Comhairliúchán Poiblí ar Athbhreithniú an Aire ar Bheartas Bainistíochta Scadán 2012 maidir le Cuóta Scadán 6A Theas do na soithí cladaigh neamh-imfhálaithe
- Foilsithe: 1 Feabhra 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 1 Feabhra 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 10 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 21 Lúnasa 2023
Consultation is closed
In 2023, rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Charlie McConalogue, T.D., comhairliúchán poiblí iomlán ar athbhreithniú teoranta ar Bheartas Bainistíochta Scadán 2012, go háirithe maidir leis an méid scadán atá curtha ar leataobh ó chuóta Scadán 6A Theas do shoithí cladaigh nach bhfuil mar chuid den ghrúpa imfhálaithe.
Comhairliúchán Poiblí – Céimeanna
Bhí an t-athbhreithniú comhdhéanta den Pháipéar Comhairliúcháin thíos a ullmhaíodh chun cabhrú leis an Tionscal/páirtithe leasmhara a bhreithniú.
Bhí an comhairliúchán poiblí ar siúl ón 01 Feabhra 2023 go dtí an 10 Márta 2023.
Iarradh ar an tionscal/páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur isteach ar na roghanna a cuireadh i láthair sa Pháipéar Comhairliúcháin nó moltaí eile.
Cuireadh in iúl dóibh siúd a rinne aighneachtaí go gcuirfí aighneachtaí ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Roinne agus tá siad foilsithe thíos.
Scrúdaigh an tAire na saincheisteanna a ardaíodh le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí agus, tar éis meastóireacht mhionsonraithe, chinn sé íos-chionroinnt de chuóta Scadán 6a Theas a shocrú le haghaidh soithí neamh-imfhálaithe faoi 20 méadar ar fad ar an iomlán, nuair a thiteann cuóta na hÉireann don stoc faoi bhun tairseach áirithe. Tá cinneadh iomlán an Aire foilsithe thíos.