English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bithmhais agus Bithfhuinneamh Nua-aimseartha lonnaithe san Fhoraois, ag Bogadh i dTreo na hAeráidneodrachta – Páipéar COFORD

Tá páipéar nua foilsithe ag Comhairle COFORD, dar teideal “Bithmhais agus Bithfhuinneamh Nua-aimseartha lonnaithe san Fhoraois, ag Bogadh i dTreo na hAeráidneodrachta.”

Cuireann an páipéar seo snas ar shraith níos túisce ráiteas COFORD maidir le ról na bhforaoisí agus táirgí foraoise chun athrú aeráide a mhaolú. Tá sé mar aidhm leis aird a tharraingt ar an ról atá ag bithfhuinneamh nua-aimseartha chun athrú aeráide a mhaolú agus i slándáil an tsoláthair fuinnimh. Leagtar amach ann freisin sraith moltaí maidir le beartais don todhchaí chun tacú le ról leathnaithe na bithmhaise lonnaithe san fhoraois.

Dúirt an Dr Eugene Hendrick, Cathaoirleach Chomhairle COFORD agus príomhúdar an Pháipéir seo:

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair ghrúpa um athrú aeráide COFORD, agus rannchuidiú na n-údar uile chun an tuarascáil seo a tháirgeadh, maidir le soláthar féideartha bithmhaise lonnaithe san fhoraois amach anseo. Tá ról soiléir le himirt ag bithmhais lonnaithe san fhoraois chun an earnáil teasa a dhícharbónú in Éirinn.”

Tá Bithmhais agus Bithfhuinneamh Nua-aimseartha lonnaithe san Fhoraois, ag Bogadh i dTreo na hAeráidneodrachta – Páipéar COFORD ar fáil le híoslódáil ar COFORD.ie