English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Dara Áireamh Eachaí Bliantúil in Éirinn i bhfeidhm

Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Charlie McConalogue T.D., gur tharla an dara áireamh eachaí bliantúil in Éirinn an 30 Samhain 2022. Cuireadh foirmeacha áirimh sa phost chuig thart ar 29,000 áitreabh cláraithe ar fud na tíre níos luaithe an tseachtain seo.

Aon duine a choinnigh eachaí (lena n-áirítear capaill, capaillíní, asail, miúileanna agus séabraí) thar oíche an 30 Samhain 2022, ní mór dó tuairisceán comhlánaithe áirimh a chur faoi bhráid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Dé hAoine an 16 Nollaig 2022.

D'athdhearbhaigh an tAire an tábhacht a bhaineann leis an bpróiseas áirimh agus dúirt sé,

"Cuirfidh an t-áireamh eolas luachmhar ar fáil don Roinn, go háirithe maidir le galar a chosc ach freisin maidir le dul i ngleic le hábhair imní sláinte poiblí agus chun déileáil le capaill ar iarraidh, ar seachrán nó a goideadh.” Ghabh sé buíochas leis an líon suntasach coimeádaithe a bhí rannpháirteach in áireamh 2021 agus mhol sé do gach coimeádaí a bheith páirteach sa phróiseas in 2022.

Cé go nglacfaidh a Roinn le tuairisceáin áirimh pháipéir, mhol an tAire McConalogue go láidir do choimeádaithe a gcuid faisnéise áirimh 2022 a chur isteach ar líne tríd an tairseach tiomnaithe slán, Equine Census ar agfood.ie, a ghlacfaidh le sonraí 2022 ón Déardaoin an 1 Nollaig.

D'admhaigh sé go raibh roinnt saincheisteanna teicniúla leis an tairseach ar líne in 2021 ach dúirt sé

“Ghlac mo Roinn le haiseolas a fuarthas ó choimeádaithe agus d'oibríomar go crua chun na saincheisteanna seo a réiteach chun a chinntiú go mbeidh feabhas mór ar thaithí na gcoimeádaithe in 2022."

Dúirt sé freisin, nuair a thaifeadtar sonraí 2021 ar chóras a Roinne, go mbeidh sé seo ar fáil do choimeádaithe le húsáid mar bhonn dá dtuairisceán 2022. Laghdóidh an ghné seo an t-ualach riaracháin a bhaineann le sonraí eachaí a athiontráil d'ainmhithe atá fós san áitreabh. Tá rannóg ‘Ceisteanna Coitianta‘ ar an tairseach ar líne freisin agus cuireadh físeán leis an tairseach chun cuidiú le coimeádaithe a bhfuil líon mór eachaí acu a gcuid sonraí a fhógairt.

Ceanglófar ar choimeádaithe líon iomlán each a bhí i láthair ar a ngabháltas a thaifeadadh oíche an áirimh. Maidir leis na heachaí sin a bhfuil gnáthchónaí orthu san áitreabh, beidh gá freisin le hUimhir Shaoil Uathúil Eachaí (UELN), ar a dtugtar uimhir phas, gach eachaí a sainaithnítear le doiciméad aitheantais, mar aon leis an dáta measta a aistríodh gach ainmhí chuig an áitreabh.

Sa chás go mbíonn eachaí i láthair ar bhonn sealadach (m.sh. chun críocha oiliúna/comórtais/pórúcháin), ní bheidh gá leis na UELNanna aonair agus ní bheidh gá ach le líon iomlán na n-ainmhithe sin a bheidh i láthair ar an oíche.

Thug an tAire McConalogue le fios go n-éilíonn Dlí an AE maidir le Sláinte Ainmhithe (Rialachán (AE) 2016/429) áireamh, a éilíonn go ndéanfaidh an Roinn sonraí an áitribh ina gcoimeádtar gach eachaí a chónaíonn sa Stát de ghnáth a thaifeadadh. Tá an t-áireamh deartha chun nasc tosaigh a chruthú idir gach each a choinnítear sa stát ar lá an áirimh agus an t-áitreabh ar a gcoinnítear é ag an am sin.

Cruthófar próifíl gach eachaí a bhí i láthair ar ghabháltas ar an dáta sin ar chóras um Aithint agus Gluaiseacht Ainmhithe (AIM) na Roinne, ina bhfuil an bunachar sonraí lárnach eachaí.Ní bheidh próifíl eachaí ar chórais na Roinne ag coimeádaithe nach gcuireann tuairisceán áirimh comhlánaithe ar ais agus b'fhéidir nach mbeidh siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar Scéimeanna a bhaineann le eachaí a d'fhéadfadh an Roinn a thabhairt isteach amach anseo.

Thug an tAire le fios go bhfuil treoir maidir le sonraí áirimh a chur isteach ar líne curtha san áireamh leis na foirmeacha áirimh a d'eisigh a Roinn. Ba chóir do dhuine atá ag lorg cúnaimh chun sonraí áirimh a chur isteach, bíodh sin ar pháipéar nó ar líne, teagmháil a dhéanamh le Rannán AIM na Roinne trí ríomhphost a sheoladh chuig equinecensus2022@agriculture.gov.ie nó trí ghlaoch a chur ar 01 -5058881.


Nótaí don Eagarthóir

  • Chun clárú le agfood.ie, ní mór don choimeádaí is iarratasóir a d(h)áta breithe, UPSP, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a sholáthar. Ar chúiseanna slándála, eisítear sonraí pearsanta logála isteach sa phost agus go ginearálta faightear iad laistigh de 3-4 lá tar éis an próiseas clárúcháin a chríochnú. Ba cheart iad seo a choinneáil go sábháilte mar ní féidir rochtain a fháil ar an gcóras gan iad.
  • Maidir le slándáil bhreise, tá córas fíordheimhnithe 2 fhachtóir tugtha isteach ag an Roinn chun rochtain a fháil ar Thairseach Áirimh Eachaí 2022. Ar a gcéad iarracht chun rochtain a fháil ar an tairseach, iarrfar ar choimeádaithe uimhir theileafóin phóca a thaifeadadh, a seolfar cód sonrach chuige gach uair a logálann siad isteach sa tairseach amach anseo. Iarrtar ar choimeádaithe a chinntiú go mbaineann an uimhir a sholáthraítear le fón a mbeidh rochtain acu air ar bhonn leanúnach.
  • Déanann duine ar bith a choinníonn eacha in áitreabh nach bhfuil cláraithe leis an DAFM chun na críche sin cion. Ba cheart iarratais chun áitreabh a chlárú chun eacha a choinneáil a sheoladh chuig Oifig Réigiúnach DAFM áitiúil an iarratasóra. Tá sonraí teagmhála do na hoifigí éagsúla ar láithreán gréasáin an DAFM ag Contact the Department
  • Ceanglaítear go dlíthiúil ar choimeádaithe each a chinntiú go n-aithnítear pas ceart do gach each atá faoina gcúram. Is cion é gan é sin a dhéanamh. Eisíonn Eagraíochtaí Eisiúna Pas (PIOanna) atá ceadaithe ag DAFM pasanna each. Tá liosta de na PIOanna ceadaithe ar fáil ar láithreán gréasáin an DAFM ag Horses
  • Taispeánann an treoir físeán cabhrach seo conas roinnt foirmeacha a uaslódáil le chéile chuig an láithreán gréasáin How to complete the batch file upload for multiple horses on the equine census 2022 - YouTube