An tAire Heydon i mbun misean trádála agraibhia go Vítneam
- Foilsithe: 7 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Martin Heydon TD, an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air maidir le Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaí Nua, tar éis tús a chur lena thuras go Vítneam atá mar chuid de mhisean agra-thrádála Rialtais chun na Seapáine agus na hÁise Thoir Theas, ag leanúint ar aghaidh ó choinní a bhí ag Charlie McConalogue TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, sa tSeapáin agus i Singeapór.
Rachaidh an tAire Heydon ar aghaidh leis an misean trádála leanúnach chuig Hanáí le haghaidh sraith coinní déthaobhacha agus seimineár tionscail, i gcomhar le hAmbasáid na hÉireann i Vítneam, agus le rannpháirtíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ó oifigigh Bhord Bia, ó Fhiontraíocht Éireann agus ó ionadaithe ó thionscal bia agus dí na hÉireann. Ag coinní tosaigh na toscaireachta i Hanáí, labhair an tAire ag Seimineár Teicniúil Déiríochta an AE i Hanáí agus ghlac sé páirt i bhFáiltiú maidir le Trádáil do Chustaiméirí Muiceola agus Bia Mara.
Ag labhairt dó ar a chuairt ar Vítneam, dúirt an tAire Heydon:
“Tá fás agus athrú as cuimse tagtha ar earnáil agraibhia Vítneam le blianta beaga anuas, rud a chruthaíonn deiseanna suntasacha d'onnmhaireoirí bia agus dí na hÉireann chomh maith le teicneolaíocht talmhaíochta chun comhpháirtíochtaí fadtéarmacha a thógáil sa mhargadh tosaíochta seo. Táim ag tnúth le teagmháil a dhéanamh le comhghleacaithe Rialtais maidir le rochtain ar an margadh mairteola a chur chun cinn, agus feiceáil dom féin an rannchuidiú dearfach atá á dhéanamh ag cúnamh na hÉireann chun slite beatha tuaithe a athrú.
Tá cumas ollmhór ann ní hamháin ár n-onnmhairí agraibhia chuig Vítneam a fhás ach ár gcomhoibriú a threisiú agus saineolas na hÉireann maidir le hearnáil agraibhia inbhuanaithe a fhorbairt a roinnt."
Tá straitéis nua onnmhairithe Bhord Bia do Vítneam, a seoladh le linn an mhisin trádála, ag teacht le Comhaontú Saorthrádála an Aontais Eorpaigh (EU) agus Vítneam (FTA). Cuirfear deireadh iomlán le taraifí ar dhéiríocht na hEorpa an 1 Eanáir 2023, agus bheifí ag súil go n-ardódh sciar margaidh na hEorpa ina dhiaidh sin.
Mar chuid den mhisean trádála, tá Bord Bia ag seoladh feachtas nua trí bliana chun déiríocht a chur chun cinn san AE a chlúdóidh margadh Vítneam agus margadh níos leithne na hÁise Thoir Theas. Seolfar an feachtas, Déiríocht an AE, Rogha Inbhuanaithe don Áise, chuig ceannaitheoirí Vítneam agus chuig na meáin trádála i Hanáí.
Dúirt Michael Murphy, POF Eatramhach Bhord Bia:
“Tá poitéinseal ollmhór ann do bhia agus deoch na hÉireann i Vítneam, agus díreoidh straitéis nua trí bliana Bhord Bia don réigiún ar phróifíl bia agus dí na hÉireann a ardú trí fheasacht air mar tháirge den scoth a fhaightear ó fheirmeacha teaghlaigh, agus atá go hiomlán inrianaithe ón bhfeirm go dtí an forc. Tuigeann Éire agus Vítneam go bhfuil slándáil an tsoláthair ríthábhachtach ionas gur féidir leis an dá thír pleanáil chun cinn le haghaidh fáis agus rathúlachta. Is é ár n-uaillmhian cur leis na comhpháirtíochtaí láidre atá ag Éirinn lenár gcustaiméirí i Vítneam agus is modh luachmhar iad misin thrádála mar seo chun próifíl na hÉireann mar náisiún táirgthe bia a ardú agus chun deiseanna tráchtála a chur ar fáil do chuideachtaí bia agus dí na hÉireann.”
Leanann an tAire Heydon leis an misean trádála go Vítneam go dtí Dé hAoine an 09 Meán Fómhair, le sraith coinní comhoibrithe rialtais, tráchtála agus forbartha.