Íocaíocht níos mó ná €4 mhilliún fógartha ag an Aire Stáit Doyle faoi Scéim Eagraíochtaí Táirgeoirí an AE don earnáil Torthaí agus Glasraí
- Foilsithe: 28 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2020
Tá sé deimhnithe inniu ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD go bhfuil níos mó ná €4 mhilliún íoctha leis an earnáil torthaí agus glasraí faoin scéim bhliantúil d'Eagraíochtaí Táirgeoirí.
Dúirt an tAire:
"Táim sásta a dheimhniú go bhfuil na híocaíochtaí atá le déanamh anois faoin Scéim Eagraíochtaí Táirgeoirí do thorthaí agus glasraí curtha i gcrích. Tagann an tacaíocht bhliantúil seo ag am atá thar a bheith tábhachtach d'earnáil a raibh tionchar ag an neamhchinnteacht leanúnach atá fós ann maidir leis an mBreatimeacht uirthi. Onnmhairíonn an earnáil táirgí úra ar fiú breis is €90 milliún iad chuig margadh na Ríochta Aontaithe gach bliain."
Cuireann Scéim Eagraíochtaí Táirgeoirí an AE meicníocht thábhachtach ar fáil do shaothróirí chun go mbeidh cumhacht mhargála níos fearr acu sa mhargadh trí bheith mar chuid de bhonn soláthair níos mó. Cuirtear maoiniú ar fáil d'Eagraíochtaí Táirgeoirí trí bhearta a thacaíonn le seasmhacht ioncaim, iomaíocht agus an comhshaol a chosaint.
Dúirt an tAire freisin:
"Agus tiúchan éilimh níos mó ná riamh ós ár gcomhair, neartaítear an áit atá ag táirgeoirí sa mhargadh tríd an soláthar a ghrúpáil ar an mbealach seo agus cothaítear dáileadh luacha níos cothroime feadh an tslabhra soláthair."
CRÍOCH
Nótaí d'eagarthóirí:
Cuireann Scéim Eagraíochtaí Táirgeoirí an AE meicníocht thábhachtach ar fáil do tháirgeoirí chun cothromaíocht níos inbhuanaithe a bhaint amach sa slabhra soláthair trí bheith mar chuid de bhonn soláthair níos mó. Cuirtear maoiniú ar fáil d'Eagraíochtaí Táirgeoirí trí bhearta a thacaíonn le seasmhacht ioncaim, a chuireann feabhas ar iomaíocht agus a chuireann éifeachtúlacht chun cinn. Faoi láthair tá dhá Eagraíocht Táirgeoirí (POnna) ag feidhmiú faoi Scéim an AE do Thorthaí agus Glasraí in Éirinn a léiríonn thart ar 30% d'aschur iomlán ag geata na feirme don earnáil gairneoireachta.