An tAire McConalogue le €35 milliún a infheistiú le linn 2022 i sé ionad iascaigh cuain na hÉireann
- Foilsithe: 4 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 11 Feabhra 2022
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu leithdháileadh de €35m do thionscadail chaipitil in 2022 sna sé Ionad Cuain Iascaigh faoi úinéireacht stáit na hÉireann sna Cealla Beaga, Ros an Mhíl, An Daingean, Baile Chaisleáin Bhéarra, Dún Mór agus Binn Éadair tríd an gClár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta.
Ag fógairt na hinfheistíochta, dúirt an tAire
“Tá na háiseanna inár nIonaid Iascaigh Cuain ríthábhachtach don tionscal bia mara agus tá sé tábhachtach go leanfaimid ag nuachóiriú sna seirbhísí a chuireann siad ar fáil. Léiríonn an infheistíocht mhéadaithe seo tiomantas dáiríre an Rialtais seo do thacaíocht a thabhairt do thionscal na hiascaireachta agus do phobail chósta tuaithe. Tá an infheistíocht mar bhonn agus mar thaca ag an mbéim i bhFís don Bhia 2030 ar thacú le táirgeoirí príomhúla.”

In 2020 tháinig díreach faoi bhun 90% de na héisc go léir a tugadh i dtír in Éirinn chuig na Ionaid Iascaigh Cuain. Sa bhliain chéanna sin, chuir BIM luach €1.069bn ar GDP ar thionscal bia mara na hÉireann.
Táthar ag súil go gcríochnófar dhá phríomhthionscadal, is iad sin an tionscadal i mBinn Éadair (€3m in 2022), síneadh Cé Dhuínse i mBaile Chaisleáin Bhéarra (€7.5m), faoi Chlár 2022. Ina theannta sin, tá €5.5m á leithdháileadh agam chun an tionscadal Smooth Point sna Cealla Beaga a chur chun cinn. Beidh an Ché Domhainmhara ag Ros an Mhíl a fógraíodh le déanaí faoi chuimsiú an Chláir freisin agus tá tairiscint le haghaidh dearadh mionsonraithe don tionscadal seo foilsithe. Tacaíonn an Clár freisin le cothabháil ag Ceann Cléire agus le líon beag céanna, soilse agus rabhcháin timpeall an chósta de réir an Piers, Lights and Beacons Act de chuid Bhord na gCeantar Cúng 1902. Tá roinnt tionscadal beartaithe freisin chun ídiú acmhainní agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú de réir Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Rialtais.

Thug an tAire ar aird an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le tacaíocht a thabhairt don earnáil:
“Le beagnach 3,000 duine fostaithe go díreach san iascach agus 13,500 eile fostaithe go díreach nó go hindíreach ar fud na hearnála bia mara, cuideoidh na hinfheistíochtaí seo le poist atá ann cheana a choinneáil agus soláthróidh siad an scóip chun deiseanna fostaíochta a chruthú. Agus moltaí Thascfhórsa na hEarnála Bia Mara á gcur i bhfeidhm, tá súil agam go léiríonn an fógra seo go bhfuilimid tiomanta do thacú leis an earnáil agus í a fhorbairt le bheith athléimneach sa dúshlán a bhaineann le dul i dtaithí ar thionchar an Bhreatimeachta.”
Tá an maoiniú a chuirtear ar fáil faoin scéim seo sa bhreis ar an €35m maidir le Coigeartú an Bhreatimeachta: Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil 2022/23 a sheol an tAire le déanaí chun tacú le céanna agus cuanta na n-údarás áitiúil.
Nótaí d'Eagarthóirí
Fotheidil Ghrianghraif:
Grianghraf 1: An tAire McConalogue agus Alan Tully (Sisk) ag Cuan Bhinn Éadair
Grianghraf 2: Cuan Bhinn Éadair
Seachadann an Clár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta Gníomh 145 sa Chlár don Rialtas chun “Infheistiú go straitéiseach i mbonneagar cuain chun líon méadaithe iasc a ghabhtar go hinbhuanaithe inár n-uiscí a mhealladh go hÉirinn, ag tiomáint forbairt na hearnála próiseála bia mara agus an gheilleagair ghorm i bpobail chósta.”
Soláthraíonn Tábla 1 (Thíos) sonraí an Chláir Fhorbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta 2021 ina iomláine. Tagann maoiniú don Chlár ó Vóta na Roinne agus ó Chiste an Ionaid Iascaigh Cuain