Tugann an tAire Sláinte Stephen Donnelly cuairt ar láithreán Daisy Lodge a bheidh ar an bhfód go luath agus tús le cur leis an tógáil an samhradh seo
- Foilsithe: 3 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly cuairt inniu ar an láithreán tógála don Daisy Lodge nua, atá ar an dara ionad dá leithéid ar Oileán na hÉireann, áit ar fógraíodh go gcuirfear tús leis an tógáil an samhradh seo. Is ionad teiripeach é an t-ionad a bheidh lonnaithe i gConga, Contae Mhaigh Eo do leanaí a bhfuil diagnóis faighte acu go bhfuil ailse orthu agus dá dteaghlaigh agus beidh sé faoi stiúir an Chiste Ailse do Leanaí (CFFC). Bailíodh an maoiniú €15 milliún don tionscadal trí thiomsú airgid poiblí chomh maith le ranníocaíocht €7.5 milliún ó Rialtas na hÉireann (€5 milliún ón Roinn Sláinte mar aon le €2.5 milliún ón gCiste um Oileán Comhroinnte).
Tá an Ciste Ailse do Leanaí faoi cheannas Daisy Lodge sa Chaisleán Nua i gContae an Dúin ó bhí 2014 ann, agus cuirfidh an dara ionad tacaíocht theiripeach ar fáil do theaghlaigh atá thíos le hailse sa luathóige i láthair nua. Cuirfidh an t-ionad nua fáilte roimh theaghlaigh as Éirinn agus as Tuaisceart Éireann araon le haghaidh sosanna gearra saor in aisce. Déanfaidh foireann Speisialtóirí Tacaíochta Ailse na carthanachta, atá ag obair ar fud na hÉireann, in árasanna teaghlaigh agus in ospidéil, leanaí a bhfuil ailse orthu a atreorú chuig an ionad nua. Is féidir leis an ionad reatha i gContae an Dúin éascú a dhéanamh ar 1,800 ball teaghlaigh in aghaidh na bliana, agus méadóidh an Daisy Lodge nua an líon seo go 4,000 in aghaidh na bliana.
Ag labhairt dó faoin tógáil nua atá beartaithe, dúirt an tAire Sláinte:
“Is céim thábhachtach é seo inniu agus muid níos gaire don sprioc chun a chinntiú go mbíonn rochtain ag gach leanbh a fhaigheann diagnóis go bhfuil ailse orthu ar shosanna gearra teiripeacha is cuma cá bhfuil siad ina gcónaí. Tá lúcháir orm cuairt a thabhairt ar an láithreán inniu agus dul chun cinn na n-oibreacha cumasúcháin a fheiceáil agus go bhfuil muid ar an mbealach ceart chun tús a chur leis an tógáil iomlán an samhradh seo. Mar gheall ar chomhpháirtíocht leis an gCiste Ailse do Leanaí i dtaca le maoiniú ar an dara Daisy Lodge, bunóimid seirbhís ríthábhachtach bunaithe in Iarthar na hÉireann do leanaí ar fud an oileáin. Tá sé ríthábhachtach do na leanaí seo agus dá dteaghlaigh eispéireas iontach a bheith acu, a scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as am a chaitheamh le chéile ar shiúl ó thimpeallacht ospidéil agus an tacaíocht a theastaíonn uathu fós á fháil acu. Aithníonn ár Straitéis Náisiúnta Ailse an ról tábhachtach atá ag an earnáil dheonach agus charthanachta i soláthar seirbhísí tacaíochta ailse. Tá naisc láidre cheana féin ag an Ciste Ailse do Leanaí ar fud na hearnála, lena n-áirítear ionad tiomnaithe atá ann cheana féin i gContae an Dúin agus tá naisc fhoirmeálta acu leis an tSeirbhís Ailse Náisiúnta do Leanaí i gCromghlinn, chun conair tiomnaithe atreoraithe chuig seirbhísí cosúil lena n-ionad sos gearr teiripeach a chinntiú.”
Ó Eanáir 2024, tacaíonn an Ciste Ailse do Leanaí le 839 teaghlach ar fud na 32 contae ar fad ar oileán na hÉireann. Faoi dheireadh 2023 bhíothas tar éis 324 teaghlach nua a atreorú– méadú 30% ar an mbliain roimhe sin. Chuir an Ciste Ailse do Leanaí Oibrí Tacaíochta Óige leis le bheith ag obair in éineacht lena Speisialtóir Tacaíochta Ailse atá lonnaithe cheana féin ag Sláinte Leanaí Éireann (CHI) i gCromghlinn, Baile Átha Cliath a sholáthróidh tacaíocht shóisialta agus mhothúchánach neamhfhoirmiúil do dhaoine óga 11+ agus cóireáil á chur orthu in aghaidh ailse.
Dúirt Cathaoirleach an Chiste Ailse do Leanaí, an tUasal Peter O’Brien:
“Gach uair a bhaintear amach spriocanna mar seo is céim thar a bheith tábhachtach é do theaghlaigh atá thíos le hailse sa luathóige, mar is céim amháin níos gaire é dár bhfís maidir le seirbhís tacaíochta cothrom a bhaint amach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Sláinte agus leis an Roinn as tacú leis an gCiste Ailse do Leanaí agus as cuidiú linn ár misean a chomhlíonadh - a chinntiú nach gcaithfidh aon leanbh (aois 0-24) ar fud oileán na hÉireann aghaidh a thabhairt ar ailse ina aonar.
“Is féidir le diagnóis ailse óige agus a chóireáil tionchar uafásach a bheith aige ar an teaghlach ar fad. Tá an saol mar a bhí a fhios acu uair amháin trína chéile. Sa bhreis ar an gcúram cliniciúil den scoth a fhaigheann teaghlaigh, tá gá ollmhór le tacaíocht shóisialta agus mhothúchánach. Soláthraíonn sosanna gearra teiripeacha ag Daisy Lodge spás slán, aisiríoch inar féidir le leanaí a bhfuil ailse orthu, a siblíní agus a dtuismitheoirí athcheangal, am ardchaighdeáin a chaitheamh le chéile, bualadh le teaghlaigh eile agus leas a bhaint as tacaíocht ár bhfoireann teiripeach thiomanta. Beidh an ionad nua mar chomhlánú ar ár seirbhís pobail reatha a sholáthraíonn tacaíocht shóisialta agus mhothúchánach do theaghlaigh atá thíos le hailse sa luathóige ina dtithe, ina bpobail agus ina n-ionaid chúraim roinnte.
“Toisc nach féidir linn ach sosanna gearra teiripeacha a chur ar fáil do theaghlach amháin as gach seachtar ar fud an oileáin, beidh an dara Daisy Lodge bunathraithe chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach teaghlach a mbíonn tionchar ag ailse óige orthu ar fud an oileáin ar ár dtacaíocht. Cuirfear tús leis an obair thógála i mí Eanáir 2024 agus táimid fíor bhuíoch don Roinn Sláinte as cuidiú leis seo a bhaint amach.”
Arna eisiúint thar ceann an Chiste Ailse do Leanaí ag Walsh:
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Maeve GoverneyMaeve Governey, maeve@walshpr.ie 086 805 7884
Nótaí:
Gach seachtain ar fud oileán na hÉireann gheobhaidh 10 leanbh agus duine óg idir 0-24 bliain d’aois, ar an meán, diagnóis go bhfuil ailse orthu.
Tá an Ciste Ailse do Leanaí anseo chun cabhrú le teaghlaigh, iad a threorú agus tacú leo. Trí sheirbhísí lena n-áirítear tacaíocht aonair, tacaíocht ghrúpa agus sosanna gearra teiripeacha cabhraímid le baill teaghlaigh a chumhachtú, ionas go mbraitheann siad go bhfuil siad in ann déileáil le tionchar mothúchánach na hailse. Soláthraíonn siad tacaíocht méala freisin chun cabhrú le teaghlaigh déileáil le bás linbh nó tuismitheora.
Más mian leat airgead a thabhairt, déan teagmháil leis an gcarthanacht ar 01 562 1580 nó tabhair airgead ar líne ag cancerfundforchildren.com.
Tá sé beartaithe an Ciste Ailse do Leanaí a thógáil 30,000 troigh cearnach ionad sosanna gearra Daisy Lodge do leanaí a ndearnadh diagnóis ailse orthu agus a dteaghlaigh, cosúil le hionad atá ann cheana féin i gContae an Dúin.
Áis neamhchliniciúil a bheidh anseo do leanaí a diagnóiseadh go raibh ailse orthu, agus cuirfidh sé leis an tseirbhís rathúil a sholáthraíonn CFFC faoi láthair ag Daisy Lodge, sa Chaisleán Nua, Co. an Dúin. Cuirfidh an t-ionad nua i gConga ar chumas CFFC líon na bpáistí agus na dtuismitheoirí a dtugann sé tacaíocht dóibh ar an oileán a mhéadú gach bliain ó 1,800 go 4,000, agus táthar ag súil go gcuirfear tús leis an tógáil i samhradh 2024.
Cuireann CFFC (an Ciste Ailse do Leanaí) tacaíocht shóisialta agus mhothúchánach ar fáil sa phobal do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil ailse orthu ar fud oileán na hÉireann. Cuirtear an tseirbhís náisiúnta tacaíochta pobail seo ar fáil i gcomhpháirtíocht le Ciste Katie Nugent ag an bhFondúireacht Sláinte Leanaí, Fondúireacht a dhéanann maoiniú ar Speisialtóir Tacaíochta Ailse CFFC ar Bharda Naomh Eoin, ag Sláinte Leanaí Éireann (CHI) i gCromghlinn.
Cad é an ghné trasteorann den togra seo? An gcuirfear seirbhísí trasteorann ar fáil i gConga, Contae Mhaigh Eo?
Tá gealltanas tugtha ag Ciste Ailse do Leanaí go gcuirfidh an t-ionad nua fáilte roimh 70% de chuairteoirí as Éirinn agus 30% de chuairteoirí ó Thuaisceart Éireann, agus go gcuirfidh an t-ionad reatha atá acu i gContae an Dúin fáilte roimh 70% de chuairteoirí ó Thuaisceart Éireann agus 30% ó Éirinn. Creideann Ciste Ailse do Leanaí go bhfuil an socrú seo mar dheis do pháistí agus dá dteaghlaigh ó phobail éagsúla ar an oileán taithí a roinnt le chéile.