English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bearta Feabhsaithe Bithshlándála Éanlaithe Clóis chun cabhrú le Ráigí d’Fhliú na nÉan a Chosc

H5N1 víreas fhliú na n-éan aimsithe i gclamhán as Co. na Gaillimhe

D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go dtabharfaí isteach rialacháin nua a éilíonn ar choimeádaithe ealtaí bearta bithshlándála ar leith a chur i bhfeidhm d’éanlaith chlóis agus d’éin eile i mbraighdeanas mar bheart réamhchúraim chun cabhrú le ráigeanna den Fhliú Éanúil Ardphataigineach (HPAI) a chosc. Na bearta seo leis an mbaol a bhaineann le fliú na n-éan (fliú éanúil) a laghdú, tagann siad i bhfeidhm Dé hAoine, an 6 Nollaig 2024.

Léiríonn braitheadh víreas fhliú na n-éan H5N1 an tseachtain seo in éan fiáin (clamhán) as Co. na Gaillimhe leibhéal an riosca d’éanlaith chlóis na hÉireann. Le míonna beaga anuas, tá ráigeanna d’fhliú na n-éan in éanlaith chlóis in go leor tíortha ar fud na hEorpa, le dhá chás in éanlaith chlóis i Sasana le cúpla seachtain anuas. Is iomaí teagmhas freisin inar braitheadh víreas fhliú na n-éan in éin fhiáine i dtíortha Eorpacha. Tuairiscíodh éin fhiáine ionfhabhtaithe feadh chóstaí thuaisceart na Fraince, iarthar na Breataine Móire, na hIorua agus na hÍoslainne, á shonrú an baol leanúnach atá ann d’Éirinn. Agus muid ag druidim le tréimhse an gheimhridh, tá méadú suntasach tagtha ar an mbaol ó fhliú na n-éan d’éanlaith chlóis na hÉireann. Tá sé seo amhlaidh mar gheall ar níos mó éin fhiáine a bheith ag teacht ar imirce anseo, agus mar gheall ar an méadú ar mharthanacht an víris ag teochtaí fuara.

Is é an bealach is éifeachtaí chun ráig d’fhliú na n-éan in éanlaith chlóis a chosc ná bithshlándáil dhian. Ciallaíonn sé sin go ndéanfaí gach beart is gá chun aon víreas sa chomhshaol a d’fhéadfadh a bheith scoite ag éin fhiáine ionfhabhtaithe a chosc ó dhul i dteagmháil le héanlaith chlóis nó le héin i mbraighdeanas. Éilíonn an rialachán seo anois ar choimeádaithe éanlaithe clóis agus éan fiáin na bearta bithshlándála seo a chur i bhfeidhm, is bearta a chosnóidh a gcuid ealtaí, a slite beatha agus an tionscal éanlaithe i gcoitinne in Éirinn. I gcás ealtaí ina bhfuil 350 éan nó níos mó, tá gá le tuilleadh bearta feabhsaithe bithshlándála ag úinéirí ealta, de réir mar is iomchuí dá ngabháltais mhóra.

Ba cheart do gach úinéir éanlaithe a bheith airdeallach maidir le haon chomharthaí den ghalar ina n-ealtaí, dianbhearta bithshlándála a choinneáil agus aon amhras faoi ghalair a thuairisciú don Oifig Tréidliachta Réigiúnach is cóngaraí dóibh, fiú mura bhfuil acu ach éan amháin nó dhó.

Moltar don phobal gan éin fhiáine atá breoite nó marbh a láimhseáil agus tuairisc a thabhairt ar aon eachtra d’éin fhiáine atá breoite nó marbh don Oifig Tréidliachta Réigiúnach nó teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach galar RTBM ar 014928026. Leanann an Roinn de mhonatóireacht agus measúnú a dhéanamh go dlúth ar chás an ghalair agus bíonn sí i dteagmháil rialta le páirtithe leasmhara an tionscail.

CRÍOCH

Nótaí

Na Rialacháin um Fhliú Éanúil (Bearta Bithshlándála), 2024, IR 666 de 2024, is teideal do na hIonstraimí Reachtúla.

Tá tuilleadh eolais faoi fhliú na n-éan le fáil anseo: gov.ie - Fliú na nÉan (Fliú Éanúil) (www.gov.ie)

I measc na gcomharthaí cliniciúla ba cheart do choimeádaithe éanlaithe clóis a lorg ina n-éin, tá cloigeann ata, mílí sa mhuineál agus sa scornach, easpa goile, anacair riospráide, buinneach agus níos lú uibheacha á mbreith– cé go n-athraíonn siad sin idir speicis éan.

Má tá amhras ort faoi ghalar i d’ealta féin, cuir é sin in iúl don Oifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire duit nó cuir glaoch ar an Líne Chabhrach d’Fhliú na nÉan: 01 607 2512 (Lasmuigh d’uaireanta Oifige: 01 492 8026).

Má thagann tú ar éin fhiáine mharbha amhail lachain fhiáine, géanna fiáine, ealaí, faoileáin nó éin chreiche, ná láimhseáil na héin. Tuairiscigh don roinn gur tháinig tú orthu mar atá leagtha amach thuas.

I gcás ina bhfuil dóthain faisnéise faireachais eipidéimeolaíochta ag an Roinn i limistéir gheografacha ar leith, ní gá go mbaileofar éin mharbha lena dtástáil.

Tá liosta d’oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus a sonraí teagmhála ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/organisation-information/9dc27-contact-us/