English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Sláinte an t-eolas is déanaí don Chomh-aireacht ar dhul chun cinn maidir le liostaí feithimh ospidéil in 2023

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Laghdú 11% ar an líon atá ag feitheamh níos faide ná 10/12 seachtain (spriocanna Sláintecare)
  • Laghdú trian ar líon na ndaoine atá ag feitheamh thar 12 mhí
  • Laghdú ar an meán-am feithimh d’othair sheachtracha go 7.5 mí in 2023 ó 9.7 mí
  • Is í 2023 an dara bliain as a chéile ar thit liostaí feithimh ospidéil náisiúnta

Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly an t-eolas is déanaí don Chomh-aireacht inniu ar an dul chun cinn

atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar liostaí feithimh ospidéil in 2023. Sáraíodh an sprioc lárnach maidir le laghdú 10% a bhaint amach ar líon na n-othar atá ag feitheamh níos faide ná na hamanna Sláintecare comhaontaithe (10/12 seachtaine) in 2023, le laghdú 11%, arb ionann é agus 57,000 othar.

In 2023 tháinig laghdú beagnach aon trian (32%) ar na daoine a bhí ag feitheamh níos faide ná 12 mhí. Is ionann é seo agus 54,000 othar. Ó bhuaic COVID, tá laghdú 60% tagtha ar na daoine atá ag feitheamh níos faide ná 12 mhí.

Is í 2023 an dara bliain as a chéile ar thit liostaí feithimh. Baineadh breis agus 177,000 othar breise de liostaí feithimh na n-ospidéal géarmhíochaine anuraidh i gcomparáid le 2022. Sáraíodh an sprioc thart ar 1.66 milliún othar a bhaint de liostaí feithimh in 2023 5%, agus baineadh thart ar 1.74 milliún othar.

Laghdaíodh meán-am feithimh an Othair Seachtrach ó 9.7 mí go 7.5 mí. Is ionann é sin agus laghdú 23% in 2023.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tá dul i ngleic lenár liostaí feithimh ar cheann de na tosaíochtaí is airde atá agam i gcónaí. Is féidir liom a dhearbhú inniu gurb í 2023 an dara bliain as a chéile ar thit liostaí feithimh. Sáraíodh an príomhsprioc in 2023 maidir le laghdú 10% a bhaint amach ar líon na n-othar atá ag feitheamh níos faide ná na hamanna comhaontaithe.

"Rinneadh dul chun cinn suntasach le linn 2023 maidir leis an bhfad ama a bhíonn daoine ag fanacht ar chúram a laghdú. Bhí laghdú 11% againn ar an líon a bhí ag feitheamh níos faide ná 10/12 seachtaine a chiallaíonn go bhfuil 57,000 níos lú daoine ag fanacht níos faide ná na spriocanna a comhaontaíodh i Sláintecare ná mar a bhí ag deireadh 2022. Ag deireadh mhí na Nollag 2023, bhí beagnach 86% d’othair ag feitheamh níos lú ná spriocanna uas-am feithimh an Phlean Seirbhíse Náisiúnta 2023, arb ionann é sin agus feabhas 6.3% ó dheireadh na bliana 2022. Gan idirghabháil WLAP 2023, meastar go mbeadh méadú 54% tagtha ar liostaí feithimh go beagnach 1.1 milliún duine."

Tá an laghdú 3% ar an liosta feithimh foriomlán a baineadh amach in 2023 tar éis laghdú 4% in 2022, arbh é an chéad laghdú bliantúil ar liostaí feithimh ospidéil náisiúnta ó 2015 é. Baineadh an laghdú foriomlán ar liostaí feithimh amach in 2023 in ainneoin gur cuireadh thart ar 126,900 (c. 8%) níos mó othar lenár liostaí feithimh ná mar a bhí réamh-mheasta anuraidh. Cuireadh 1.718 milliún duine san iomlán leis na liostaí feithimh carnacha le linn 2023.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Cé go n-aithníonn an rialtas seo go bhfuil liostaí feithimh do chúram ghéarmhíochaine sceidealaithe san ospidéil i bhfad rófhada, agus go bhfuil go leor othar ag fanacht le tréimhse do-ghlactha ar chúram, tá sé tábhachtach a admháil go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i mbliana, go háirithe ó bhogamar go dtí cur chuige ar feadh na bliana ar Chúram Práinne agus Éigeandála sa dara leath den bhliain seo caite. Ní méadrach ríthábhachtach chun dul chun cinn a thomhas i dtreo an sprioc seo a bhaint amach ná líon iomlán na ndaoine atá ag fanacht, ach líon iomlán na ndaoine atá ag fanacht níos faide ná na hamanna Sláintecare.”

Tá an Roinn Sláinte ag obair le FSS chun an Tuarascáil Dheireadh na Bliana in aghaidh WLAP 2023 a thabhairt chun críche chomh maith leis an WLAP 2024 nua, a chuirfidh san áireamh an méid a foghlaimíodh ó 2023 chomh maith leis an gclúdach maoinithe a cuireadh ar fáil do 2024.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár bhfoireann cúram sláinte go léir a d’oibrigh go dian dícheallach chun ár liostaí feithimh a laghdú. Ba í 2023 an dara bliain as a chéile ar thit liostaí feithimh na n-ospidéal náisiúnta a bhuíochas le hiarrachtaí ollmhóra na foirne agus na bainistíochta túslíne ar fad. Le Plean Gníomhaíochta um Liosta Feithimh 2023, ghlac mo Roinn, an FSS agus an NTPF na chéad chéimeanna eile sa chur chuige ilbhliantúil i dtreo ár bhfís de chóras cúram sláinte poiblí den scoth a bhaint amach. Leanfar leis an obair seo faoi WLAP 2024, áit a mbeidh rochtain thráthúil agus thrédhearcach ag gach duine ar chúram sceidealta d’ardchaighdeán, san áit a bhíonn sé dhíth orthu agus cathain a bhíonn sé de dhíth orthu, ar aon dul le hathchóirithe Sláintecare.”


Nótaí

Dul chun cinn suntasach déanta maidir le liostaí feithimh in 2023, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • sáraíodh an príomhsprioc maidir le laghdú 10% a bhaint amach ar líon na n-othar a sháraigh amanna feithimh Sláintecare, agus baineadh laghdú 11% amach. Clúdaíonn sé seo othair chónaitheacha, cásanna lae, othair sheachtracha agus scóip GI. Is ionann é agus 57,000 níos lú daoine ag fanacht níos faide ná na spriocanna 10/12 seachtaine ná mar a bhí ag deireadh 2022
  • ó bhuaic na paindéime, tá laghdú 27% ar líon na ndaoine atá ag fanacht níos faide ná na spriocanna Sláintecare, arb ionann é sin agus beagnach 170,000
  • bhí laghdú 32% ar líon na n-othar a bhí ag feitheamh níos faide ná bliain amháin le haghaidh coinní/cúraim le linn 2023. Is ionann é seo agus 54,000 othar
  • Is í 2023 an dara bliain as a chéile ar thit liostaí feithimh ospidéil náisiúnta
  • áiríodh i bPlean Gníomhaíochta Liosta Feithimh 2023 fócas ar na hothair atá ag feitheamh is faide (is é sin, iad siúd atá ag fanacht faoi láthair nó atá i mbaol feithimh níos mó ná ceithre bliana). Baineadh amach laghdú 85% ar othair sa chatagóir seo in 2023. Is ionann é seo agus níos mó ná 29,000 othar. Tá níos lú ná 5,300 duine lasmuigh den sprioc sin anois, agus é mar aidhm é seo a thabhairt go nialas in 2024
  • ar an gcaoi chéanna, laghdaíodh líon na n-othar atá ag fanacht faoi láthair nó atá i mbaol feithimh thar trí bliana in 2023 faoi 81%. Is ionann é seo agus 57,000 othar
  • sáraíodh an sprioc thart ar 1.66 milliún othar a bhaint de liostaí feithimh in 2023 5%, agus baineadh thart ar 1.74 milliún othar. Is ionann é sin agus 77,000 othar breise
  • baineadh breis agus 177,000 othar breise de liostaí feithimh na n-ospidéal géarmhíochaine anuraidh i gcomparáid le 2022. Is méadú 11% é seo bliain ar bhliain
  • sháraigh an ráta breisithe liostaí feithimh in 2023 go mór na réamh-mheastacháin agus na mblianta roimhe sin. Bhí na breiseanna do 2023 12% (c. 188,000) níos airde ná in 2022 agus beagnach 23% (c. 322,000) níos airde ná in 2019. Cuireadh beagnach 130,000 (c. 8%) níos mó othar leis na liostaí feithimh ná mar a measadh anuraidh
  • cé gur sáraíodh an croí-sprioc ama feithimh Sláintecare, bhí tionchar ag an méadú suntasach ar bhreisithe ar na liostaí feithimh ar fhigiúirí iomlána na liostaí feithimh, ar nós gur thit ár liostaí feithimh foriomlána 3%, i gcomparáid le laghdú spriocdhírithe 10%
  • bhí freastail othar seachtrach (OPD) beagnach 8% (c. 82,000) níos airde ná mar a bhí réamh-mheasta in 2023. Ina ainneoin sin, tháinig laghdú 4% ar liosta feithimh foriomlán OPD. Laghdaíodh an meán-am feithimh OPD ó 9.7 mí go 7.5 mí, rud atá tábhachtach. Is ionann é sin agus laghdú 23% in 2023
  • faoi Bhuiséad 2023, leithdháileadh €443 milliún chun cabhrú le dul i ngleic le liostaí feithimh in 2023. Ag tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh i bPleananna Gníomhaíochta Liosta Feithimh 2021 agus 2022 (WLAPanna). Soláthraíodh €363 milliún d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) trí WLAP 2023, mar an chéad chéim eile den chur chuige ilbhliantúil chun liostaí feithimh agus amanna feithimh ospidéil a laghdú agus a athchóiriú go hinbhuanaithe. Leithdháileadh €80 milliún chun tionscnaimh éagsúla a bhaineann le cúram príomhúil/pobail a chur chun cinn