English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bearta bithshlándála feabhsaithe mar réamhchúram in aghaidh an Fhliú Éanúil Ardphataigineach

D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go dtabharfaí isteach rialacháin faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013 lena cuirtear ar choimeádaithe na dtréada bearta bithshlándála ar leith a chur i bhfeidhm d’éanlaith chlóis agus d’éin cáis mar bheart réamhchúraim i gcoinne an Fhliú Éanúil Fíorphataigineach (FEFP). Tagann na bearta réamhchúraim seo i gcoinne an fhliú éanúil (fliú na n-éan) i bhfeidhm ar an 19 Meán Fómhair 2022.

Ó mhí Iúil na bliana seo i leith, rinneadh os cionn 80 éan fiáin a thástáil ag saotharlanna na Roinne. Deimhníodh beagnach 60 cás an-phataigineach dearfach den fhliú éanúil (FÉFP) seo agus is fochineál H5N1 iad go léir. Go dtí seo, is éanlaith mhara iad uile seachas ceann amháin, lena n-áirítear gainéid i gcontaetha Chorcaí, Chiarraí, Mhaigh Eo, Bhaile Átha Cliath, Dhún na nGall, Lú agus Phort Láirge, fiach dubh amháin i gContae Chiarraí agus foracha amháin i gContae Dhún na nGall. Deimhníonn torthaí tástáil na n-éan fiáin seo go bhfuil víreas an fhliú éanúil ag scaipeadh go forleathan faoi láthair i measc na n-éan fiáin na hÉireann. Cuireann stór seo an ionfhabhtaithe san fhiadhúlra ealtaí na n-éanlaithe clóis againn i mbaol chomh leis an tionscal lena bhaineann, cé nár tharla aon ráigeanna fós in ealtaí an éanlaithe clóis. Tá bearta dianbhithshlándála um theagmháil a chosc idir éin gafa agus éin fhiáine ríthábhachtach chun éanlaith chlóis agus éin gafa eile a chosaint.

Caithfidh gach coimeádaí ealtaí éanlaithe clóis (agus éan gabhála eile), beag beann ar a méid, Rialacháin seo an bhearta ar leith bithshlándála a chur i bhfeidhm chun cabhrú le baol ionfhabhtú na n-éanlaith chlóis aige ón víreas a mhaolú agus, ina theannta sin i gcás na n-ealtaí siúd os cionn 500 éan, tuilleadh beart feabhsaithe na bithshlándála a chur chun feidhme.

Ba chóir do gach úinéir ealtaí éanlaithe clóis aird leanúnach a thabhairt ar aon chomhartha galair ina ealta, dianbhearta bithshlándála a choinneáil agus aon amhras faoi ghalair a thuairisciú chuig Oifig Tréidliachta Réigiúnach na Roinne is gaire dóibh, fiú muna bhfuil ach éan nó dhó aige.

Bhí an fo-chineál HPAI H5N1 freagrach as galair in éin fhiáine agus as ráigeanna in éanlaith chlóis agus in éin gafa i roinnt Ballstát an AE agus sa Bhreatain Mhór. Tá an Roinn ag obair go dlúth lena comhghleacaithe sa Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe i dTuaisceart Éireann (DAERA), le Seirbhísí Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF), leis na Údaráis Áitiúla, leis an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (LFCS)agus leis an FSS maidir leis an bhfliú éanúil.

Cé gur féidir leis an bhfochineál tromchúiseach HPAI H5N1 an ghalair a chur faoi deara in éanlaith chlóis agus in éin eile, tá sé deimhnithe ag an LFCS, nár tuairiscíodh aon ionfhabhtuithe daonna leis an víreas seo san AE agus meastar dá bharr go mbaineann riosca an-íseal leis don duine. Is sábháilte iad éanlaith chlóis agus táirgí éanlaithe clóis, lena n-áirítear uibheacha, le hithe.

Moltar don phobal gan aon éan fiáin breoite nó marbh a láimhseáil agus go dtabharfar tuairisc ar aon eachtra d’éin fhiáin breoite nó marbh don Oifig Tréidliachta Réigiúnach nó go ndéanfar teagmháil ar líne chabhrach galar an RTBM ag 01-4928026. Tá córas luathrabhaidh i bhfeidhm ag Birdwatch Ireland, sé sin, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Géim Réigiúnach maidir le faireachas ar chomharthaí an ghalair in éin fhiáine.

Leanann an Roinn ag déanamh dlúthmhonatóireachta agus measúnaithe ar staid an ghalair agus bíonn sí i dteagmháil rialta le geallsealbhóirí an tionscail.


Le tabhairt faoi deara ag Eagrathóirí:

Siad Na Rialacháin um Fhliú Éanúil (Bearta Bithshlándála) 2022 teideal na nIonstraimí Reachtúla

Tá tuilleadh eolais ar fhliú éanúil le fáil anseo: gov.ie - Avian Influenza (Bird Flu) (www.gov.ie)

I measc na gcomharthaí cliniciúla ar chóir do choimeádaithe éanlaith chlóis a lorg ina gcuid éan, tá cloigeann ata, mílí sa mhuineál agus sa scornach, cailliúint goile, anacair riospráide, buinneach agus níos lú uibheacha a leagan – cé nach mar an gcéanna a leithéid thar speicis na n-éan.

Má tá amhras ort faoi ghalar i d'ealta féin, cuir a leithéid sin in iúl don Oifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire duit nó cuir glaoch ar an Líne Chabhrach don Fhliú Éanúil: 01-6072512 (Lasmuigh d’uaireanta Oifige: 01-4928026).

Má fheiceann tú éin fhiáine marbha ar nós lachain fhiáine, géanna fiáine, ealaí, faoileáin nó éin chreiche, ná déan á láimhseáil. Déan tuairiscigh orthu don Roinn mar atá luaite thuas.

I gcás ina bhfuil an dóthain faisnéis an fhaireachais eipidéimeolaíochta ag an Roinn i limistéir gheografacha ar leith, ní gá go mbaileofar éin mharbha lena dtástáil.

Tá liosta oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a gcuid sonraí teagmhála ar fáil a: http://www.agriculture.gov.ie/contact/