English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Heydon: Guígh Bliain Nua Sábháilte ar Fheirmeoirí don Bliain 2021


Líon na nDaoine a Bhásaigh ar Fheirmeacha in 2020 fós thar a bheith ard

Tá béim leagtha ag Martin Heydon T.D., an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil Freagracht Speisialta as Sábháilteacht ar Fheirmeacha, ar an líon suntasach daoine a bhásaigh ar fheirmeacha de chuid na hÉireann in 2020 mar thoradh ar eachtraí a tharla ag ionaid oibre.

Bhásaigh 19 nduine in eachtraí a tharla ar fheirmeacha in 2020. Leanaí faoi 18 mbliana d'aois a bhí i dtriúr díobh sin, agus ba fheirmeoirí a bhí 65 bliana nó os a chionn a bhí i naonúr díobh. Bhásaigh 25 duine in 2017, 15 in 2018 agus 19 in 2019.

Dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas,

"Tá leibhéal na n-eachtraí sábháilteachta, inar bhásaigh daoine in go leor díobh, atá ag tarlú ar fheirmeacha ar fud na tíre an-ard, i bhfad níos airde ná a cheart dó a bheith. Is ar fheirmeacha a tharla beagnach 50% de na heachtraí inar bhásaigh daoine san ionad oibre, cé nach bhfuil ach 6% den lucht saothair ag obair orthu. Is é sin an t-údar a bhfuil mé ag impí ar gach duine inniu, agus iad ag guí Bliain Nua Mhaith ar fheirmeoirí, an t-am a ghlacadh agus a iarraidh orthu a bheith aireach ar a gcuid feirmeacha in 2021."

In theannta sin dúirt sé,

"I mbliana, 2021, ní mór d'fheirmeoirí tús áite a thabhairt dá gcuid sábháilteachta féin; ní féidir leanúint leis an méid básanna atá tarlaithe le roinnt blianta anuas. Bhásaigh 214 duine go tragóideach ar fheirmeacha idir 2010 agus 2019 agus ní féidir glacadh leis sin a thuilleadh. De bharr gur mise an chéad Aire riamh atá freagrach go sonrach as Sábháilteacht ar Fheirmeacha, táim ag obair lena chinntiú go bhfuil an tsábháilteacht i gcroílár gach a ndéanaimid ar ár gcuid feirmeacha agus tá sé de rún agam an t-athrú fadtéarmach a laghdóidh leibhéal reatha na n-eachtraí sábháilteachta."

"Le roinnt míonna anuas, tá roinnt tionscnamh seolta agam a chuideoidh leis an athrú seo a chur i gcrích le cúnamh Dé. Cuirfidh scéim an Liúntais Caipitil Luathaithe (ACA), a thug mé chun cinn i gcomhar leis an Aire Donohoe, ar chumas feirmeoirí teacht níos éasca a bheith acu ar infheistíochtaí riachtanacha maidir le sábháilteacht ar fheirmeacha. Ina theannta sin, maoineoidh mo ghlao nua le haghaidh tograí faoin tsamhail don Chomhpháirtíocht Nuálaíochta (EIP), roinnt togra Sábháilteacht ar Fheirmeacha faoi stiúir an phobail, a chuirfidh roinnt réitigh nua agus nuálacha ar fáil le cúnamh Dé.

"Bliain thábhachtach a bheidh sa bhliain 2021 don tSábháilteacht ar Fheirmeacha agus cuirfear traenáil ríthábhachtach i leith na sábháilteachta ar thuairim is 50,000 feirmeoir, agus tá Coiste Comhairleach Comhpháirtíochta an HSA maidir le Sábháilteacht ar Fheirmeacha agus a gcuid Meithleacha anois i mbun oibre. Tá sé i gceist agam cur leis an móiminteam a bhí ann le roinnt míonna anuas trí oibriú go dlúth le feirmeoirí d'fhonn na tionscnaimh atá de dhíth a dhéanfaidh difear mór don tsábháilteacht ar ár gcuid feirmeacha a bhaint amach.

Mar fhocal scoir is éard a dúirt sé,

"Guím Bliain Nua shona agus shábháilte ar fheirmeoirí ar fud na tíre.

CRÍOCH