An Dara Tuarascáil Bhliantúil de chuid Fhís don Bhia 2030 á seoladh ag an Aire McConalogue
- Foilsithe: 19 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, an dara Tuarascáil Bhliantúil do phróiseas Fhís don Bhia 2030. Tharla an seoladh ag an 11ú cruinniú den Choiste Forfheidhmithe Ardleibhéil Fhís don Bhia 2030 (HLIC). D’fhreastail an tAire Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett agus an tAire Stáit, Martin Heydon, T.D, ar an gcruinniú chomh maith.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tarraingíonn an dara Tuarascáil Bhliantúil seo do phróiseas Fhís don Bhia 2030 aird ar an dul chun cinn a rinneadh san earnáil agraibhia agus muid ag leanúint orainn ag cur feabhais ar gach snáithe den inbhuanaitheacht - comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta. Mar Chathaoirleach ar an gCoiste Forfheidhmithe Ardleibhéil, ba mhaith liom gach páirtí leasmhar a mholadh as an dul chun cinn atá á dhéanamh inár n-earnáil talmhaíochta, iascaireachta, foraoiseachta agus próiseála. Is plean bunathraitheach é Fís don Bhia don earnáil agraibhia, a d’fhorbair an earnáil dá hearnáil féin, ag baint úsáid as cur chuige córas bia. Tarraingítear béim sa Tuarascáil ar dhoimhneacht agus ar fhairsinge na gníomhaíochta agus muid ag obair go comhoibríoch chun tabhairt faoinár mianta go mbeadh Éire ina ceannaire domhanda sna Córais Bhia Inbhuanaithe.”
Tugtar léargas sa Tuarascáil Bhliantúil ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo agus tarraingítear aird ar roinnt de na gnóthachtálacha is tábhachtaí. Chomh maith leis sin, tugtar an scéal is déanaí maidir le hobair HLIC agus an Fhoghrúpa Oibre Comhshaoil. Tá ceithre phríomh-mhisean ag Fís don Bhia, 22 sprioc agus 218 gníomh don earnáil agraibhia a mbeifear ag obair ina dtreo as seo go 2030. Go dtí seo, tá 20 gníomh (9%) curtha i gcrích, rinneadh roinnt mhaith oibre maidir le 121 gníomh (56%), cuireadh tús le 75 gníomh (34%) agus tá dul chun cinn á dhéanamh orthu.
I measc na ngnóthachtálacha is tábhachtaí le bliain anuas sa Tuarascáil Bhliantúil tá seoladh Chlár Foraoiseachta nua na hÉireann; Straitéis Ghairneoireachta nua; Phlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair; Bhunachar Sonraí Leasacháin nua; Idirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht; Threochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bia; 4ú Plean Náisiúnta Gníomhaíochta Bithéagsúlachta na hÉireann; Plean Straitéiseach Náisiúnta d’Fhorbairt an Uisceshaothraithe Inbhuanaithe; bunú An Rialálaí Agraibhia; Clár Náisiúnta Géinitíopála; Clár um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil; Scéim Leasa Mairteola Déiríochta; agus Mairteoil Fhéarbheathaithe na hÉireann mar Thásc Geografach faoi Chosaint a bhaint amach.
Chomh maith leis sin, pléadh an scéal is déanaí faoi Thuarascáil Dheiridh an Ghrúpa Curaíochta de chuid Fhís don Bhia, Cruinniú Mullaigh Nuálaíochta faoi Bhia de chuid Fhiontraíocht Éireann agus Straitéis trí bliana nua de chuid Chórais Bhia Inbhuanaithe Éireann don tréimhse 2024-27 ag an 11ú cruinniú HLIC Fís don Bhia.
Tar éis chruinniú HLIC, labhair an tAire McConalogue go díreach leis na daoine a d’fhreastail ar an gCruinniú Mullaigh Nuálaíochta Bia de chuid Fhiontraíocht Éireann. Leag an tAire béim ar bhuntábhacht na nuálaíochta d’Fhís don Bhia 2030 agus mian na hÉireann a bheith ina ‘”Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe’.”.
DEIREADH
Nóta d’Eagarthóirí
D’fhéadfadh Fís don Bhia 2030, straitéis na hÉireann atá faoi threoir na bpáirtithe leasmhara don earnáil agraibhia, ár n-earnáil talmhaíochta, bia, foraoiseachta agus mara a athrú ó bhonn. Tá an inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta i gcroílár na straitéise. Tá sé mar aidhm ag Fís don Bhia go mbeadh Éire ina “Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe”. Dearadh Fís don Bhia 2030 ag baint úsáid as cur chuige córas bia, agus tá sé rangaithe de réir ceithre Mhisean ardleibhéil:
• Misean 1: Earnáil Agraibhia atá Cliste ó thaobh na hAeráide agus Inbhuanaithe ó thaobh an Chomhshaoil.
• Misean 2: Príomhtháirgeoirí Inmharthana agus Athléimneacha, le Folláine Fheabhsaithe.
• Misean 3: Bia atá Sábháilte, Cothaitheach, agus Mealltach, Iontaofa, a bhfuil Meas air sa Bhaile agus Thar Lear.
• Misean 4: Earnáil Agraibhia Nuálaíoch, Iomaíoch agus Athléimneach, Tiomáinte ag Teicneolaíocht agus Tallann.
Tuilleadh eolais ag: gov - Fís don Bhia 2030 - Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe (www.gov.ie)
Tá an dara Tuarascáil Bhliantúil ar fáil Item was unpublished or removed.