An tAire McConalogue agus an tAire Heydon ag moladh do dhaoine ‘Aird a thabhairt ar Chúrsaí Sábháilteachta’ nuair a bheidh tionchar Stoirm Bharra le brath sa tír
- Foilsithe: 6 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Mhol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., d’fheirmeoirí, iascairí agus daoine i gceantair thuaithe a bheith an-chúramach ó tharla go mbeidh tionchar Stoirm Bharra le brath sa tír go luath. Ní fios go fóill cén tionchar a bheidh ag an stoirm ach tá sé tábhachtach go gcuirfí céimeanna ciallmhara i gcrích roimh an stoirm seachas nuair atá tionchar na stoirme le brath sa tír.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue,
“Molaim do gach duine smaoineamh ar chúrsaí sábháilteachta ar dtús ó tharla Stoirm Bharra a bheith ag triall ar an tír. Tá gach cuma ar an scéal go n-áireofar an stoirm seo i measc ceann de na stoirmeacha is láidre in Éirinn le fada an lá. Tá saol gach uile dhuine tábhachtach, rud a chiallaíonn nach mór dúinn ar fad iarrachtaí a dhéanamh muid féin agus daoine eile a chosaint. Tá an earnáil feirmeoireachta agus iascaireachta níos leochailí ná earnálacha eile do stoirmeacha mar seo. Beidh tionchar ar leith ag an stoirm seo ar an bhflít iascaireachta ó tharla go mbeidh fórsa na stoirme le brath feadh chósta an iarthair. Ba cheart d’iascairí go háirithe a bheith an-chúramach, aird a thabhairt ar na rabhaidh aimsire ar fad agus a chinntiú go bhfuil gach árthach i mbeart roimh an stoirm. Go ginearálta, ba cheart do dhaoine fanacht amach ón gcladach agus fanacht ar thalamh ard.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Martin Heydon, T.D, an tAire Stáit atá freagrach as Sábháilteacht Feirme,
“Tá an phríomhbhéim á leagan ar shábháilteacht feirme i bhFeachtas Bí Réidh don Gheimhreadh na bliana seo. Ní mór d’fheirmeoirí agus do gach duine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe a chinntiú go bhfuil siad réidh chun déileáil leis an stoirm atá ag triall ar an tír. Is slí bheatha contúirteach í an fheirmeoireacht, slí bheatha níos contúirtí fós fiú nuair a bhíonn an aimsir go dona. Dá réir sin, ba cheart do gach duine a chinntiú go bhfuil siad féin agus a bhfeirmeacha réidh chun déileáil le stoirm Bharra. Ciallaíonn sé seo gur cheart am a chur i leataobh chun clós na feirme a sheiceáil d’fhonn a chinntiú nach bhfuil aon rud fágtha thart a d’fhéadfadh imeacht leis an ngaoth agus go bhfuil foirgnimh sábháilte. Caithfear tús áite a thabhairt do shábháilteacht daoine ar ndóigh agus mholfainn do dhaoine aird a thabhairt ar an gcomhairle gur cheart do dhaoine a bheith cúramach. Fan go dtí go mbeidh an stoirm maolaithe sula seiceálann tú beostoc nó aon rud a d’fhéadfadh a bheith bogtha ag an ngaoth, caith veist shofheicthe, tabhair fón póca leat agus inis do dhuine éigin cá bhfuil tú ag dul." Ar deireadh, d’iarr an tAire Heydon ar dhaoine a chinntiú go bhfuil “comharsana scothaosta i gceantair thuaithe ceart go leor, agus níos tábhachtaí fós, aon rioscaí a sheachaint”.
Chomh maith leis sin, mheabhraigh an tAire Heydon d’úinéirí talún a bheith airdeallach ar an gcontúirt a bhaineann le crainn leagtha, go háirithe ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar shreanga leictreacha. Níor cheart ach do ghairmithe cáilithe ó BSL measúnú a dhéanamh ar an damáiste atá déanta in imthosca mar seo. Sa chás nach raibh aon tionchar ag an stoirm ar cháblaí BSL, ba cheart a bheith an-chúramach nuair atá crainn mar seo á mbaint agus go háirithe nuair a bhíonn sábha slabhracha in úsáid.
Má tá aon cheist agat maidir le leas ainmhithe i rith na drochaimsire, déan teagmháil le do chomhairleoir Teagasc nó glaoigh ar Líne Chabhrach Leas Ainmhithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag:
• uimhir glao sábhála: 0761 064408
• teileafón: 01 6072379
Beidh oifigí poiblí na Roinne i gceantair a bhfuil stádas dearg luaite leo dúnta. Féach ar shuíomh gréasáin Met Éireann chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir leis na ceantair chuí.
Nótaí do na heagarthóirí
Tá feachtas ‘Bí Réidh don Gheimhreadh’ na bliana seo dírithe ar “Ag Fanacht Sábháilte ar an bhFeirm i rith an Gheimhridh”. Dhear agus d’fhorbair an Oifig um Pleanáil Éigeandála, i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, bileog maidir le sábháilteacht feirme. Tá an bhileog seo agus bileoga a bhaineann le feachtais Bí Réidh don Gheimhreadh a ritheadh roimhe seo le fáil ar an suíomh gréasáin winterready.ie.
Seo a leanas príomhchuspóir an fheachtais faisnéise ‘Bí Réidh don Gheimhreadh’:
- Comhairle phraiticiúil a sholáthar maidir le conas is fearr ullmhú don gheimhreadh.
- A chinntiú go bhfuil an pobal airdeallach ar cá bhfuil comhairle agus cúnamh le fáil, má theastaíonn a leithéid, agus
- A chur in iúl don phobal go bhfuil ullmhúcháin á ndéanamh agus go bhfuil socruithe déanta d’fhonn a chinntiú go mbeidh úsáid á baint as freagairt chomhordaithe nuair a tharlaíonn teagmhais drochaimsire.
Trí shuíomh gréasáin speisialta www.winterready.ie, tá comhairle á cur ar fáil ó raon leathan foinsí lena n-áirítear Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údaráis Áitiúla agus soláthraithe iompair.
Áiríodh ar an mbileog Bí Réidh don Gheimhreadh na pointí tábhachtacha seo a leanas a mbaineann tábhacht ar leith leo i gcomhthéacs Stoirm Bharra-
• moltar d’fheirmeoirí a chinntiú go bhfuil a gcuid feirmeacha sábháilte
• ba cheart earraí éadroma a stóráil taobh istigh, agus ba cheart a chinntiú go bhfuil clós na feirme néata
• ba cheart a chinntiú nach bhfuil aon smionagar i ndraenacha uisce agus go bhfuil an sruth éalaithe glan
• ba cheart a chinntiú go bhfuil gach geata crochta i gceart agus go bhfuil úsáid bainte as crochadáin chruach
• ba cheart a chinntiú go bhfuil gach geata dúnta le boltaí nó slabhraí ná bain úsáid as sreangán riamh chun geata a dhúnadh
• cinntigh go bhfuil gach doras crochta ar insí agus go bhfuil ceanglóirí láidre in úsáid chun iad a choinneáil dúnta
• cinntigh go bhfuil gach roinnteoir cró agus bacainn chothaitheach i dtithíocht ainmhithe feistithe i gceart le suitigh chruach
• cinntigh go bhfuil gach doras sleamhnáin crochta i gceart, gur féidir iad a oscailt agus a dhúnadh go héasca agus go bhfuil siad daingnithe in íochtar
• cinntigh go bhfuil gach clais ar fhoirgnimh daingean agus glan
• cinntigh go bhfuil gach leathán dín daingean. Nuair a bhíonn tú ag obair ar fhoirgnimh arda cinntigh go n-úsáideann tú trealamh ardaithe oiriúnach i gcónaí – ná bain úsáid as dréimire riamh díreach roimh an stoirm, cas as an chumhacht leictreach ar fad i seideanna (ní fálta)
• fág innealra in áiteanna foscúla
• b’fhéidir go mbeadh gá le giniúint cumhachta malartaí le haghaidh bleáin nó caidéalú uisce
• sa chás nach mbíonn leathán, doirse nó míreanna eile daingean nó go mbogtar iad i rith Stoirm Bharra, ná déan iarracht aon rud a dheisiú go dtí go mbeidh an stoirm thart. D’fhéadfadh timpiste thromchúiseach tarlú má dhéantar iarracht obair dheisiúcháin a dhéanamh i rith na stoirme. Chomh maith leis sin, ná téigh in aice le línte cumhachta tite mar go bhféadfaidís a bheith beo fós – déan teagmháil le Gréasáin BSL sula dtéann tú in aice le haon línte cumhachta tite
• Bíonn nuashonruithe tréimhsiúla le fáil ar shuíomh gréasáin Met Éireann
• Nasc chuig Comhairle maidir le Sábháilteacht Foraoise