Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athbhreithniú agus Ionchas Bliantúil na Roinne Talmhaíochta Bia agus Mara Foilsithe do 2021

Is ionann talmhaíocht agus 9% de na honnmhairí go léir, 7% den fhostaíocht iomlán - Athbhreithniú agus Ionchas Bliantúil

• Onnmhairí os cionn €14bn

• Is ionann an earnáil agus 9% d’onnmhairí iomlána

• 163,600 fostaithe san earnáil agraibhia; 7.1% den fhostaíocht iomlán

• Ag onnmhairiú chuig 180 margadh ar fud an domhain

• Mairteoil: 8ú onnmhaireoir is mó mairteola agus laofheola gan chnámha ar domhan

• Déirí: is ionann é agus 36% nó os cionn €5 billiún d’onnmhairí agraibhia

• Caoirigh: bhí meánphraghas caorach in 2020 suas 13% ar 2019

• Muca: Tá onnmhairí feola muice tar éis dúbailt ó 2011

• Éanlaith chlóis: próiseáladh 111.7 milliún éan in 2020, an líon ab airde riamh

• Curaíocht: Cuireadh 13,600 heicteár de bharra próitéine in 2020

D’fhoilsigh an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara a hAthbhreithniú agus Ionchas Bliantúil do 2021. Taispeánann sé, in ainneoin go raibh paindéim dhomhanda ann, gur léirigh an earnáil agraibhia athléimneacht iontach, le honnmhairí agus fostaíocht san earnáil ag tacú le geilleagar réigiúnach cothrom.

Ag trácht dó ar Athbhreithniú agus Ionchas Bliantúil 2021, dúirt an tAire McConalogue,

“Clúdaíonn an tAthbhreithniú agus Ionchas Bliantúil ar Thalmhaíochta, Bia agus Mara 2021 tréimhse nuair a thug an earnáil aghaidh ar dhúshláin dhúbailte - an Breatimeacht agus tionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19. Thug ár bhfeirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí bia chomh maith le próiseálaithe agus onnmhaireoirí aghaidh ar chúrsaí le hathléimneacht iontach. Tá bia ar a mbord ag mhuintir na hÉireann i gcónaí, agus d’fhásamar ár n-earnáil onnmhairithe €14bn le táirgí den scoth a bhí ar fáil do thart ar 180 margadh.

“Bhí an athléimneacht a léirigh ár bhfeirmeoirí agus iascairí, táirgeoirí bia agus próiseálaithe, agus an slabhra dáilte, miondíol san áireamh thar barr. Sílim gur leag an bhliain seo caite béim i ndáiríre ar an gcion ríthábhachtach a dhéanann feirmeoirí agus iascairí, maidir le bia a tháirgeadh, chun ár dtimpeallacht nádúrtha agus tírdhreacha a chosaint, agus chun cur lena ngeilleagar agus lena bpobal áitiúil”.

In ainneoin an chur isteach i gcéim luath na paindéime, mhéadaigh meánioncam feirme teaghlaigh in 2020 9% go €25,663. Sháraigh onnmhairí agraibhia iomlána €14 billiún don dara bliain as a chéile in 2020. Is í an earnáil agraibhia an earnáil onnmhairithe dúchasach is sine agus is mó in Éirinn. In 2020, b'ionann an earnáil agus os cionn 6% de GNI agus 9% d'onnmhairí iomlána i dtéarmaí luacha (ach cion i bhfad níos airde, a mheastar a bheith gar do 40%, d'onnmhairí fiontar faoi úinéireacht na hÉireann).

D’fhostaigh an earnáil agraibhia 163,600 duine nó 7.1% den fhostaíocht iomlán in 2020, agus lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus réigiún an oirthir thoir, soláthraíonn an earnáil idir 10% agus 14% den fhostaíocht. Onnmhairíodh táirgí bia, dí agus agraibhia na hÉireann chuig níos mó ná 180 margadh ar fud an domhain. Is í an Ríocht Aontaithe an comhpháirtí trádála is mó atá againn i gcónaí le 37% de tháirgí agraibhia; ba ionann tíortha eile an AE agus 32%; agus bhí an chuid eile den domhan freagrach as 31% (€4.3 billiún).

Ag níos mó ná €5 billiún, ba ionann táirgí déiríochta agus an t-onnmhaire agraibhia ba mhó, le mairteoil ag €2.3 billiún, feoil eile ag €1.5 billiún agus deochanna ag €1.5 billiún ina dhiaidh sin.

Dúirt an tAire mar fhocal scoir,

“Táim muiníneach go mbeidh na sonraí agus an fhaisnéis a chuimsítear san Athbhreithniú agus Ionchas Bliantúil seo mar bhonn eolais d’anailís agus díospóireacht beartais i rith na bliana seo chugainn. É sin agus muid ag amharc chun tosaigh chuig inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta leanúnach na hearnála agraibhia agus go háirithe agus muid ag cur tús leis an bpróiseas feidhmithe do Fís don Bhia 2030, an straitéis nua páirtithe leasmhara don earnáil, a bhfuil sé mar fhís lárnach aici go mbeach Éire chun tosaigh i gcórais bia inbhuanaithe."

Nótaí d'Eagarthóirí

• Soláthraíonn an tAthbhreithniú agus Ionchas Bliantúil ar Thalmhaíocht, Bia agus Mara 2021 faisnéis agus anailís staitistiúil cothrom le dáta ó fhoinsí éagsúla, chun léargas mionsonraithe a thabhairt ar earnáil agraibhia na hÉireann agus dearcadh don todhchaí. Cuimsíonn foilseachán na bliana seo caibidlí ar an Earnáil Agraibhia agus an Geilleagar; Ioncam agus Struchtúir Feirme; Tráchtearraí agus Ionchuir Talmhaíochta; Foraoiseacht; Iascaigh & Dobharshaothrú; Trádáil na hearnála Agraibhia; Beartas AE agus Idirnáisiúnta; agus an Comhshaol agus Forbairt Tuaithe. Tá sé foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne ag: gov.ie - Athbhreithniú agus Ionchas Bliantúil ar Thalmhaíocht, Bia agus Mara 2021 (www.gov.ie)

• Tá tuilleadh faisnéise ar Fís don Bhia 2030, straitéis nua páirtithe leasmhara don earnáil ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag: gov.ie - Fís don Bhia 2030 - Ceannaire Domhanda i gCórais Bia Inbhuanaithe (www.gov.ie)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat