English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Áireamh Caorach agus Gabhar 2020

Tá foirmeacha áirimh caorach agus gabhar eisithe chuig breis is 47,000 coimeádaí caorach agus gabhar atá cláraithe leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM).

Dé hAoine an 31 Nollaig an dáta atá roghnaithe ag an Roinn maidir le háireamh 2020. Tá ceanglas ar choimeádaithe taifead a choinneáil ar shonraí áirimh maidir lena gcláir ealta. Ba chóir do choimeádaithe a bheith ar an eolas gur oibleagáid dlí é áireamh a chomhlánú agus a sheoladh ar ais.

Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a bheith faighte ar an bpost tráth nach déanaí ná an 1 Feabhra 2020 agus tá an seoladh clóbhuailte ar an gclúdach litreach atá curtha leis an bhfoirm áirimh. cheadaítear foirmeacha a sheoladh ar an bpost trí oifig ag bith den Roinn. Is faoi choimeádaí na healta/an tréada atá sé fós a chinntiú go bhfaightear foirmeacha comhlánaithe an áirimh in am. Sa chás go mbíonn aighneas i gceist i dtaobh tuairisceáin poist, ní ghlacfar ach le fáltas Poist Chláraithe mar chruthúnas ar phostas. Ní ghlacfar le deimhniú postais nó fáltas luathphoist mar chruthúnas ar phostas.

Tá an Roinn ag moladh do choimeádaithe sonraí áirimh ar líne a sheoladh ar aghaidh ar agfood.ie. Tá síneadh curtha leis an spriocdháta go dtí an 15 Feabhra 2021 i dtaobh tuairisceáin ar líne. Tá sé éasca eolas áirimh caorach agus gabhar a chur ar aghaidh ar líne agus faigheann tú dearbhú fíor-ama nuair a éiríonn leat an t-eolas a chur isteach i gceart.

Ar na buntáistí a bhaineann leis an áis áirimh ar líne tá:

• go bhfuil tú ábalta stair áirimh a fheiceáil;

• go bhfuil suaimhneas intinne agat go bhfuil sonraí d'áireamh 2020 curtha ar aghaidh go rathúil, chun comhlíontacht le riachtanais ceachtar de na scéimeanna a chinntiú;

• nach bhfuil aon trioblóid bhreise ná aon chostas breise i gceist leis mar atá le tuairisceán poist a chlárú; agus

• go bhfuil coimeádaithe caorach atá cláraithe i gcomhair seirbhísí ar líne ábalta leabhair de cháipéisí seolta/gluaiseacht caorach a ordú ar líne tríd an gcóras Sainaitheanta agus Gluaiseachta Ainmhithe (AIM).

Is féidir le coimeádaithe nach bhfuil cláraithe aragfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login é sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an rogha chun 'Clárú'. Ní mór do choimeádaithe atá ag úsáid na seirbhísí ar líne den chéad uair an dóthain ama a fhágáil chun a gcuid sonraí lógála isteach pearsanta a fháil ar an bpost i ndiaidh dóibh clárú. Beidh na sonraí sin de dhíth chun nasc slán a fháil ar bhunachar sonraí AIM chun sonraí áirimh a chur ar aghaidh.

Ba cheart do choimeádaithe a bhfuil sé beartaithe acu agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login a úsáid den chéad uair tús a chur leis an bpróiseas cláraithe go luath chun a chinntiú go bhfaigheann siad a gcuid sonraí logála isteach in am chun a gcuid eolais áirimh a chur ar aghaidh ar líne faoin 15 Feabhra 2021.

Tá treoir céim ar chéim maidir leis an Áireamh ar líne a chomhlánú tugtha ar chúl na Foirme d'Áireamh 2020.

An 1 Feabhra 2021 an dáta deiridh a nglacfar le foirmeacha comhlánaithe d'áireamh 2020 ar an bpost. Ach, tá síneadh leis an dáta sin go dtí an 11.59 p.m. Dé Luain an 15 Feabhra 2021 do fhreagróirí atá ag cur a dtuairisceán áirimh ar aghaidh ar líne trí agfood.ie. D'fhéadfadh mainneachtain foirm chomhlánaithe a chur ar ais in am tionchar a bheith aige ar d'incháilitheacht maidir le roinnt scéimeanna DAFM.

CRÍOCH