English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€30 milliún i gCuidiú Forbartha Idirnáisiúnta don bhliain 2020 fógartha ag an Aire McConalogue a chuirfidh cuidiú ar fáil a choinneoidh daoine slán agus a trína fheabhsófar slándáil bhia

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu gur ionann cuidiú forbartha idirnáisiúnta a Roinne don bhliain 2020 agus breis is €30 milliún ar fad. Áirítear réamhíocaíocht maidir le gealltanas €25 milliún na hÉireann don bhliain 2021 chuig Clár Domhanda Bia (WFP) na NA, clár a bhuaigh Duais Nobel na Síochána in 2020.

Dúirt an tAire McConalogue,

"Cuideoidh maoiniú na hÉireann leis an WFP cuidiú a choinneoidh daoine slán a thabhairt do dhaoine a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar ocras agus ar éiginnteacht bia. Bhí tionchar ag paindéim Covid-19 ar bhaint an fhómhair, chur sé isteach go mór ar shlabhraí soláthair, agus scriosadh an teacht isteach a bhí ag na milliúin teaghlach atá ina gcónaí i mbochtaineacht cheana. Tabharfaidh an íocaíocht luath ar ghealltanas na hÉireann don bhliain 2021 solúbthacht don Chlár Dhomhanda Bia chun na hoibríochtaí faoisimh dhaonnúil an chláir a dhíriú ar an mbealach is éifeachtaí."

Rinne an tAire McConalogue comhghairdeas leis an WFP níos luaithe sa bhliain as Duais Nobel na Síochána a bhaint amach in 2020.

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin an WFP, David Beasley,

"Tá an Clár Domhanda Bia fíorbhuíoch de Rialtas agus de mhuintir na hÉireann as a dtacaíocht leanúnach don obair a dhéanaimid. Cuirfidh an ranníocaíocht bhliantúil sholúbtha seo ar ár gcumas freastal ar chuid de na daoine is leochailí ar domhan agus ár bhfreagra ar phaindéim COVID-19 á neartú againn. Tá an WFP buíoch as an gcomhpháirtíocht láidir atá againn le hÉirinn agus muid ag obair i gcomhar gach lá chun Deireadh a chur le hOcras ar fud an domhain."

Sa bhreis ar shíntiús bliantúil €1.64 milliún na hÉireann chuig Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), tá maoiniú €2.14m fógartha ag an Aire McConalogue chomh maith do thionscnaimh ar leith FAO. Ina measc sin tá slándáil bhia a fheabhsú do theifigh i gceantar Loch-chuach Shead ina bhfuil coinbhleacht; faireachas agus smacht a fheabhsú ar ionradh lócaiste gaineamhlaigh sa Chéinia; tacú le gníomh Chruinniú Mullaigh Chórais Bia na NA chun bia sábháilte agus cothaitheach a bheith ar fáil.

Dúirt an tAire McConalogue,

"Léiríonn an maoiniú seo atáthar a dhéanamh ar thionscadail bia agus talmhaíochta, go háirithe i gceantair thuaithe na hAfraice, dlúthpháirtíocht fheirmeoirí, iascairí agus tháirgeoirí bia na hÉireann lena macasamhlacha sna tíortha atá i mbéal forbartha agus iad ag iarraidh slándáil bhia a bhaint amach do chách. Ní mór go dtabharfaí cuidiú le gealltanas an hÉireann do na tíortha ar fad a bhaineann leas as an gClár Domhanda Bia ó tharla an tír a bheith ina ceannaire i dtaobh bia a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe. Is ionann an tacaíocht seo agus bunphrionsabal de cháilíochtaí inbhuanaitheachta na tíre."

Cuireadh €591,000 i maoiniú ar fáil chomh maith i mbliana faoi Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice (AADP), a thacaíonn le comhpháirtíochtaí idir comhlachtaí agraibhia na hÉireann agus na hAfraice.

Nóta d'Eagarthóirí:

Clár Domhanda Bia na NA (WFP)

Is eagraíocht Náisiún Aontaithe é WFP atá freagrach as cúnamh bia a chur ar fáil do na daoine is boichte agus is leochailí ar domhan. Oibríonn sé i gcomhar le gníomhaireachtaí eile Náisiún Aontaithe, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha, leis an tsochaí shibhialta agus leis an earnáil phríobháideach d'fhonn a chur ar chumas daoine, pobail agus tíortha a gcuid riachtanas bia féin a shásamh. Is é an WFP an ghníomhaireacht dhaonnúil is mó atá ag troid i gcoinne an ocrais ar fud an domhain agus déantar é a mhaoiniú ó ranníocaíochtaí deonacha amháin. Sa bhreis ar phríomh-mhaoiniú an DAFM ar an WFP, cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maoiniú ar fáil don WFP chomh maith ar mhaithe le cláir ghéarchéime i dtíortha agus i réigiún faoi leith.

I mbliana, chuir na cistí solúbtha a chur Rialtas na hÉireann ar fáil le hobair an WFP sna cásanna éigeandála is tábhachtaí, agus chun cuidiú leosan a chuir paindéim COVID-19 isteach orthu. I bPoblacht na hAfraice Láir chuir na cistí solúbtha ar a gcumas deich n-uaire an méid cúnaimh a chur ar fáil go tapa; i bPoblacht Éimin chuir na cistí solúbtha le hoibríocht tarrthála, ar ionann sin agus freagraí éigeandála is mó an WFP; san Afganastáin bhí an WFP ábalta bia treisithe agus cúnamh bia a bhí cothrom ó thaobh cothaithe a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha lena n-áirítear daoine a raibh tionchar ag coimhlint agus ag tubaistí orthu, teifigh, fillte ó thíortha cóngaracha, agus daoine a raibh tionchar ag COVID-19 orthu; sa tSomáil chuidigh cistí solúbtha le pobail a dteacht aniar a neartú in éadan tionchar coimhlinte agus tubaistí nádúrtha. Cuireann rannchuidiú den saghas seo ó Éirinn tacaíocht agus cothú ar fáil d'oibríochtaí an WFP in 2020 sa tSiria, i mBuircíne Fasó, san Aetóip agus sa tSiombáib.

Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO)

Eagraíocht Náisiún Aontaithe atá san FAO atá faoi shainordú d'fhonn cuidiú le deireadh a chur leis an ocras, le héiginnteacht bhia agus le míchothú, agus an talmhaíocht, foraoiseacht agus na hiascaigh a dhéanamh níos torthúla agus níos inbhuanaithe, córais talmhaíochta agus bia níos uilechuimsithí agus níos éifeachtaí a chumasú agus cur le láidreacht na slite beatha i gcoinne bagairtí agus géarchéimeanna.

Clár um Fhorbairt Agraibhia na hAfraice (AADP)

Comhthionscnamh atá san AADP idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Is é an aidhm atá leis an AADP ná comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir Earnáil Agraibhia na hÉireann agus tíortha na hAfraice d'fhonn tacú le fás inbhuanaithe an tionscail áitiúil bia; margaí do tháirgí áitiúla a chothú; agus tacú leis an gcomhthrádáil idir Éire agus an Afraic".

Domhan Níos Fearr

Tá an maoiniú seo agus na comhpháirtíochtaí leis an WFP agus leis an FAO laistigh de chreat pholasaí nua na hÉireann don fhorbairt idirnáisiúnta, "Domhan Níos Fearr", polasaí uile-rialtais le haghaidh clár comhoibriúcháin forbartha na hÉireann, clár faoina n-oibríonn an DAFM go dlúth le Cúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

CRÍOCH

Cuidiú Forbartha Idirnáisiúnta - DAFM 2020
Cuidiú Forbartha Idirnáisiúnta - DAFM 2020
Download link for Íoslódáil