An Beart Corpraithe Tuí €10m oscailte ag an Aire McConalogue
- Foilsithe: 22 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu go bhfuil an Beart Corpraithe Tuí (SIM) nua a tugadh isteach chun tacú le feirmeoirí curaíochta Éireannacha a chinneann an tuí a sceanadh agus a chorprú isteach san ithir tar éis an fhómhair oscailte. Tá ciste iomlán €10 milliún ar fáil do 2021 ar bhonn píolótach. Tá SIM cómhaoinithe ag Ciste Talmhaíochta na hEorpa um Fhorbairt Tuaithe mar chuid de Phlean Forbartha Tuaithe na hÉireann.
Agus é ag fógairt go bhfuil SIM oscailte, dúirt an tAire McConalogue,
“Is tionscnamh tábhachtach é seo d’fheirmeoirí curaíochta ar an gcéad dul síos, ach don chomhshaol freisin. Cuideoidh sé le feirmeoirí atá ag iarraidh leibhéil charbón orgánach a n-ithreach a mhéadú trí sceanadh agus corprú tuí. Táim muiníneach gur féidir leis an gcineál idirghabhála dírithe seo a bheith ina mhúnla d’fhorbairt scéime as seo amach. "
Is féidir iarratais a dhéanamh ó inniu (an 22 Márta) tríd an bhfoirm iarratais BPS ar líne, atá ar fáil ag agfood.ie Is é Dé Luain 17 Bealtaine an spriocdháta d’iarratais.
Lean an tAire,
“Tuigim go maith go bhfuil earnáil bheoga curaíochta ríthábhachtach do thalmhaíocht na hÉireann. Táim muiníneach gur féidir le SIM cur go mór le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na hearnála curaíochta agus táim ag tnúth le go nglacfaidh feirmeoirí curaíochta páirt ghníomhach sa bheart. Tá a fhios agam go bhfuil comhairleoirí agus go deimhin oifigigh ó mo Roinn ann chun cabhrú leis an bpróiseas iarratais. Tacaím le hinmharthanacht fhadtéarmach na hearnála curaíochta agus éistfidh agus pléifidh mé leis an earnáil san am atá amach romhainn."
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá na Téarmaí agus Coinníollacha, lena n-áirítear sonraí maidir le conas iarratas a dhéanamh, mar aon le doiciméad Ceisteanna Coitianta ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag
Item was unpublished or removed
Déanfar íocaíocht ag ráta €250/ha do na hiarratasóirí sin a sceanann agus a chorpraíonn coirce, seagal, cruithneacht nó eorna, agus íocfar ola ráibe ag ráta €150/ha.
Is é 5 ha an t-iarratas íosta, agus 40 ha an t-uasmhéid. Má tá ró-éileamh ar an mBeart cuirfear próiseas rangaithe agus roghnúcháin i bhfeidhm.
Ní ráthaíocht ar iontráil é iarratas ar SIM a chur isteach. In imthosca ina bhfuil ró-éileamh ar SIM cuirfear próiseas rangaithe agus roghnúcháin i bhfeidhm. Tar éis an spriocdháta d’iarratais an 17 Bealtaine, deimhneoidh an Roinn d’iarratasóirí SIM ar glacadh leo nó nár glacadh.
Is féidir ceisteanna maidir le SIM a chur chuig sim@agriculture.gov.ie nó 0761 064420.

Photographer: Clive Wasson.
CRÍOCH