English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Óstálann an tAire McConalogue Idirphlé ar Mhná sa Talmhaíocht

Inniu óstálfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, an tIdirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht i bPort Laoise. Tá an t-iar-Tánaiste agus Aire Talmhaíochta Mary Coughlan i gceannas ar an idirphlé agus beidh plé painéil agus ceardlanna ann, chomh maith le cainteoirí lena n-áirítear Iar-Aire Talmhaíochta na Gearmáine, Julia Klöckner, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Glanbia plc, Siobhán Talbot, An tAire McConalogue chomh maith lena chomhghleacaithe na hAirí Stáit Pippa Hackett agus Martin Heydon. Is é cuspóir an idirphlé ná tuairimí a bhailiú chun cur le beartas náisiúnta amach anseo ar cheist an chomhionannais inscne níos fearr sa talmhaíocht.

Dúirt an tAire McConalogue, agus é ag labhairt leis an idirphlé,

“As na 280,000 duine nach mór a oibríonn ar fheirmeacha in Éirinn, is mná iad 27% (75,113) díobh. Mar sin féin, as níos mó ná 130,000 sealbhóir feirme, ní mná iad ach 13% (16,900) díobh. Tá plean comharbais i bhfeidhm ag níos lú ná leath de na sealbhóirí feirme agus is fir iad 83% de na comharbaí aitheanta.

“Tá roinnt beart curtha san áireamh againn i bPlean Straitéiseach nua CAP na hÉireann a thacóidh le comhionannas inscne níos fearr. Chun ár spriocanna i bhFís don Bhia 2030 maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta níos fearr a bhaint amach áfach, tá rannpháirtíocht ban níos mó ríthábhachtach. Ní féidir linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna atá amach romhainn a thapú má leanann tearcionadaíocht na mban, laistigh den fheirmeoireacht agus ar fud na hearnála.

“Tá sé in am ról na bhfeirmeoirí ban a thabhairt chun solais agus aird a tharraingt orthu. Creidim go ndéanfaidh Idirhphlé Náisiúnta na mBan é sin.”

Dúirt an tAire Stáit Hackett,

“Táim paiseanta faoi réitigh chomhoibríocha a aimsiú chun an clár oibre um chomhionannas inscne a chur chun cinn san earnáil talmhaíochta in Éirinn. Inniu, tá céim thábhachtach glactha againn maidir le teacht le chéile agus na saincheisteanna a phlé. Caithfimid leanúint ar aghaidh ag déanamh dul chun cinn anois ionas gur féidir le hagraibhia leas a bhaint as rannpháirtíocht ban níos mó sa todhchaí agus is féidir linn leanúint ar aghaidh lenár dturas i dtreo inbhuanaitheachta níos fearr a chur chun cinn, lena n-áirítear roghanna le haghaidh éagsúlú feirme a mheas, amhail orgánach agus foraoiseacht.”

Dúirt an tAire Stáit Heydon,

“Tá sé oiriúnach go bhfuilimid bailithe le chéile ar Lá Fhéile Bríde chun rannpháirtíocht agus infheictheacht na mban sa talmhaíocht a phlé. Is tosaíocht faoi Fhís don Bhia 2030 é inbhuanaitheacht shóisialta na talmhaíochta a fheabhsú agus tá comhionannas inscne ina chuid thábhachtach de sin. Ó thaobh na sábháilteachta feirme de, cuirfidh sé seo feabhas freisin le sláinte, folláine, agus sábháilteacht gach duine a chónaíonn agus a oibríonn ar fheirmeacha toisc go bhféadfadh tionchar níos mó a bheith ag mná i mbainistiú feirme maidir le cleachtais feirme níos sábháilte a ghlacadh.”

Cuirfear toradh idirphlé an lae inniu i dtuarascáil a bheidh mar bhonn eolais do bheartas ina leith seo sna blianta amach romhainn. Neartófar é seo trí thionscadal taighde sonrach ar rannpháirtíocht na mban sa talmhaíocht, agus trí rannpháirtíocht leanúnach le páirtithe leasmhara.