Comhairliúchán Poiblí ar an togra ó Choimisiún an AE maidir le Rialachán maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí
- Foilsithe: 4 Samhain 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 4 Samhain 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 24 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
D’iarr an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tuairimí ar an Rialachán a mhol an Coimisiún Eorpach maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí (SUR) chun teacht in ionad na Treorach um Úsáid Inbhuanaithe (SUD) atá in úsáid faoi láthair.
Cúlra agus aidhmeanna an togra
Tá cuireadh á thabhairt ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara in Éirinn do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl, i scríbhinn, maidir leis an togra a bhaineann leis an Rialachán maidir le hÚsáid Inbhuanaithe (SUR) chomh fada is a bhaineann sé leo féin.
Tá dhá sprioc luaite le lotnaidicídí laistigh den Straitéis "ón bhFeirm go dtí an Forc":
• Tá sé mar aidhm le Sprioc 1 an úsáid agus an riosca a bhaineann le lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú 50% faoin mbliain 2030. Tomhaistear an sprioc seo trí úsáid a bhaint as sonraí maidir le díolachán lotnaidicídí a thomhaiseann cainníochtaí na substaintí gníomhacha atá le fáil i lotnaidicídí a chuirtear ar an margadh (a dhíoltar), agus a úsáidtear dá réir sin, i ngach Ballstát, agus ualú bunaithe ar airíonna guaiseacha na substaintí gníomhacha sin.
• Tá sé mar aidhm le Sprioc 2 an úsáid atá á baint as lotnaidicídí níos guaisí a laghdú 50% faoin mbliain 2030. Déanfar é seo a thomhas bunaithe ar shonraí díolacháin na lotnaidicídí níos guaisí, ar a dtugtar ‘iarrthóirí ionadaíochta’.
Áirítear san SUR atá molta an riachtanas dlí atá ann na spriocanna seo a shonrú trí úsáid a bhaint as sonraí bonnlíne a bhaineann le 2015-2017.
Chomh maith leis sin, bunaítear san SUR atá molta riachtanais bhreise a bhaineann le húsáid, stóráil, díol agus diúscairt táirgí cosanta plandaí (PPPanna), trealamh leata lotnaidicíde (PAE), oiliúint, múscailt feasachta agus cur chun feidhme bainistiú comhtháite lotnaidí (IPM).
Roinnt beart breise atá san áireamh sa dréacht-togra
• Limistéir Íogaire:
Moltar san SUR cosc a chur ar PPPanna a úsáid i limistéir íogaire agus laistigh de 3m ó limistéir den chineál sin. Cuimsítear sa sainmhíniú ar “limistéar íogair” na limistéir seo a leanas: limistéir a úsáideann an pobal i gcoitinne agus grúpaí leochaileacha, lonnaíochtaí daonna/limistéir uirbeacha, páirceanna nó gairdíní poiblí, tailte caithimh aimsire nó spóirt, limistéir neamhtháirgiúla (GAEC 8), limistéir shonracha faoi reachtaíocht eile cosúil leis an gCreat-treoir Uisce (lena n-áirítear limistéir atá cothaitheach-íogair/níotráit leochaileach), an Treoir maidir le Gnáthóga agus an Treoir maidir le hÉin.
Tá foráil sa rialachán atá molta trí mhaolú ar, faoi réir cead a fháil i ndiaidh iarratas a chur faoi bhráid an Údaráis Inniúil (CA), cead a thabhairt speicis ionracha a rialú nó lotnaidí a chur ar coraintín.
• Comhairleoirí:
Ceanglófar ar Údaráis Inniúla i mBallstáit córas de chomhairleoirí neamhspleácha a bhunú agus maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh air, córas d'úsáideoirí lotnaidicídí atá saor ó choinbhleacht leasa. Ní mór d'Úsáideoirí Lotnaidicídí comhairle a lorg maidir le bainistiú comhtháite lotnaidí, maolú riosca etc., uair amháin sa bhliain ar a laghad, ó chomhairleoir neamhspleách agus ní mór d'úsáideoirí lotnaidicídí taifead maidir leis an gcomhairle seo a choinneáil le haghaidh 3 bliana.
• Córais Leictreonacha:
Ní mór don Údarás Inniúil cláir úsáide leictreonacha IPM agus PPP a bhunú agus a úsáid agus ceanglófar ar úsáideoirí gairmiúla taifid leictreonacha a choimeád maidir le haon idirghabháil a úsáidtear (ceimiceach, bitheolaíoch, fisiciúil nó cultúrtha). Cuimseofar sna rialacha sonracha maidir le barra leibhéil tairsí roimh idirghabháil a cheadaíonn IPM a fhorfheidhmiú.
Tá gá le clár leictreonach lárnach maidir le trealamh leata lotnaidicíde (PAE) in úsáid ghairmiúil lena n-áirítear ceanglas fógra a thabhairt maidir le haistriú úinéireachta/aistarraingt ó úsáid.
• Plean Gníomhaíochta Náisiúnta (NAP):
Beidh gá le Plean Gníomhaíochta Náisiúnta nua d'Éirinn a áireofar ann spriocanna laghdaithe náisiúnta, bearta náisiúnta chun úsáid a bhaint as modhanna neamhcheimiceacha a spreagadh agus chun tacú le nuálaíocht sa réimse seo. Chomh maith leis sin, áireofar san NAP pleananna straitéiseacha CAP na hÉireann maidir le pleananna chun an limistéar talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta orgánaí (UAA) a mhéadú.
Nuashonrófar NAP gach 3 bliana agus ní mór tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn agus cur chun feidhme a fhoilsiú.
• Bainistiú Comhtháite Lotnaidí (IPM):
Beidh oibleagáidí dlíthiúla ar Úsáideoirí Gairmiúla (PUanna) IPM a chur i bhfeidhm. Glacfaidh údaráis inniúla (CA) le rialacha ceangailteacha sonracha maidir le barra, agus cuirfear coinníollacha ábhartha agranamaíocha agus aeráide sa Bhallstát sin san áireamh. Déanfar athbhreithniú bliantúil orthu seo agus nuashonrófar iad más gá.
Faisnéis ghaolmhar
Tá faisnéis maidir leis an Rialachán atá á mholadh maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí (SUR) le fáil anseo: https://www.pcs.agriculture.gov.ie/news/proposalforsustainableuseofpesticidesregulationcom2022305.html
Aighneachtaí
Tá deireadh tagtha leis an tréimhse freagartha don chomhairliúchán seo agus níl sé ar fáil a thuilleadh.
Spriocdháta
Tá deireadh tagtha leis an tréimhse freagartha don chomhairliúchán seo agus níl sé ar fáil a thuilleadh.
Toradh Comhairliúcháin
Fuair an DAFM breis agus 300 aighneacht ón tréimhse chomhairliúcháin. Tá na ranníocaíochtaí ó na haighneachtaí ar fáil thíos.