Aitheasc tugtha ag an Aire Dooley ag Comhdháil Uisceshaothraithe Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) 2025
- Foilsithe: 20 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhreastail an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Iascaigh, Timmy Dooley TD, ar Chomhdháil Bhliantúil Uisceshaothraithe IFA i Luimneach inniu.
Tar éis cruinnithe a bheith aige le hionadaithe tionscail ón earnáil uisceshaothraithe le déanaí, thapaigh an tAire Dooley an deis chun aitheantas a thabhairt do thábhacht uisceshaothrú na hÉireann do gheilleagar na tíre, d’inbhuanaitheacht ár bpobal cósta faoin tuath, dár slándáil bhia agus do shuíomh na hÉireann mar tháirgeoir bia mara den scoth. D’athdhearbhaigh an tAire gealltanas an Rialtais chun tacú le hearnáil uisceshaothraithe na hÉireann agus í a fhorbairt.
Tá uisceshaothrú ar an earnáil táirgthe bia is mó a bhfuil borradh fúithi ar domhan, agus tá sí freagrach as os cionn leath den táirgeadh bia mara ar domhan sa lá atá inniu ann.
Cé nach n-áitíonn earnáil uisceshaothrú na hÉireann ach 0.0004% de limistéar cladaigh na hÉireann arb ionann é agus 17,500 km², is fiú tuairim agus €169 milliún í earnáil uisceshaothraithe na hÉireann do gheilleagar na hÉireann agus cothaíonn sí 1,833 phost dhíreacha i gceantair thuaithe iargúlta – 80% díobh atá in iarthar na hÉireann. Meastar go gcruthaíonn gach post lánaimseartha san uisceshaothrú 2.27 post breise sa cheantar.
Soláthraíonn uisceshaothrú na hÉireann modh atá éifeachtúil ar acmhainní agus a bhfuil beagán ionchur i gceist leis, chun bia ardcháilíochta a tháirgeadh. Táirgeann sé méid mór bia in aghaidh an limistéir a úsáideann sé agus tá lorg carbóin íseal aige. Cuireann sé go hollmhór le táirgeadh bia mara na hÉireann, agus is é bradán saothraithe orgánach an t-onnmhairiú bia mara is airde luach in Éirinn. Anuas ar an earnáil uisceshaothraithe éisc eite agus sliogéisc, tá breis nuálaíochta ar bun san earnáil arna léiriú le roinnt iontrálaithe nua sa saothrú feamainne. Tá roinnt tionscadail nuálaíochta luaithe faoi mhacra-algaí agus miocralgaí ar bun ag taighdeoirí faoi láthair agus ba cheart go dtacódh siad le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar uisceshaothrú feamainne le himeacht aimsire.
Ag labhairt dó ag Comhdháil Uisceshaothraithe IFA, dúirt an tAire Dooley:
“Táirgeann Éire bia mara ar chaighdeán an-ard agus tá éileamh mór air i roinnt margaí. Is léir dom go bhfuil nuálaíocht ar bun san earnáil, arna déanamh ag táirgeoirí atá tiomanta, díograiseach agus solúbtha. Ní mór dúinn leanúint de bheith ag cur leis an gcáil atá orainn as táirgí bia mara ar chaighdeán den scoth, agus fiosrú a dhéanamh ar gach bealach chun ár gcumas táirgthe a fhorbairt, bíodh sé sin trí speicis nua a chothú, trí mhodhanna táirgthe nua nó trí láithreáin uisceshaothraithe a mhéadú.”
Rinne an tAire tagairt don tábhacht a bhaineann le hinfheistiú i dteicneolaíocht uisceshaothraithe chun tacú le forbairt leanúnach agus inbhuanaithe a dhéanamh ar an táirgeadh uisceshaothraithe, agus don phoitéinseal a bhaineann leis an mbithgheilleagar gorm a fhorbairt. Ar an gcaoi chéanna, tacóidh cur i bhfeidhm Phlean Straitéiseach Náisiúnta na hÉireann d’Fhorbairt an Uisceshaothraithe Inbhuanaithe 2030 leis an earnáil a fhorbairt.
Dúirt an tAire Dooley mar fhocal scoir:
“Tá sé beartaithe agam oibriú leis an tionscal uisceshaothraithe chun tuiscint a fháil ar na dúshláin atá roimh an tionscal agus chun iad a shárú a oiread agus is féidir. Creidim go bhfuil todhchaí mhaith i ndán don earnáil uisceshaothraithe in Éirinn agus tá an Rialtas tiomanta tacú le forbairt leanúnach a dhéanamh ar an earnáil thábhachtach seo.”
CRÍOCH