht ar ghalair ainsealacha agus ghéar-ghalar croí agus iad a chosc. Le foilsiú na Tuarascála seo inniu, díreofar anois ar ghníomhú agus ar chur i bhfeidhm mholtaí an Athbhreithnithe.

Ag teacht le cur chuige fianaise-bhunaithe an Athbhreithnithe, agus ag féachaint do shonraí a fuarthas le déanaí ó Iniúchtaí maidir le taomanna croí in Éirinn, iarrfaidh an tAire Sláinte ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) leanúint d'idirghabháil chorónach thréchraicneach phríomhúil a sholáthar (PCI) in aghaidh géar-thaomanna croí ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh (24/7 faoi láthair), agus an tseirbhís ag Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge a leathnú go dtí seirbhís 24/7 (faoi láthair 8 am go 8 pm, 7 lá sa tseachtain), chun freastal ar riachtanais a bpobal réigiúnach faoi seach.

Sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú, molann an Grúpa Stiúrtha mar chéad chéim go ndéanfaí athstruchtúrú agus neartú ar an gClár Náisiúnta Croí. Tá an tAire tar éis scríobh chuig FSS chun tús a chur le plean forfheidhmithe a fhorbairt faoi mhí an Mheithimh 2025.


Nótaí do na heagarthóirí:

San Athbhreithniú Náisiúnta ar Shainseirbhísí Cairdiacha d’Aosaigh in Éirinn rinneadh riachtanais seirbhíse cairdiacha a mheas chun cumraíocht seirbhíse optamach a chur orthu . Rinneadh scrúdú abb ar riachtanas roghnach, práinneach agus éigeandála do dhiagnóis agus cóireáil ospidéal-bhunaithe lena n-áirítear gnáthaimh diagnóiseacha agus idirghabhálacha agus na seirbhísí idirspleácha gaolmhara agus aitheantas á thabhairt don ghá atá le sainseirbhísí cairdiacha a nascadh leis an bpobal .

Thóg sé roinnt ama an tAthbhreithniú a sheachadadh, ach bhí sé tábhachtach an tuiscint dhoimhin a fhorbairt a d'fhág go raibh an Grúpa Stiúrtha in ann 23 moladh ar leith a dhéanamh maidir le sainseirbhís cairdiach náisiúnta d’aosaigh. Cuireadh stop le hobair an Athbhreithnithe le linn na paindéime COVID-19 ach cuireadh tús leis arís agus comhairliúchán agus anailís fhairsing chun an Foilseachán a threorú.

Leis na moltaí sin tugadh aghaidh ar:

  • Ceannaireacht agus Rialachas
  • Infreastruchtúr Cairdiach
  • Próisis agus Torthaí an Chúraim Chairdiaigh

Glacadh cur chuige a bhí dírithe ar an othar san Athbhreithniú lena breathnaíodh ar shláinte an phobail , lena chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais gach othair chairdiaigh agus ar riachtanais an phobail ar bhealach cothromúil, cothrom agus éifeachtúil.