Tugann an tAire Stáit Colm Burke ceadúnas don chéad Saoráid Insteallta Mhaoirsithe phíolótach in Éirinn i lár chathair Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 22 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 23 Nollaig 2024
Tá ceadúnas tugtha ag an Aire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke, Dé Sathairn an 21 Nollaig, do Merchants Quay Ireland chun an chéad Saoráid Insteallta Mhaoirsithe (SIF) phíolótach in Éirinn a oibriú, faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí (Saoráidí Insteallta Maoirsithe), 2017.
Cuirfidh an tsaoráid atá lonnaithe in Ionad Riverbank i lár chathair Bhaile Átha Cliath spás sábháilte, glan agus maoirsithe ar fáil inar féidir le daoine drugaí a instealladh, faoin gcúram de ghairmithe leighis oilte. Táthar ag súil go mbeidh an tsaoráid oscailte d'úsáideoirí inniu, Dé Domhnaigh, an 22 Nollaig. Mairfidh an ceadúnas ar feadh tréimhse 18 mí, agus déanfar meastóireacht ar éifeachtacht agus ar thionchar na saoráide píolótaí le linn na tréimhse sin.
Is é feidhm an cheadúnais saoráid thiomnaithe a chur ar fáil chun na dochair a bhaineann le húsáid drugaí a laghdú. I measc na rioscaí uilig, tá an baol ann go dtarlódh ródháileog drugaí agus bás anabaí, scaipeadh de ghalair thógálacha cosúil le VEID agus Heipitíteas C, chomh maith leis an mbruscar agus iompar frithshóisialta a bhaineann le drugaí a bheith ann ar na sráideanna.
Dúirt an tAire Burke:
“Tá an-áthas orm an ceadúnas a thabhairt don chéad saoráid insteallta mhaoirsithe phíolótach in Éirinn. Is forbairt shuntasach í an tsaoráid inár gcur chuige, stiúrtha ag sláinte, maidir le húsáid drugaí. Tugann sé tús áite do riachtanais sláinte agus shóisialta na ndaoine a insteallann drugaí agus laghdaíonn sé an stiogma agus an t-imeallú a bhaineann le drugaí a instealladh ar an tsráid.
"Tá coinníollacha curtha agam leis an gceadúnas a leagann béim ar rannpháirtíocht leanúnach dhearfach leis an bpobal áitiúil agus freagairt iomlánaíoch ar roghanna, chreidimh, eispéiris agus shaineolas na n-othar a úsáideann an tseirbhís.
"Molaim FSS agus Merchants Quay Ireland as an tseirbhís phíolótach seo a fhorbairt agus a sheachadadh. Is cúis áthais ar leith dom go mbeidh an tsaoráid oscailte ag am den bhliain nuair a bhíonn imeallú agus leochaileacht níos airde i measc na ndaoine a úsáideann drugaí.”
Comhlíonann ceadúnú an SIF gealltanas i gClár an Rialtais agus sa Straitéis Náisiúnta Drugaí. Tá sé ag teacht freisin le moladh ón Tionól Saoránach maidir le hÚsáid Drugaí bearta a dhéanamh chun na bacainní ar chur chuige laghdaithe díobhála a laghdú gan a thuilleadh moille.
Beidh ról tábhachtach ag an SIF sa phobal trí:
- aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb maidir le bruscar de bharr drugaí i spásanna poiblí;
- brú ar sheirbhísí éigeandála a laghdú, go háirithe An Garda Síochána agus seirbhísí sláinte (ospidéil agus seirbhísí otharchairr), trí ródháileoga agus básanna dá mbarr a chosc;
- a bheith mar phointe teagmhála tábhachtach dóibh siúd atá ag lorg cabhrach, trí atreoruithe a thairiscint do chóireáil andúile, tacaíocht meabhairshláinte, cúram sláinte príomhúil agus seirbhísí sóisialta;
- an méid daoine a insteallann drugaí a laghdú i spásanna poiblí;
- cabhrú le hoibrithe leighis teagmháil a dhéanamh le grúpaí leochaileacha, imeallaithe nach mbíonn nó nach féidir leo dul i ngleic leis na seirbhísí sláinte atá ann cheana féin; agus
- idirghabháil leighis láithreach a chur ar fáil más gá.
Beidh an SIF i bhfeidhm ar bhonn píolótach ar feadh 18 mí, agus déanfar meastóireacht neamhspleách lena linn. Déanfar breithniú ar an bhféidearthacht leanúint leis an tsaoráid atá ann cheana féin agus cur le líon na n-áiseanna nua.
Nótaí:
Tugadh ceadúnas do Merchants Quay Ireland chun an SIF a oibriú i dTeach an Bhruach Abhann, 13-14 Cé na gCeannaithe, Baile Átha Cliath 8.
Is é príomhchuspóir SIF ná ródháileog de bharr drugaí a chosc i measc daoine a insteallann drugaí. Is beart laghdaithe díobhála é, stiúrtha ag sláinte, maidir le húsáid drugaí. Tá an réasúnaíocht don tsamhail SIF sonraithe sa Straitéis Náisiúnta Drugaí, i nGníomhaireacht Drugaí an AE agus san Athbhreithniú ar Mhearfhianaise QUB. Tá os cionn 200 saoráid dá leithéid i 17 dtír faoi láthair.
Tá cóip den cheadúnas SIF féin ceangailte thíos.