Bronnadh tairiscint ar Farm Relief Services do bhainisteoir cláir na Straitéise um Bainistíocht Fianna
- Foilsithe: 7 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, in éineacht leis an Aire Stáit Dúlra, Oidhreachta agus Bithéagsúlachta, Christopher O’Sullivan TD, fáilte inniu roimh bhronnadh na tairisceana do bhainisteoir cláir na Straitéise um Bainistíocht Fianna ar Farm Relief Services (FRS). Príomh-mholadh de chuid an Ghrúpa Straitéise um Bainistíocht Fianna, a bhfuil Teddy Cashman ina chathaoirleach air, ba ea ceapadh an bhainisteora cláir. Beidh an bainisteoir cláir freagrach freisin as 15 Aonad Bainistíochta Fianna áitiúla a bhunú.
Toradh roinnt míonna oibre a rinne an Grúpa Straitéise um Bainistíocht Fianna is ea é sin. Bhí próiseas críochnúil i gceist le forbairt na tuarascála lena n-áirítear comhairliúchán poiblí, cruinnithe le páirtithe leasmhara agus fochoistí le páirtithe leasmhara as ar bunaíodh sraith moltaí, a chuir an grúpa faoi bhráid na nAirí.
D’fháiltigh an tAire Heydon roimh an nuacht, agus dúirt:
“Maidir leis an talmhaíocht, chomh maith lenár n-éiceachórais nádúrtha, tá sé tábhachtach go dtuigfimid an gá atá le bainistiú inbhuanaithe ár bpobail náisiúnta fianna. Áirítear orthu sin cosaint na bithéagsúlachta, foraoiseacht nua-phlandaithe, féarach agus barra, sábháilteacht ar bhóithre, sláinte ainmhithe, sláinte an phobail, agus go háirithe sláinte agus leas na bhfianna féin.
“Is cloch mhíle thábhachtach é ceapadh bainisteora cláir fianna i mbainistíocht inbhuanaithe ár bpobail fianna náisiúnta. Guím gach rath ar an mbainisteoir cláir ina chuid oibre agus táim ag tnúth le cur i bhfeidhm na straitéise um bainistíocht fianna faoi threoir an Ghrúpa Straitéise um Bainistíocht Fianna”.
Tá an-fhonn ar an Aire Stáit O’Sullivan go gcuirfear tús leis an obair seo chomh luath agus is féidir. Sa mhullach ar an méid a dúirt sé faoi obair an ghrúpa, dúirt an tAire O’Sullivan:
“Tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil an bainisteoir cláir ceaptha. Ó tugadh isteach na hAchtanna um Fhiadhúlra, tá méadú suntasach tagtha ar raon agus ar líon na bhfianna rua, na bhfianna Seapánacha agus na bhfianna buí ar fud na hÉireann. Is brú agus bagairt thromchúiseach é ró-innilt ag fianna anois inár bPáirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra agus do choillearnacha dúchasacha ar fud na tíre, lena n-áirítear na cineálacha coillearnaí Iarscríbhinn I atá liostaithe ar Threoir an AE maidir le Gnáthóga. Mar sin féin, tá léirithe spreagúla ann gur féidir athghiniúint mharthanach a dhéanamh ar speicis dhúchasacha má laghdaítear an brú innilte. Guím gach rath ar an mbainisteoir cláir agus táim ag tnúth le tuilleadh a chloisteáil de réir mar a théann an obair ar aghaidh.
Ag tagairt don tuarascáil deiridh, dúirt an tUasal Cashman:
“Tá lúcháir ar an nGrúpa Straitéise um Bainistíocht Fianna gur bronnadh an tairiscint chun an clár náisiúnta um bainistíocht fianna a bhainistiú ar chuideachta d’ardchaighdeán mar Farm Relief Services. Tá an bainisteoir cláir ríthábhachtach maidir le cur i bhfeidhm mholtaí an Ghrúpa Straitéise um Bainistíocht Fianna agus táim ag tnúth le bheith ag obair le FRS sna blianta atá le teacht chun é seo a thabhairt i gcrích”.
Chuir Ard-Stiúrthóir na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) Niall Ó Donnchú fáilte roimh cheapachán FRS agus dúirt:
“Léiríonn sé seo comhoibriú tras-rannach den scoth idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus NPWS chun seachadadh rathúil na straitéise um bainistíocht fianna a chinntiú. Tá laghdú ar líon na bhfianna go leibhéil inbhuanaithe ar an gceist is tábhachtaí anois in go leor dár gcoillearnacha dúchasacha ar fud na hÉireann. Tá NPWS ag tnúth le bheith ag obair leis an mbainisteoir cláir nuacheaptha tríd an nGrúpa Straitéise Náisiúnta um Bainistíocht Fianna”.
Deireadh
Nótaí d’Eagarthóirí
Is brú agus bagairt thromchúiseach é ró-innilt ag fianna do choillearnacha dúchasacha ar fud na hÉireann, lena n-áirítear na cineálacha coillearnaí Iarscríbhinn I atá liostaithe faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga. Tá dlús fianna i gCill Mhantáin go háirithe, ach freisin i gcodanna de Thiobraid Árann, Phort Láirge, Dhún na nGall agus na Gaillimhe, os cionn leibhéal inbhuanaithe le haghaidh gníomhaíochtaí bainistíochta talún agus ag cur isteach ar fheirmeoireacht, foraoiseacht, caomhnú an dúlra agus bithéagsúlacht.
I mí Mheán Fómhair 2022, cheap an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara ag an am, le tacaíocht ón Aire Stáit Oidhreachta a bhí ann ag an am, Teddy Cashman mar chathaoirleach neamhspleách chun an feachtas a threorú chun fís agus straitéis athnuaite a fhorbairt do bhainistiú fianna fiáine in Éirinn.
Bunaíodh Grúpa Straitéise um Bainistíocht Fianna na hÉireann (IDMSG) le hionadaithe ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra (NPWS) agus Coillte.
Ba é ról IDMSG ná tionscnaimh a fhorbairt chun líon inbhuanaithe fianna a chinntiú agus cuspóirí úinéirí talún a bhaint amach ón mbithéagsúlacht, foraoiseacht, talmhaíocht, sláinte ainmhithe a fhad le sábháilteacht ar bhóithre.
Thug IDMSG faoi rannpháirtíocht dhíreach shuntasach leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir lena n-áirítear foraoiseoirí, feirmeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, caomhnóirí, éiceolaithe, grúpaí ionadaíocha seilge fianna agus sealgairí aonair fianna. Bunaíodh cúig fhochoiste mar thoradh air sin ar cuireadh de chúram orthu breathnú ar shaincheisteanna sonracha a tháinig chun cinn mar chuid den chomhairliúchán poiblí agus de rannpháirtíochtaí éagsúla le páirtithe leasmhara.