Ard-Rúnaí Eatramhach na Roinne Sláinte
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 5 Iúil 2022
Faoin Acht um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí 1997 (Uimh. 27 de 1977), tá na freagrachtaí seo a leanas ar Ard-Rúnaí na roinne Sláinte:
- gnó ginearálta na roinne a bhainistiú
- beartais Rialtais atá iomchuí don Roinn a chur i bhfeidhm
- monatóireacht a dhéanamh ar bheartais an Rialtais a théann i bhfeidhm ar an roinn
- torthaí a sholáthar mar a chinntear leis an Aire
- comhairle bheartais a sholáthar don Aire ar gach ábhar faoi shainchúram na roinne
- ráitis Straitéise a ullmhú le cur faoi bhráid an Aire
- tuarascálacha ar dhul chun cinn a sholáthar don Aire maidir le cur i bhfeidhm an Ráitis Straitéise;
- a chinntiú go mbaintear úsáid mar is ceart as acmhainní agus seirbhísí poiblí cost-éifeachtúla;
- imlíne a ullmhú ar an gcaoi a sannfar freagrachtaí ar leith d’oifigigh eile tríd an roinn
- bainistiú ar chúrsaí maidir le ceapacháin, feidhmíocht, araíonacht agus dífhostú státseirbhíseach faoi ghrád an Phríomhoide nó a choibhéis.
Sannadh freagrachtaí ag an Ard-Rúnaí as comhlíonadh feidhmeanna faoi Alt 4 (1) den Acht um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí 1997
Le halt 4 (1) den Acht, tugtar cumhacht don Ard-Rúnaí sannadh d’oifigigh eile na roinne freagracht as cur i bhfeidhm a chuid feidhmeanna. Is éard atá sa chreat ráiteas comhdhlúite ar gach aon sannadh faoin Acht arna dhéanamh ag Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte.
Ba cheart go dtabharfaí aird chuí, agus an doiciméid seo agus na tascanna anseo á léirmhíniú, ar na tosca a mbíonn tionchar acu ó am go ham ar dháileadh agus ar chomhlíonadh freagrachtaí ar fud na roinne, amhail riachtanais na hoibre i réimse ar leith, ailíniú na ngníomhaíochtaí a chuimsíonn nó a mbíonn níos mó i gceist leo ná aon réimse amháin, agus comhordú freagrachtaí roinnte nó tadhlacha araon. Ba cheart aird a bheith acu freisin ar shannachán feidhmeanna maidir le ceapacháin, feidhmíocht agus araíonacht an phearsanra faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956-2005, a dhéantar ó am go ham ag an Ard-Rúnaí faoi réir rialacháin eile.
I nCreat Sannta na Roinne Sláinte, tá an sannadh freagrachta chun críocha na feidhmeanna a chomhlíonadh léírithe i ndáil le gach aon oifigeach síos go dtí leibhéal an Phríomhoifigigh, agus an grád sin san áireamh. Cuirfear na dualgais arna sannfar in iúl i bpleananna gnó na rannán agus na n-aonad gnó chun tosaíochtaí agus cuspóirí na Roinne a léiriú, mar atá leagtha amach sa Ráiteas Straitéise. Déantar sannachán freagrachta do chur i bhfeidhm na bhfeidhmeanna ag oifigigh aonair, nó ag grád nó gráid d’oifigigh, faoi bhun leibhéal an Phríomhoifigigh, a láimhseáil ó thaobh an riaracháin de, ar bhonn na gcuspóirí oibre pearsanta (nó foirne) atá ainmnithe nó a bhaineann le pleananna gnó na Roinne. Bíonn Ráiteas Straitéise na roinne agus a Córas Bainistíochta Feidhmíochta agus Forbartha bunaithe ar an dara ceann acu, a chuirtear ar aghaidh ar bhonn bliantúil chun coinneáil suas le riachtanais agus tosaíochtaí athraitheacha, agus soláthraíonn siad bealach praiticiúil chun tosaíocht agus bainistíocht a dhéanamh ar an lá ó lá go lá - obair lae na roinne ag leibhéal na rannóige, na foirne agus an duine aonair.
Faoi réir fhorálacha uileghabhálacha buiséadacha, gheobhaidh oifigigh ar sannadh freagrachtaí dóibh faoin gcreat seo na hacmhainní cuí agus an tacaíocht bhonneagair chun a chumasú dóibh a gcuid oibleagáidí faoin Acht a chomhlíonadh.
Leanfaidh sannacháin faoi Alt 4 (1) den Acht um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí, mar a shonraítear sa chreat seo, á leasú ó am go ham, i scríbhinn, ag an Ard-Rúnaí agus measfar an creat a nuashonrú dá réir.