Martin Heydon
- Foilsithe: 2 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 24 Eanáir 2025

Is é Martin Heydon an tAire Talmhaíochta, Bia, Iascaigh agus Mara. Ceapadh sa ról seo é an 23 Eanáir 2025.
Roimhe sin, bhí sé ina Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht speisialta as Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaidh Nua. Ceapadh sa ról seo é i mí Iúil 2020.
Is TD é do thoghcheantar Chill Dara Theas, a toghadh den chéad uair in 2011.
Bhí Martin ina Chathaoirleach ar Pháirtí Parlaiminteach Fhine Gael ó 2016 go 2020. Roimhe sin bhí sé ina chomhalta den Chomhchoiste Oireachtais um Thalmhaíocht agus bhí sé ina bhall den Chomhchoiste Oireachtais um Ghníomhú ar son na hAeráide a chuir an tuarascáil traspháirtí ar Ghníomhaíocht ar son na hAeráide i dtoll a chéile. Athrú: Comhdhearcadh Traspháirtí ar Ghníomh'. D’fhóin sé freisin ar Choistí Oireachtais ar Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, agus Achainíocha.
Is as Cill Dara Theas ó dhúchas Martin agus tá cónaí air ar fheirm a mhuintire lena bhean chéile agus ceathrar clainne. Iarscoláire de chuid Choláiste Talmhaíochta Chill an Dátúnaigh is ea Martin.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Uasal Heydon ag martin.heydon@oireachtas.ie